D’fhéadfadh go mbeadh an tSaotharlann Taighde Mara i Maínis i gCarna ar an bhfaraor géar breis agus deich mbliana fichead ó shin murach Charlie Haughey. Sheas Ó hEochaidh, a bhí ina Thaoiseach san am, don tsaotharlann nuair a bhí Ollscoil na Gaillimhe ag brath ar chúlú ón stáisiún taighde sliogéisc in iarthar Chonamara.
Ní beag an lorg a d’fhág Ó hEochaidh ar an tír, agus ba mhinic a bhealaí éifeachtach, fiú agus iad neamhghnách, agus b’amhlaidh an scéal i Maínis agus an tsaotharlann taighde i mbaol.
Cé go bhfuil daoine ann a déarfadh nach bhfuil mórán tapa sa tsaotharlann taighde mara anois i gcomparáid leis an gcaoi a raibh sí na chéad bhlianta, tá sí ann fós théis 50 bliain.
Beidh ceiliúradh ar an leathchéad bliain sin ar bun in Ionad Cuimhneacháin na nIimirceach agus Diaspóra na Gaeltachta i gCarna san oíche anocht, an 7 Deireadh Fómhair. ‘Carna 50’ atá baiste ar an ócáid. An tOllamh Frances Fahy, stiúrthóir Institiúid Mháirtín Uí Riain in Ollscoil na Gaillimhe a chuirfidh tús oifigiúil leis an teacht le chéile agus b’fhéidir, de réir scéil, go mbeadh Uachtarán nua na hOllscoile ansin freisin.
Beart láidir a raibh misneach agus fiontraíocht ag baint leis a bhí i mbunú na Saotharlainne i Maínis i 1975. An tOllamh le Míoleolaíocht in Ollscoil na Gaillimhe san am, Pádraig Ó Céidigh, beannacht Dé leis, a chuir cosa faoin iarracht. Chreid seisean go láidir sna buntáistí móra a bhainfeadh le cladach agus farraige in iarthar Chonamara. Ach ní raibh cuid de lucht an Choláiste chomh bíogtha céanna maidir le saothrú na mara leis an gCéideach.
Bhíothas ag siúl ar an tanaí sa Lab i ndeireadh na 1980idí.
Rinne an Céideach, saineolaí mara a raibh cáil air i bhfad agus i ngearr, achainí láidir ar an Taoiseach. Bhí aithne mhaith ag an mbeirt ar a chéile. Scríobh an Céideach mar seo chuig Cathal Ó hEochaidh: “I know you will appreciate the anxiety that the uncertainty over the last number of months is causing both here and at Carna, but most particularly among the staff involved,” arsa an tOllamh Ó Céidigh.
Ní raibh trí lá féin caite nó gur ghníomhaigh an Taoiseach. Cuireadh moladh chun cinn ó Roinn an Taoisigh a thabharfadh an tSaotharlann Taighde Mara ón mbaol ina raibh sí. Moladh go dtabharfaí an ‘Lab’ isteach faoi scáth Fhoras na Mara a bhí le bunú san am sin. Ar an gcaoi sin thiocfadh cuid mhaith d’airgead agus d’acmhainní na Saotharlainne ón earnáil tráchtála. Idir an dá linn, leagadh de dhualgas ar Aire na Mara, Brendan Daly, bord stiúrtha sealadach a chur i bhfeighil na Saotharlainne agus thabharfadh Roinn na Mara £80,000 breise leis an tSaotharlann a choinneáil ag imeacht. Bhain gníomhaíocht seo an Taoisigh geit as Údaráis na hOllscoile agus bhí sé ina theannas idir an tOllamh Ó Céidigh agus Uachtarán an Choláiste, Colm Ó hEocha.
San anonn agus anall a bhí ann tugadh conarthaí nua sealadacha do na hoibrithe i Maínis i gCarna. Ach ní raibh an saol suaimhneach ag na hoibrithe fós agus tarraingíodh an Taoiseach isteach sa scéal arís. Chuir sé Paddy McPhillips ó Roinn na Mara ag obair ar an gcás. Bhí seisean in ann a rá le Charles Haughey, théis a chuid oibre, go raibh imní na n-oibrithe maolaithe – bhíodar buartha faoina gcuid postanna roimhe sin.
Scríobh an Taoiseach chuig Bill Attley, an ceannaire ceardchumainn, ag rá nach raibh aon chúis nach ndéanfaí athnuachan ar chonarthaí na n-oibrithe nuair a thiocfadh deireadh leis na socruithe sealadacha. Bhí na gnóthaí déanta ag Ó hEachaidh i bhfad siar i gConamara.
Taobh amuigh de pholaitíocht na Saotharlainne, glactar leis go forleathan gur ansin a cuireadh tús dháiríre le tionscal na mbradán feilme in Éirinn. Cé nach bhfuil an fás ná an forás tagtha faoin tionscal, tá ceisteanna timpeallachta ann, mar atá i riar tíortha eile, tá creatlach bunaithe agus ag feidhmiú.
Leagadh go leor béime ar an sliogiasc ar a dtugtar an chluas mhara [abalone] agus síolraíodh go maith é sa tSaotharlann, ach is iasc é a bhaineann leis na críocha teo agus ní fheileann uiscí na hÉireann dó.
Bhí an bua a bhí ag Ken Maher agus Keelan Doyle i gcomórtas fiontraíochta na hÉireann scór blianta ó shin, nuair a síolraíodh agus a cothaíodh an each mara ansin ar cheann de na buaicphointí a bhí ag an tSaotharlann.
Gheall Údarás na Gaeltachta €4 milliún airgead forbartha don Ionad scór blianta ó shin ach dúradh níos deireanaí nach bhféadfaí é a chaitheamh mar nach raibh an tÚdarás agus an Ollscoil in ann a theacht ar shocrú faoi chúrsaí talún. B’ait an scéal é.
Tá Meamram Comhoibrithe socraithe anois idir an Ollscoil agus Údarás na Gaeltachta agus pleananna ann arís le borradh a chur faoin obair ar láthair na saotharlainne. Bhí an gnó déanta ag Ó hEochaidh.
Fág freagra ar 'Carna 50 – bhí Charlie Haughey ann in am an ghátair'