Cáineadh déanta ag Bord Fhoras na Gaeilge ar chur chuige an Rialtais i leith na teanga

Tá Foras na Gaeilge chun scríobh go dtí an tAire Oideachais chun a n-imní a chur in iúl di faoin bplean leathuair a chloig a ghearradh den mhéid ama a chaitear ag múineadh na Gaeilge sa bhunscoil

Cáineadh déanta ag Bord Fhoras na Gaeilge ar chur chuige an Rialtais i leith na teanga

Tá cáineadh géar déanta ag Cathaoirleach agus Bord Fhoras na Gaeilge ar ghnéithe éagsúla de pholasaí teanga an Rialtais.

Tá an Foras chun scríobh go dtí an tAire Oideachais chun a n-imní a chur in iúl di faoin bplean leathuair an chloig a ghearradh den mhéid ama a chaitear ag múineadh na Gaeilge sa bhunscoil.

I ráiteas a cuireadh amach tráthnóna, chuir Bord an Fhorais a n-imní in iúl faoi ghnéithe éagsúla de pholasaí teanga an Rialtais.

Mar a tuairiscíodh an tseachtain seo caite, tá an líon ama a chaitear ar mhúineadh na Gaeilge i bhformhór mór na mbunscoileanna sa tír le laghdú 30 nóiméad in aghaidh na seachtaine.

Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin, go bhfuil “géarghá le cur chuige “comhtháite ón Rialtas i leith na Gaeilge”.

Bhí a leithéid ag teastáil “chun úsáid, réim agus stádas na Gaeilge a neartú sa tsochaí”, a dúirt sí.

Dúirt an Cathaoirleach go raibh an Rialtas “ar láimh amháin ag iarraidh go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí inniúil ar an nGaeilge faoi 2030, agus ar an láimh eile, gurb amhlaidh a bheadh laghdú ar líon na n-uaireanta teagmhála leis an teanga ag daltaí”.

Tá líon na n-uaireanta teagaisc don Ghaeilge le laghdú faoin gcuraclam nua bunscoile atá le tabhairt isteach. Faoin gcuraclam nua múinfear teanga eile, chomh maith leis an nGaeilge agus an Béarla, do dhaltaí Rang 3-6 agus caithfear níos mó ama ag múineadh eolaíochta, teicneolaíochta agus innealtóireachta.

Ag cruinniú de Bhord an Fhorais i mBéal Feirste Dé hAoine seo caite, d’fháiltigh na comhaltaí roimh an scéala go mbeadh an tríú teanga á foghlaim sa bhunscoil, ach dúradh nár chóir go mbeadh an ceart atá ag páistí cur lena gcumas sa Ghaeilge thíos leis.

Dúradh gur ábhar imní é nár chuir an Rialtas san áireamh an lorg a d’fhágfadh na hathruithe sa bhunscoil ar pholasaithe teanga eile, go háirithe sprioc an Rialtais gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% d’earcaithe nua na seirbhíse poiblí faoi 2030.

Léirigh Bord Fhoras na Gaeilge a n-imní arís faoi líon na ndíolúintí ó fhoghlaim na Gaeilge a bhíonn á gceadú. Dúradh nach raibh polasaí dá leithéid “le fáil i dtír ar bith eile maidir le foghlaim i dteanga an Stáit”.

Léiríodh imní freisin faoina laghad “dul chun cinn” a bhí déanta ar fhorbairt na Foghlama Comhtháite Ábhar agus Teangacha (CLIL). Dúradh nach bhfuil an Comhchreat Tagartha Eorpach do Theangacha in úsáid ag an Roinn Oideachais sna meánscoileanna agus sna hinstitiúidí oiliúna múinteoirí “in ainneoin sin a bheith molta ag an iliomad saineolaithe agus taighde”.

Fág freagra ar 'Cáineadh déanta ag Bord Fhoras na Gaeilge ar chur chuige an Rialtais i leith na teanga'