Cá bhfuil an ghaoth anois? Ceist thábhachtach í ar muir agus ar tír

Tá carraigeacha na Sceirde suite i gceartlár an limistéir farraige is mó a raibh muinín as mar áit cheart chóiriúil le haghaidh tionscail éifeachtach fuinnimh gaoithe a lonnú ann

Cá bhfuil an ghaoth anois? Ceist thábhachtach í ar muir agus ar tír

Cá bhfuil an ghaoth? Ceist í sin a bhíodh á cur go minic sa bpobal tuaithe in Éirinn, idir lucht na mara agus dream na talún. Ba cheist thábhachtach í ar muir, agus ar tír. Thabharfadh an freagra faisnéis ar an gcineál aimsire a bhí ag teacht.

Ach cá bhfuil ceann na gaoithe anois in iarthar na hÉireann?

Níl sé mí ó shin fós ó tugadh freagra ar an gceist sin ag comhdháil i Sligeach. Alan Mulrooney, an Príomhfheidhmeannach ar Choimisiún Forbartha an Iarthair a bhí ag caint: “One thing, there is no doubt that the opportunity renewable – and offshore wind in particular – brings for Ireland, and especially the West, is once in a generation”.

Bhain an Chomhdháil le malartú eolais idir tionscal na gaoithe in Albain agus dreamanna éagsúla in iarthar na tíre seo. Bhí ionadaithe ann ó Údarás na Gaeltachta, údaráis áitiúla agus eagraíochtaí forbartha.

Ní raibh sé coicís ina dhiaidh sin nó gur thug Banc ollmhór Macquarie as an Astráil droim láimhe le hiarracht a bhí ar bun acusan le feilm mhór ghaoithe a lonnú thart ar charraigeacha na Sceirde, siar ó chósta Chonamara. Bhí, a dúradar, an réimse sin farraige rófhiáin agus róthreampánach – sin théis dóibh na milliúin a bheith caite acu ar scrúduithe agus ar thástálacha.

Tá carraigeacha na Sceirde suite i gceartlár an limistéir farraige is mó a raibh muinín as mar áit cheart chóiriúil le haghaidh tionscail éifeachtach fuinnimh gaoithe a lonnú ann.

Cá bhfuil an ghaoth anois?

Ar an gcéad iarraidh, tá eireaball nach beag ar chás na Sceirde féin. Tá an chosúlacht air go bhfuil caillteanas tromchúiseach ar na daoine i gConamara agus i nGaillimh a cheap amach an smaoineamh, agus an straitéis, go bhféadfaí tionscal fuinneamh gaoithe a lonnú thart ar na Sceirde. Nollaig agus Seosamh Ó Laoi as Leitir Mealláin agus fear gnó, Grattan Healy as Gaillimh, a bhí ina chion. Dhíoladar an comhlacht le Banc Macquarie as an Astráil. Mar chuid den chonradh díolacháin sin, bheadh dhá ghála íocaíochta ann – an chéad cheann nuair a síníodh an conradh agus gheofaí an tsuim ba láidre nuair a bheadh cead iomlán forbartha ar fáil. Is cosúil go bhfuil an chuid is téagartha den chiste caillte anois, má fhanann an scéal mar atá sé.

D’éirigh linn a theacht ar Joe Lee i San Francisco an lá cheana áit a raibh sé ar cuairt chuig daoine muinteartha. Thuigeadar féin, a deir sé, go raibh baol ann go mbeadh iarracht na Sceirde i dtrioblóid de bharr corraíl i gcúrsaí airgid agus an titim ar na stocmhalartáin. Níor thagair sé do chúrsaí fisiciúla is aiceanta an tsuímh, ar nós grinneall na farraige agus maidhmeanna arda.

