Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais le bronnadh ar Mhártan Ó Ciardha

Tá an gradam saoil le bronnadh ar Ó Ciardha, iar-eagraí spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta, as ucht a shaothair sna meáin chumarsáide

Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais le bronnadh ar Mhártan Ó Ciardha

Ar an gcraoltóir agus scríbhneoir aitheanta Mártan Ó Ciardha a bhronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2022.

Tá an gradam saoil le bronnadh ar Ó Ciardha, colúnaí de chuid Tuairisc, as ucht a shaothair in earnáil na meán cumarsáide le blianta fada.

D’oibrigh Ó Ciardha le RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 1978 go dtí gur éirigh sé as in 2009. Bhí sé ina eagraí spóirt leis an stáisiún agus rinne sé tráchtaireacht i nGaeilge agus i mBéarla don chraoltóir náisiúnta ar chuid de mhórócáidí an spóirt, cluichí ceannais na hÉireann, Craobhacha Sacair an Domhain agus Cluichí Oilimpeacha ina measc.

Scríbhneoir aitheanta is ea Ó Ciardha chomh maith a bhíodh ag scríobh do na nuachtáin Amárach agus Foinse. Tá sé ina phríomhcholúnaí spóirt le Tuairisc ó bunaíodh an tseirbhís nuachta ar líne in 2014.

“Tá mór-aithne agus ardmheas ag an saol Fódhla ar thráchtaireacht chumasach, údarásach, mheáite Mhártan Ó Ciardha, bíodh sé ag tuairisciú ar chluichí idir-chlubanna nó ag díriú ár n-aird ar ócáidí móra idirnáisiúnta spóirt,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais.

“Tá grá agus paisean don spórt, chomh maith le tuiscint agus meas ar a chuid éisteoirí agus a chuid léitheoirí, le sonrú i ngach abairt a thagann uaidh, agus cáil na soiléire agus na fírinne ar a bhriathra.  Déanaim comhghairdeachas ó chroí leis as a bhfuil bainte amach aige thar na mblianta.”

Agus é ag cur síos ar a chuid oibre, dúirt Mártan Ó Ciardha gur “onóir a bhí agus atá ann deis a fháil freastal a dhéanamh ar an bpobal is gaire do mo chroí, muintir na Gaeltachta”.

Is sna hAille i bparóiste an Chnoic i gConamara a tógadh Mártan Ó Ciardha ach tá sé ina chónaí ar an Spidéal le fada. Fuair sé a chuid scolaíochta i gColáiste Iarfhlatha i dTuaim agus ina dhiaidh sin in Ollscoil na Gaillimhe.

Bhronn CLG gradam saoil ar Ó Ciardha mar chuid de Ghradaim MacNamee in 2008 agus fuair sé gradam saoil freisin ón Gaelic Writers Association in 2017.

Bronnfaidh Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers buaicghradam an Oireachtais air ag ócáid bhronnta Ghradaim na Meán Cumarsáide a bheidh ar siúl mar chuid d’Oireachtas na Samhna, in Óstán Ghleann an Iolair i gCill Airne Dé Céadaoin an 2 Samhain.

Fág freagra ar 'Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais le bronnadh ar Mhártan Ó Ciardha'

  • Mairéad Ní Nuadháin

    Comhghairdeas ó chroí le Mártan. Bainim súp as gach a scríobhann sé. Tá iarchéimithe Chomharchumann Chois Fharraige i mbun pinn i gcónaí!

  • KH

    Comhghairdeachas ó chroí le Mártan – an scríbhneoir is fearr liom.