Bua ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Thug Aindriú Ó hEachteirn agus Dónal Ó Catháin ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Corn Ghael Linn/The Irish Times leo ag an gCraobhchomórtas Díospóireachta don Tríú Leibhéal ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ar an Satharn seo caite, an 1 Samhain 2014.

GG 1 COBÁC copy

Thug Aindriú Ó hEachteirn agus Dónal Ó Catháin ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Corn Ghael Linn/The Irish Times leo ag an gCraobhchomórtas Díospóireachta don Tríú Leibhéal ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ar an Satharn seo caite, an 1 Samhain 2014.

Ba é an t-ábhar cainte a bhí á chíoradh acu ná ‘Tá deireadh le ré na bhfoilseachán clóite’, rún a raibh an bheirt thuas ar a shon.

Ag stiúradh na hócáide ón gcathaoir, bhí Seán Ó Ceallaigh, Bainisteoir Scéimeanna Náisiúnta Ghael Linn,  agus ba é Seosamh Mac Donncha, Comhordaitheoir Acadúil, Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Chelitigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a bhí ina aoichainteoir.

Ceithre fhoireann ar fad a bhí rannpháirteach: Aindriú Ó hEachteirn agus Dónal Ó Catháin, An Coláiste Ollscoile, BÁC; John Prendergast agus Ann Hallissey ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh; Caoimhe Seoighe agus Ian Mac Gabhann ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; agus Fergal Mac Domhnaill agus James McKevitt ó Ollscoil Uladh Mhig Aoidh, Doire.

Ar aon fhocal le muintir Bhaile Átha Cliath a bhí lucht Ollscoil Uladh, fad is a bhí na Gaillimhigh agus na Corcaígh ag troid in aghaidh an rúin.

Bhí díospóireacht bhreá bhríomhar ann agus bhí cead ag baill an fhreasúra pointí eolais a thabhairt do na cainteoirí agus iad i mbun óráide, rud a chuir go mór leis an gcur is cúiteamh.

Le linn do na moltóirí a bheith ag déanamh a gcinnidh, labhair Seosamh Mac Donncha faoina chuid tuairimí féin ar an gceist. Dúirt sé go gcreideann sé go bhfuil deireadh ré na bhfoilseachán clóite ann, faoi mar a bhí siad go dtí le gairid, ach d’fhiafraigh sé an bhfuil ré eile nó ré nua i ndán dóibh?

Is iomaí uair a fógraíodh deireadh na bhfoilseachán clóite roimhe seo, ar seisean, ach níor tháinig deireadh leo. Dúirt sé go mairfeadh cineálacha áirithe foilseachán ach nach mairfeadh cineálacha eile.

Cé is moite de cheist an chaighdeáin, bhí todhchaí na bhfoilseachán ag brath ar dhá shlat tomhais thábhachtacha eile, ar seisean: éileamh an phobail ar a leithéid agus cumas an mheáin a bhí i gceist brabús a ghinniúint.

Amach ón dá chúinse sin, má thagann deireadh le foilseacháin chlóite, a dúirt sé, ní hí an teicneolaíocht amháin a chuirfeas deireadh leo ach an éabhlóid atá tagtha orainn féin mar phobal léitheoireachta.

Ba iad Sinéad Ní Uallacháin, Kevin de Barra agus Cathal Póirtéir na moltóirí, agus tar éis dóibh seal a ghlacadh ag plé tréithe na bhfoirne éagsúla, chinneadar gur ag foireann an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath a bhí an bua, de bharr fheabhas a gcuir i láthair agus a gcumas áitimh agus bréagnaithe sa siar is aniar a bhí idir na rannpháirtithe le linn na díospóireachta.

Bhí ríméad ar Aindriú Ó hEachteirn agus ar Dhónal Ó Catháin nuair a bronnadh Corn Gael Linn/The Irish Times agus duais €100 an duine orthu. Bronnadh  duais €50 an duine ar fhoireann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, a bhí sa dara háit.

Thréaslaigh Seán Ó Ceallaigh leo sin ar bronnadh duais orthu, agus dúirt gur dea-thuar don Ghaeilge atá ann mic léinn ó gach cearn den tír a bheith ag nascadh snaidhm cairdis lena chéile trí Ghaeilge.’

Fág freagra ar 'Bua ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath'

  • Emma

    Comhghairdeas don bheirt ó Ollscoil Bhaile Átha Cliath – bhí na cainteoirí iontach ar an lá! Tá súil agam nach bhfuil an ceart acu agus iad ag tacú leis an rún áfach, níl mise ag iarraidh go mbeidh orm géilleadh riamh don Kindle in ionad fíorleabhar a bheith i mo lámh agam!