Cad chuige an díth idir uaillmhian an údair agus anam úrscéal nua Choilm Tóibín?

Tá ceann de na heachtraí is uafásaí as an mhiotaseolaíocht Ghréagach roghnaithe ag Colm Tóibín dá úrscéal nua

Cad chuige an díth idir uaillmhian an údair agus anam úrscéal nua Choilm Tóibín?

Tá spéis mhór ag glúin áirithe de chuid scríbhneoirí Béarla na hÉireann i miotaseolaíocht na Gréige. Tharraing file mór Béarla na hÉireann, Seamus Heaney, as an tobar sin lena dhráma, The Cure of Troy. (Bhí mise i láthair nuair a léiríodh an dráma den chéad uair i mBéal Feirste sa bhliain 1990.)

Bhain an file mór Béarla eile, Michael Longley, feidhm ealaíonta as an traidisiún chéanna teanga lena dhán, Ceasefire, dán a scríobhadh le comóradh a dhéanamh ar shos comhraic an IRA agus a foilsíodh sa bhliain 1994:

‘I get down on my knees and do what must be done
And kiss Achilles’ hand, the killer of my son.’

B’fhéidir, mar sin, nach ábhar iontais é go bhfuil úrscéalaí mór an Bhéarla, Colm Tóibín, i ndiaidh tarraingt as tobar finscéalaíochta na Gréige ina úrscéal nua, House of Names (Penguin), fosta. Is dócha go bhfuil cúpla bua mór ag an mhiotaseolaíocht chéanna: is de dhlúth agus d’inneach litríocht an Iarthair na scéalta seo (bhuel, ag meánaicme liteartha na hollscoile cibé ar bith) agus tugann siad deis don scríbhneoir casadh a bhaint astu le himeachtaí polaitíochta agus cultúrtha na linne seo a phlé.

Nó sin an tuairim agus an teoiric.

Athinsint agus athmhúnlú atá i gceist le House of Names i gcás Thóibín. Roghnaíonn sé ceann de na heachtraí is uafásaí as an mhiotaseolaíocht Ghréagach – íobairt Iphigenia – agus cumann scéal dá chuid féin as cnámha an chailín óig agus a muintir. A hathair féin, Agaiméamnón, a chuireann Iphigenia chun báis, mar chúiteamh do dhia a mhaslaigh sé. Is i ndiaidh a báis a chuirtear an ghaoth i seolta a chuid bád agus bogann sé anonn go Traí agus cathanna eile. Ní gá a rá go gcuireann íobairt Iphigenia a máthair, Cliotaeimnéistre, ar mire le fearg agus cothaíonn fonn díoltais ina croí istigh.

Tá carachtair an scéil bhunaidh – Cliotaeimnéistre, Oraistéas, Éileictre agus eile – i leagan Thóibín, iad ag caint linn, a gcuid mothúchán á gcur i láthair, á scrúdú. Ábhar maith scéil, mar sin, scéal lán feille, lán sainte, lán feirge agus leabhar maith, mar sin?

Bhuel, sea, shílfeá sin. Ach ní fíor. Ní aimsíonn an scéal an sprioc. Ní chuireann Tóibín le héifeacht an bhunscéil ach baineann de. Cad chuige an díth idir uaillmhian an údair agus anam an úrscéil? Seans go bhfuil an scéal bunaidh féin róláidir, rófhoirfe, le gur féidir leis é a lúbadh de réir a thola féin.

Luaigh mé Heaney agus a dhráma. Bhuel, níor éirigh leis sin ach an oiread. Bhí a gcuid línte ar eolas ag na haisteoirí; léiríodh an dráma go proifisiúnta agus bhí toil an lucht féachana leis agus le Heaney. (Bhí sé féin i láthair.) Mar sin féin, bhí splanc ar iarraidh sa rud ar fad; níor tháinig an t-aistriúchán nó an t-asamhlú nó an t-athchruthú slán.

Ní thiocfadh liom gan smaoineamh ar Heaney agus úrscéal Thóibín á léamh agam. Ag gach carachtar a chaibidil féin, ag gach aon charachtar an deis le hiad féin a chur inár láthair, le rún a gcroí a chur romhainn. Ach tá an insint ar fad leamh, fuar in ainneoin an ábhair; ní éiríonn leis an Bhéarla sceimhle an uafáis a dhingeadh i gcliabh an léitheora: ‘I do not know who told Iphigenia that she was not to be married but was to be sacrificed. I do not know who informed her that she was not to have Achilles as her husband, but she was rather to have her throat bloodied by a sharp, thin knife in the open air as many spectators, including her own father, gaped at her, and figures appointed for this purpose chanted supplications to the gods.’

An bhfuil sé róbheadaí a rá gur réamhrá an mhúinteora roimh an rang atá ansin, an míniú ar an teagasc féin, agus ní prós samhlaíoch úrscéalaí agus é ag déanamh a anama?

Lena chois sin, tá an Béarla spadánta. ‘Blooded’? Nach gearrtha atá i gceist, severed, cut? ‘Sharp, thin knife’? Nár leor ‘scian’ féin? “Spectators”? Nach saighdiúirí atá i gceist le harm Agaiméamnóin? ‘Figures appointed for this purpose’. Nach ‘cléir’ atá i gceist ansin agus nach focal é sin a chuirfeadh brí bhreise leis an ócáid? Searmanas reiligiúnda atá ann.

An raibh eagla ar Thóibín go raibh air an scéal a insint do ghlúin léitheoirí nach bhfuil chomh heolach ar an ábhar agus atá sé féin? Seans mór agus cé a thógfadh air é? Samhlaím roinnt daoine óga ag léamh an scéil agus á rá leo féin go bhfuil Tóibín ag goid ábhair ó George R. R. Martin agus Cluiche na Corónach nó bhain Martin úsáid as an eachtra ach gur dódh an iníon bhocht chun báis.

Fág freagra ar 'Cad chuige an díth idir uaillmhian an údair agus anam úrscéal nua Choilm Tóibín?'

  • Éadóchasach

    ‘Déantar trácht chomh maith i ráiteas Chois Life ar an easpa léirmheastóireachta a dhéantar ar leabhair Ghaeilge agus ar na fadhbanna a bhaineann le dáileadh leabhar Gaeilge agus le poiblíocht a fháil dóibh.’

    Seo daoibh sliocht beag ó alt a foilsíodh ar an suíomh so maidir le dúnadh Chois Life. Feictear dom go dtugann sé ábhar machnaimh dúinn go léir atá fiosrach fé líon na léirmheasanna ar leabhair Bhéarla a bhíonn le léamh ar Thuairisc.ie.

    B’fhéidir gur mhaith le Pól Ó Muirí an léamh a bheadh aige ar scéal dhúnadh Chois Life a roinnt linn, nó an bhfuil léirmheas ar leabhar Béarla eile ar na bacáin aige?