‘Buena sera’ – leis an mbeannú muinteartha san a chuir an domhan mór aithne ar Jorge Bergoglio mar Phápa nuathofa ar an 13 Márta 2013.
Ba mhór idir é agus an fógra sollúnta mórchúiseach, meánaoiseach Laidine, ó Rúnaí Stáit na Vatacáine: ‘Annuntio vobis gaudium magnum. Habemus Papam (Fógraím cúis mhór lúcháire daoibh. Tá Pápa againn’).
Tháinig fear beag gealgháireach téagartha ar an mbalcóin ansin.
Airgintíneach de bhunadh na n-imirceach; dealramh aige leis an bPápa Eoin XXIII, agus a dhalta sin, in ainm is a bheith ina fhear ionaid sealadach, ach a bhain croitheadh as Institiúid na hEaglaise ar an gcuma chéanna.
Leis an mbeannú simplí sin aige agus a ionannú le Eoin XXIII na hAthbheochana, thug sé le fios go raibh sé i dtiúin le spiorad na linne agus é i gceist aige éisteacht agus bheith istigh a thabhairt do phobal Dé i gcoitinne.
Roimhe seo ní raibh an dara rogha againn ach broic le briathra na Róimhe – Roma locuta causa finita (Tá an Róimh tar éis labhairt agus sin sin).
Anois bhí an uile ní athraithe: nuair nár fíoraíodh fáistiní Dara Comhairle na Vatacáine, fágadh faoin bpobal a n-iomairí féin a threabhadh in ainneoin thiarnúlacht na hEaglaise i gcúrsaí morálta, sóisialta, oideachais agus eile; ní bheadh éifeacht feasta le deachtóireacht ex cathedra ná lámh láidir an Stáit ná na hEaglaise.
Bhí bá againne mar chine leis an Airgintíneach Bergoglio a roghnaigh ‘Proinsias’ mar ainm dó féin ó thosach. Tar éis an tsaoil, murach Proinsiasaigh na Lováine sa 17ú haois ní bheadh Annála Ríochta Éireann againn, ná Lá Fhéile Pádraig ná mórán eile dár n-oidhreacht stairiúil.
Go deimhin, níos faide siar fós, maíonn an scoláire Robin Flower go raibh tús áite ag manaigh na luatheaglaise in Éirinn i gceiliúradh áilleacht na timpeallachta, an aigne éiceolaíocht as ar fáisceadh imlitir an Phápa Proinsias, Laudato Sí, faoinár ndualgas i leith ár mbaile coiteann. Tá chomh maith go bhfuil cosúlachtaí idir cúlra staire Bergoglio agus ár gcúlra staire féin, mar atá: imirce, bochtanas, deachtóireacht, brúidiúlacht.
Duine mórchroíoch, seachas ardaigeanta ab ea é; homo ludens [fear grinn] seachas homo sapiens [fear léinn], a thuigfeadh comhairle an Ríordánaigh a dúirt:
…má chastar oraibh fear léinn sa tslí
bhur rún ná ligíg leis…
agus do na manaigh Éireannacha a dúirt:
Mór an dua, beag tairbhe,
a leanann dul chun na Róimhe
Muna dtugann tú leat ó bhaile é
Ní bhfaighidh tú romhat ann Dia na Glóire.
nó:
Sagairt óir is cailís chrainn
a bhí in Éirinn tráth
Sagairt adhmaid is cailís óir
atá anois ann lenár linn.
Cé eile a thabharfadh cuireadh faoi leith do leithéidí Tommy Tiernan, Ardal O’Hanlon agus Patrick Kielty chun na Vatacáine, ach an té a bhí ag iarraidh an seanchóras a leagadh chun talún agus d’ath-thógaint ó bhonn?
Ó thosach, dála Naomh Proinsias féin, thug sé droim láimhe do phoimp agus do ghalamaisíocht Chúirt na Vatacáine: dhiúltaigh sé d’fháinne an Phápa; do na bróga dearga; don mbríste bán; don limousine; don tseanmóin fhada Laidine a tugadh dó le léamh ag a chéad Aifreann sa Séipéilín Sistíneach; dhiúltaigh don árasán pápúil agus roghnaigh cur faoi i Teach Naomh Márta.
An lá dár gcionn chuir sé chuige a shéala a fhágaint ar a sheirbhís mar Phápa: d’imigh sé féin lena bhille lóistín sa Róimh a ghlanadh; agus go luath ina dhiaidh sin chuaigh sé ar thuras farraige go hOileán Lampadusa chun taobhú leis na hinimircigh.
Má bhí súil ag lucht an fhreasúra sa Curia (Státseirbhís na Vatacáine) agus i gColáiste na gCairdinéal, nach raibh anseo ach fás aon oíche agus nárbh fhada a sheasódh an réabadóir reilige seo, bhí breall orthu.
Thosnaigh sé ar an ngortghlanadh láithreach agus chuir trí thréadlitir de a chuir tine le tóin lucht an status quo, mar atá: Evangelii Gaudium (Gairdeas an tSoiscéil), 2013, ar fhorógra an tsoiscéil i ndomhan an lae inniu; Laudato Si, 2015, ar ár bhfreagracht i leith ár mbaile coiteann; agus Laetitia Amoris (Lúcháir an Ghrá) 2015, mar d’fhéach sé leis an díomá a lean de Humanae Vitae, 1968, timpeall ar an gcaidreamh collaí a chur ina cheart.
Ná níor leor leis an bPápa Proinsias leasuithe a mholadh ó bhéal ná i scríbhinn. Ba mhaith mar a thuig sé go mb’fhearr lena fhreasúra san Eaglais go mbeadh carnán trodán faoi ualach deannaigh inár ndiaidh in oifigí Stáit (na Vatacáine).
Ar an ábhar sin, chuir sé chuige teacht rompu. Ina bheathaisnéis, Dóchas (2024), míníonn sé go raibh sé i gceist ar dtús nach bhfoilseofaí é go dtí tar éis bháis dó, ach ar chúiseanna áirithe bhí sé á fhoilsiú anois.
Mar le rud de, theastaigh uaidh go gcuirfí os comhair an tsaoil na socruithe sochraide agus adhlactha a bhí déanta aige, ar eagla na heagla; agus chuir sé tús le próiseas an tSionaid, mar a dtugtar guth do gach paróisteánach caitliceach ar fud an domhain. Ina aitheasc clabhsúir don Sionad d’fhógair sé gur próiseas leanúnach oscailte a bhí ann, chun go mbeadh deis ag eite leasaithe na hEaglaise leanúint dá bhfeachtais maidir le ról na mban san Eaglais agus ba sácráilte eile atá fós le chur thar Rubicon na Róimhe.
Más patuar a bhí agus atá ár gcliarlathas féin faoin Sionaid, agus is ea, dar liom, bíodh san ina ábhar spreagtha againn, faoi mar a bhí ag Bergoglio, fear gnímh ó thús deireadh; laoch na ceannaireachta (na ceannairce?),agus na cothromaíochta, a thug aghaidh go cróga os comhair an tsaoil, aimsir na Cásca, ar an ród a bhí roimhe agus d’imigh le searc na laoch don gcill. Go gcuítí Dia a shaothar ar ár sonsa leis.
Fág freagra ar 'Cad a dhéanfaimid feasta gan ár bPápa Proinsias?'