Bhí a gcéad chruinnithe parlaiminte tar éis an olltoghcháin ag na trí pháirtí is mó sa Dáil inniu, comhartha go bhfuil tús á chur leis an idirbheartaíocht faoin gcéad chomhrialtas eile a bheidh i bhfeidhm sa tír.
Fianna Fáil a bheidh ar an bpáirtí is mó sa gcéad Dáil eile agus 46 suíochán buaite ag iarrthóirí dá gcuid agus dúirt ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, i ndiaidh a gcruinnithe inniu go gcaithfí toradh an olltoghcháin agus an “líon suntasach” suíochán a bhuaigh Fianna Fáil a léiriú i leagan amach an chéad rialtais eile.
“Ar deireadh thiar, caithfear é sin [an rath a bhí ar an bpáirtí ó thaobh líon na suíochán] a léiriú sa leagan amach, sna polasaithe agus sa struchtúr a bheidh ar an rialtas,” a dúirt an Tánaiste Micheál Martin.
An chaint atá ann ná go bhfuil páirtí Fhine Gael ag éileamh gur réamhchoinníoll acusan sna cainteanna comhrialtais go mbeadh oifig an Taoisigh á malartú ar a seal ag an dá pháirtí d’ainneoin 10 dTeachta níos lú a bheith ag Fine Gael ná Fianna Fáil.
An 18 Nollaig atá rún ag an 34ú Dáil teacht le chéile den chéad uair ach cé gur dóigh go gcuirfear tús le cainteanna, dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin nach gcuirfear aon Rialtas le chéile go dtí an athbhliain.
Dúirt Micheál Martin go raibh sé i dteagmháil le ceannaire Fhine Gael Simon Harris cheana féin ach nach raibh an obair ach ina tús agus gur dóigh go ndéanfaí tuilleadh plé agus an bheirt le freastal ar chruinniú de Chomhairle na Breataine-na hÉireann an tseachtain seo.
Tá údarás tugtha ag Martin do Jack Chambers ceannas a thógáil ar an idirbheartaíocht thar ceann Fhianna Fáil. Helen McEntee atá ceaptha ag Simon Harris d’Fhine Gael.
Theastódh beirt eile ó Fhine Gael agus Fianna Fáil, a bhfuil 86 Teachta acu eatarthu, le tromlach a bheith acu. Fágann líon na dTeachtaí acusan gur deacair aon dream eile a fheiceáil a d’fhéadfadh rialtas a sholáthar.
Más le Fianna Fáil agus Fine Gael a bheith ar ais i Rialtas, ní bheidh tromlach acu go dtí go bhfaighidh siad tacaíocht ó theachtaí neamhspleácha nó ó cheann nó péire de na páirtithe sa Dáil atá níos lú ná iad féin.
Tuairiscítear gurbh fhearr le Fianna Fáil agus Fine Gael comhrialtas a chur le chéile i gcomhar le Teachtaí neamhspleácha seachas le Páirtí an Lucht Oibre a bhfuil 11 Teachta Dála acu anois.
Tá amhras léirithe ag baill de chuid Pháirtí an Lucht Oibre agus na Daonlathaithe Sóisialta maidir le dul isteach i gcomhrialtas le Fianna Fáil agus Fine Gael ach dúirt Simon Harris nach raibh suim aigesean labhairt ach le daoine a raibh suim acu a bheith i rialtas.
“Tá pointí déanta ag Páirtí an Lucht Oibre agus ag na Daonlathaithe Sóisialta a dtagaimse leo,” a dúirt sé..
“Ach feicim freisin go bhfuil caint go leor ann faoi dhaoine nach dteastaíonn uathu a bheith páirteach i gcainteanna Rialtais.
“Is mó suim atá agamsa labhairt leosan a bhfuil fonn orthu labhairt faoi Rialtas a chur le chéile. Tá sé tábhachtach nach mbeadh muid ag moilleadóireacht faoin gcúram seo anois, agus go ndéanfadh muid é ar bhealach stuama agus go dtiocfadh muid ar chomhaontas a bheadh bunaithe ar mheas ar a chéile agus ar an gcomhionannas. Is prionsabail thábhachtacha iad sin.”
Agus í ag labhairt roimh chruinniú de chuid Shinn Féin, dúirt Mary Lou McDonald go gcuirfeadh sí comhairle ar Pháirtí an Lucht Oibre agus na Daonlathaithe Sóisialta gan dul isteach i gcomhrialtas le Fianna Fáil agus Fine Gael.
“Ní theastaíonn cúig bliana eile uainn den sórt atá feicthe againn. Sin í mo chomhairle-se dóibh. Scéal eile ar fad é an dtabharfaidh siad aon aird ar mo chomhairle nó nach dtabharfaidh.”
“Ní dea-chleachtas ag Micheál Martin neamhaird ar fad a dhéanamh ar Shinn Féin. Ní chuireann sé isteach ná amach orainne, geallaim duit, ach céard faoi na céadta míle duine a vótáil don pháirtí seo, a thacaíonn leis an bpáirtí seo, agus a dteastaíonn uathu go rachadh an páirtí seo i mbun oibre.
“Is go han-dona a thaitníonn cur chuige Mhicheál Martin leosan agus ba chóir dó sin a thuiscint,”a dúirt ceannaire Shinn Féin.
Mar sin féin, dúirt McDonald go rachadh sí i dteagmháil le Micheál Martin mar gur polasaí de chuid Shinn Féin a bhí ann labhairt le gach duine.
De bharr athbhreithniú a rinne an Coimisiún Toghcháin anuraidh, cinneadh ceathrar déag Teachtaí Dála breise a cheapadh i nDáil Éireann le teacht leis an ardú ar an daonra. Beidh 174 Teachta sa gcéad Dáil eile agus teastóidh 88 TD le comhrialtas a chur le chéile.
Fágann sin go mbeadh 92 Teachta Dála ar a laghad ag teastáil ionas go mbeadh tromlach teann ag an rialtas a bheadh in ann seasamh sa gcás go dtarlódh aon tréigean nó laghdú.
An chaint atá ann ná go bhfuil páirtí Fhine Gael ag éileamh mar réamhchoinníoll dá gcuid sna cainteanna comhrialtais go mbeadh oifig an Taoisigh á malartú ar a seal ag an dá pháirtí d’ainneoin 10 dTeachta níos lú a bheith ag Fine Gael ná Fianna Fáil.
Meastar dá réir go leanfar an uainíocht in oifig an Taoisigh a bhí againn sa Rialtas deiridh agus go mbeadh cothromaíocht cuid mhaith eatarthu sa Rialtas ó thaobh cúraimí aireachta.
Ní haon údar iontais a bheadh ann dá mbeadh Teachtaí Dála Fhianna Fáil ag áitiú gur chóir brabach níos fearr a bheith acusan sa roinnt, ó tharla iad deichniúr níos tréine.
Lárnach san idirbheartaíocht chrua, beidh ceapachán Ceann Comhairle agus an chéad duine eile a ainmneofar don Choimisiún Eorpach.
Fág freagra ar '‘Caithfear rath Fhianna Fáil san olltoghchán a léiriú sa gcéad rialtas eile’ – Micheál Martin'