‘Cá gcailleamar an ceart daonlathach sin maireachtaint inár mbaile beag féin?’ – agóid Ghaeltachta ag Teach Laighean

Beidh agóid lasmuigh de Theach Laighean inniu chun aird a tharraingt ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht agus deir lucht a heagraithe go bhfuil an Ghaeilge ‘á tachtadh’ sa Ghaeltacht

‘Cá gcailleamar an ceart daonlathach sin maireachtaint inár mbaile beag féin?’ – agóid Ghaeltachta ag Teach Laighean

Beidh lucht feachtais ag agóid taobh amuigh de Theach Laighean ag am lóin inniu chun aird a tharraingt ar an ngéarchéim thithíochta sna ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre.

Tá teacht le chéile lasmuigh de Dáil á eagrú ag an ngrúpa Todhchaí na Tuaithe agus é i gceist acu bualadh le polaiteoirí chun na deacrachtaí a deir siad a bhíonn ag muintir na Gaeltachta, daoine óga go háirithe, cead pleanála a fháil chun tithe a thógáil ina gceantair féin.

Reáchtálfar an agóid ag am lóin inniu taobh amuigh de gheataí Theach Laighean.

“Caithfimid seasamh ar son an ghlúin óg atá ag teacht,” a dúirt an ceoltóir aitheanta Breanndán Ó Beaglaoich, duine de bhaill bhunaithe Thodhchaí na Tuaithe.

Agus é ag labhairt ar an gclár An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Ó Beaglaoich go bhfuil an ceart atá ag óige na Gaeltachta teach dá gcuid féin a thógáil ina gceantar féin á cheilt orthu.

Dúirt sé nach ceart a bhí ann níos mó, ach “pribhléid” agus go raibh daoine “ag fulaingt” dá bharr.

“Tá ceathrar clainne agamsa… agus níl cead acu maireachtaint in aice liom. Mhair mo shin-seanmhuintir, mo sheanmhuintir, m’athair is máthair agus mé fhéin anseo. Is é seo an chéad ghlúin go bhfuil stop curtha leo.

“N’fheadar cá gcailleamar an ceart daonlathach sin maireachtaint inár mbaile beag féin? Ceart a bheith againn tigh a bheith againn féin. Ba é ár gceart tamall tigh a bheith againn. Ní hé ár gceart é a thuilleadh, pribhléid é tigh a bheith agat anois.”

Mheas Ó Beaglaoich go bhfuil na rialacha pleanála, mar atá siad á gcur i bhfeidhm i láthair na huaire, ag “tachtadh” na Gaeilge agus chultúr na Gaeltachta.

“Tagann turasóirí anseo ar mhaithe leis an nGaelainn, leis an gceol agus leis an dteanga agus táid á thachtadh sin. Tá dualgas ar an Rialtas seasamh leis an nGaelainn ach ní dóigh liom go dtuigeann siad an tachtadh atá á dhéanamh acu uirthi san áit a labhartar go nádúrtha í.”

Dúirt Ó Beaglaoich nach raibh cothrom na Féinne á fháil ag muintir na Gaeltachta ná ag muintir na tuaithe i dtaobh chúrsaí pleanála agus go raibh polasaithe na gComhairlí Contae lochtach.

“Tá siad ag cur an locht orainn toisc na dearúidí a chuireadar i bhfeidhm orainn.”

Dúirt Ó Beaglaoich go raibh teachtaireacht faighte acu go raibh scata Teachtaí Dála sásta bualadh leo chun an scéal a phlé, go reáchtálfaí agóid eile i mBaile Átha Cliath amach anseo agus go rachfaí níos faide leis an scéal, más gá.

“Tá sé i gceist againn ina dhiaidh seo dul chun na hEorpa, chuig an Bhruiséil nó Strasbourg,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Cá gcailleamar an ceart daonlathach sin maireachtaint inár mbaile beag féin?’ – agóid Ghaeltachta ag Teach Laighean'

  • Colmcille Ó Monacháin

    Ní bheidh mé ábalta bheith ann. Tacaím leo.