Ach d’fhéadfadh nach taobh leis an mbuille atá faighte ag na príomhaithe, agus na ceannródaithe atá an cás seo. Tugaimis aird aríst ar a raibh le rá ag Alan Mulrooney, Príomhfheidhmeannach Choimisiún Forbartha an Iarthair ag an gcomhdháil sin i Sligeach. Arsa seisean agus é ag trácht ar an ngaoth: “Ní giniúint fuinnimh amháin atá i gceist. Baineann sé le postanna inmharthana a chur ar fáil, baineann sé le rachmas sa bpobal agus le cothromaíocht forbartha i measc na réigiún sa tír seo. Baineann sé le forbairt a choinneodh daoine óga anseo, agus le teacht aniar agus téagar na heacnamaíochta in Éirinn.”

Mianta móra agus inmholta iad sin. Ach tá maidhmeanna móra ann. Idir an dá linn, athraíonn cás na Sceirde treo thionscal na gaoithe.

Tá teoiric ann gur cheart gur i bhfad amach i bhfarraige, ar sheastáin a bheadh ag snámh ar bharr uisce, ab fhearr muilte gaoithe a lonnú. “Níl aon chiall leis sin, faoi láthair ar chuma ar bith,” a deir John Fingleton, fear a bhunaigh an comhlacht seirbhísí cumhachta Fingleton and White i bPort Laoise. Chuir sé féin roinnt spéise sna Sceirde mar ionad giniúna cumhachta riar maith blianta ó shin. Tá 250 ag obair sa gcomhlacht anois in Éirinn agus sa mBreatain. “Ní fheicim go mbeidh aon rath ar iarrachtaí a bhaineann le lonnú tuirbíní i bhfad amach ag snámh sa bhfarraige go ceann leathscór blianta eile,” a deir Fingleton. “Tá obair phíolótach ar bun ach níl bunús gnó leis fós.”

Ar mó ciall, mar sin, a bheadh le lonnú tuirbíní as éadan ar chósta an oirthir? Ó thaobh infheistíochta agus brabaigh de, is cosúil gur mó. Ach níl ach oiread áirithe spáis ann anois. Bhíothas ag súil go bhféadfaí neart spáis a fháil ar na cóstaí thiar ach tá amhras mór faoi sin de bharr a bhfuil tarlaithe do Fhuinneamh Sceirde Teo. Beag beann ar an dóchas a bhí ag Coimisiún Forbartha an Iarthair as an ngaoth, tá ceisteanna ann anois ar muir agus ar tír.

Tuigtear go maith go raibh baint ag an iarracht forbartha ar chalafort Ros a’ Mhíl i gConamara le tionscal na muilte gaoithe. Sula raibh trácht ar bith ar mhóriarracht na Sceirde, ceapadh gur cheart caoi a chur ar an gcalafort sin agus tionscal na gaoithe ag teannadh linn. Chuir scéal na Sceirde driopás faoin iarracht. Leagadh go leor béime ar fhorbairt Ros a’ Mhíl in Údarás na Gaeltachta. Ceapadh go mbeadh cúpla céad post ansin le himeacht na haimsire. D’fhógair an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh san am, Charlie McConalogue, €30 milliún, agus fuair an comhlacht Ward and Burke an conradh le haghaidh méadú na céibhe agus forbairt an chalafoirt domhainmhara. Bhí Fuinneamh Sceirde Teo go láidir ar son na forbartha sin.

B’éigean an obair a stopadh i Ros a’ Mhíl de bharr ceisteanna a bhain leis an gceadúnas pleanála. Tuigtear go gcuirfear isteach iarratas nua pleanála an mhí seo chugainn.

Ach tá ceist eile le freagairt maidir le Ros a’ Mhíl anois, agus ceist eile faoi  phostanna agus forbairtí a bhaineann leis an ngaoth ar chósta Chonamara, agus dheisceart Mhaigh Eo.

Cá bhfuil an ghaoth anois?

Fág freagra ar 'Cá bhfuil an ghaoth anois? Ceist thábhachtach í ar muir agus ar tír'