Buiséad le fógairt chun dul i ngleic le boilsciú nár chonacthas a leithéid le blianta

Tá an-bhéim á cur ag an Rialtas ar a riachtanaí atá sé dul i ngleic leis an gcostas maireachtála tráth a bhfuil boilsciú againn agus costas fuinnimh ag ardú

Buiséad le fógairt chun dul i ngleic le boilsciú nár chonacthas a leithéid le blianta

Pacáiste €10 mbilliún a bheidh i gceist le Buiséad 2023, a fhógrófar inniu.

San áireamh ansin meastar go gcuirfear €3.6 billiún ar leataobh le caitheamh ar bheartais aon uaire chun cabhrú le daoine dul i ngleic leis an ngéarchéim costas maireachtála.

Cuirfear os cionn €6.7 ar fáil do chiorruithe cánach agus arduithe ar chaiteachas.

Deir airí rialtais go gcabhróidh an Buiséad leis an mbrú atá ar dhaoine a mhaolú agus go dtiocfaidh cuid de na beartais i bhfeidhm go luath.

“Creidimid go bhfuil moltaí againn a chabhróidh linn le riachtanais an lae inniu agus le forbairtí breise a d’fhéadfadh tarlú an bhliain seo chugainn,” a dúirt an tAire Airgeadais, Paschal Donohue.

Cuirfear scéim nua ar bun a thabharfaidh €600 do theaghlaigh le cabhrú leo billí fóntais an gheimhridh a íoc.

Tá sé i gceist táillí cúram leanaí a laghdú 25%.

Thug an tAire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys le fios go rabhthas ag féachaint chomh maith ar íocaíochtaí sochar linbh a dhúbailt mí na Samhna.

Tá sé i gceist chomh maith an pointe ag a dtosaíonn duine singil ag íoc an ráta cánach is airde a ardú go dtí €40,000.

Faoi láthair íocann duine 40% ar ioncam os cionn €36,800 ach tá sé i gceist €3,200 a chur leis sin agus ardú a thabhairt isteach chomh maith do dhaoine atá pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta nach bhfuil ach ioncam amháin acu.

I gcás an USC, an Muirear Sóisialta Uilíoch, meastar go n-ardófar na bandaí is ísle ionas nach dtitfidh daoine atá ar an íosphá náisiúnta, a ardaíodh le déanaí, isteach sna bandaí is airde.

Tuairiscítear freisin go dtabharfar creidmheasanna cánach €500 do thionóntaí.

Tá síneadh dhá bhliain beartaithe don scéim Cuidiú chun Ceannaigh, scéim a chuidíonn le ceannaitheoirí tí céaduaire.

Meastar go bhfógrófar íocaíochtaí leasa shóisialaigh dúbailte agus go n-íocfar iad go luath.

Tuairiscítear gur timpeall €12 d’ardú a chuirfear ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Cuirfear síneadh ama roinnt míonna leis an gciorrú 15c agus 10c ar an mál a íoctar ar pheitreal agus díosal, ciorrú a bhí le dul in éag ar an 11 Deireadh Fómhair.

Meastar go gcuirfear síneadh ama chomh maith leis an laghdú 20% ar tháillí an chórais phoiblí iompair.

Tuairiscítear go gcuirfear 50 cent ar phraghas an phaca toitíní ach nach ndéanfar aon athrú ar phraghas an alcóil.

Cuirfear an t-ardú €7.50 ar an gcáin charbóin atá pleanáilte i bhfeidhm chun íoc as tuilleadh tithe a athfheistiú, as liúntas breosla níos mó agus as scéimeanna talmhaíochta-comhshaoil.

Táthar ag súil go gcuirfear maoiniú ar fáil chun breis is 800 Garda a earcú an bhliain seo chugainn, rud a d’fhágfadh go mbeadh thart 14,400 Garda san fhórsa.

Maidir le cúrsaí oideachais, ón mbliain scoile seo chugainn ní bheidh costas na leabhar scoile le n-íoc ag daltaí bunscoile, costas a meastar a bheith thart ar €100 ar an meán.

Cuirfear maoiniú breise ar fáil do chóras na mbusanna scoile le réiteach a fháil ar an aighneas faoi na daltaí scoile a fágadh d’uireasa bus scoile ag tús na míosa seo.

Cuirfear ciste €6 milliún ar fáil ar mhaithe leis an ionchuimsiú sóisialta in iarracht leanaí atá faoi mhíbhuntáiste ag baile a choinneáil sa gcóras scolaíochta chomh fada agus is féidir.

Fág freagra ar 'Buiséad le fógairt chun dul i ngleic le boilsciú nár chonacthas a leithéid le blianta'