Cáineadh déanta ar ‘chúngaigeantacht’ Fhianna Fáil maidir le Scéim Labhairt na Gaeilge

Tá Sinn Féin ag moladh Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais 'gan a thuilleadh moille'

Cáineadh déanta ar ‘chúngaigeantacht’ Fhianna Fáil maidir le Scéim Labhairt na Gaeilge

Tá cáineadh déanta ag Sinn Féin ar dhiúltú an rialtais Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais.

Deir an páirtí is mó sa bhfreasúra go léiríonn na figiúirí maidir le líon na dteaghlach atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa nGaeltacht go bhfuil teipthe ar an rialtas an teanga a chur chun cinn sna ceantair sin.

Tá Sinn Féin ag moladh Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais “gan a thuilleadh moille”.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc nach raibh sé i gceist an scéim a thabhairt ar ais in ainneoin éilimh ón eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta go ndéanfaí an beart a fhiosrú.

Léirigh taighde de chuid Thuismitheoirí na Gaeltachta nach bhfuil ach 15% de theaghlaigh sa nGaeltacht ag tógáil a gclann le Gaeilge agus gur tháinig laghdú suntasach ar chéatadán na ngasúr idir 3-18 bliana d’aois sa nGaeltacht a bhfuil an teanga acu.

“Tá an tAire Calleary den tuairim go bhfuil go leor déanta cheana féin chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta in ainneoin na fianaise go léir go bhfuil teipthe go mór ar na hiarrachtaí seo,” a dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh.

“Is cosúil go bhfuil Fianna Fáil níos cúngaigeanta fiú ná Fine Gael faoin ábhar seo, agus iarAire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan tar éis Scéim Labhairt na Gaeilge a phlé mar réiteach féideartha dhá bhliain ó shin, ach fós féin níor léirigh O’Donovan mórán spéise ach oiread i réiteach a chur i gcrích.”

Dúirt O’Donovan in 2023 go raibh sé ag breathnú ar an scéim a thabhairt ar ais agus chuaigh an Roinn i dteagmháil le heagraíochtaí teanga chun a dtuairimí a fháil ach ní raibh aon toradh ar na cainteanna.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh go raibh €2 milliún curtha ar leataobh ag Sinn Féin ina bhuiséad malartach chun íocaíocht €500 in aghaidh gach páiste atá á thógáil le Gaeilge a thabhairt do theaghlaigh Ghaeltachta.

Méadú beagnach a dhá oiread é sin ón deontas €260 a bhí á íoc le teaghlaigh sular cuireadh deireadh leis an scéim in 2011.

Dúirt Ó Snodaigh go raibh teaghlaigh “á mbrú ón nGaeltacht” ag “drochpholasaithe Fhianna Fáil agus Fhine Gael agus go mbeadh “dochar as cuimse déanta dár dtobar teanga” mura dtiocfadh athrú ar an scéal.

Fág freagra ar 'Cáineadh déanta ar ‘chúngaigeantacht’ Fhianna Fáil maidir le Scéim Labhairt na Gaeilge'