Brú-ghrúpa nua le bunú faoi chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht

Beidh Breanndán Ó Beaglaoich, ceoltóir aitheanta as Gaeltacht Chorca Dhuibhne, a reáchtáil feachtas chun aird a tharraingt ar chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht, i mbun cainte ag cruinniú poiblí i gCois Fharraige an deireadh seachtaine seo

Brú-ghrúpa nua le bunú faoi chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht

Beidh plé á dhéanamh ag cruinniú poiblí i gConamara an mhí seo faoi bhrúghrúpa nua a bhunú a mbeidh mar aidhm aige dul i ngleic leis na deacrachtaí tithíochta sa Ghaeltacht.

Is í Adhna Ní Bhraonáin, bean óg as Cois Fharraige i gConamara, a bheas ag reáchtáil an chruinnithe, agus an oiread sin daoine tar éis dul i dteagmháil léi faoin alt a foilsíodh ar Tuairisc an mhí seo caite ina ndearna sí cur síos ar na deacrachtaí a bhí aici féin lóistín a fháil i gConamara.

Tháinig Ní Bhraonáin abhaile an samhradh seo caite i ndiaidh cúig bliana a chaitheamh sa Nua-Shéalainn agus san Astráil. Cé go raibh airgead sábháilte aici níor éirigh léi teach a cheannach ná aon áit a fháil ar cíos agus chaith sí an samhradh ina cónaí i veain taobh amuigh de theach a tuismitheoirí.

Dúirt Ní Bhraonáin go raibh gá le brú-ghrúpa a chuirfeadh “feachtas láidir” ar bun ar mhaithe le réiteach a fháil ar an “géarchéim tithíochta” sa Ghaeltacht.

Beidh Breanndán Ó Beaglaoich, ceoltóir aitheanta as Gaeltacht Chorca Dhuibhne, a reáchtáil feachtas fada chun aird a tharraingt ar chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus faoin tuath, i mbun cainte ag an chruinniú. Chaith Ó Beaglaoich 15 bliain ag lorg cead pleanála ó Chomhairle Contae Chiarraí chun teach a thógáil ar shuíomh leis féin i mBaile na bPoc i bParóiste Mórdhach sular éirigh leis cead pleanála á fháil.

Tá an cruinniú, a bheidh ar súil ag 6pm Dé Domhnaigh, an 26 Samhain, athraithe siar ón Spidéal go dtí an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh in Indreabhán de bharr an “líon mór” daoine atá ag iarraidh freastal air, a deir Ní Bhraonáin.

Dúirt Adhna Ní Bhraonáin go bhfuil sí ag iarraidh go mbeadh sé “níos éasca” ag daoine teacht abhaile agus lonnú sa Ghaeltacht.

“Fuair mé go leor teachtaireachtaí ó Ghaeilgeoirí nach bhfuil in ann lonnú sa mbaile mar ní féidir leo cead pleanála a fháil, ní féidir leo morgáiste a fháil mar nach bhfuil stair oibre acu anseo, mar sin ní féidir leo iasacht a fháil, ní féidir leo teach a fháil ar cíos.

“Tá an saol i bhfad níos éasca thall. Bheadh sé i bhfad níos éasca agamsa bogadh chun na hAstráile agus mo shaol a bhunú ansin. Bheinn in ann teach a fháil agus bheadh i bhfad níos mó airgid agam ach ní shin atá uaim.

“Tá mé ag iarraidh cúnamh a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh a bheith sa Ghaeltacht agus clann a thógáil le Gaeilge anseo bealach níos éasca a fháil le teacht ar ais anseo.

Dúirt Ní Bhraonáin go bhfuil córas nua cead pleanála teastáil do chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht.

“Tá a fhios agam má tá tú ag tógáil tí, tá riachtanais teanga ann ach ní hamhlaidh an scéil má tá tú ag ceannach tí, níl a leithéid i gceist. Tá go leor tithe á ndíol i gConamara atá á bhfógairt ar Daft mar ‘lovely holiday homes’ agus tá daoine as an áit ag iarraidh cónaí ann.

“Ba cheart go mbeadh cosaint éigin ar thithe atá tógtha sa cheantar cheana féin agus go mbeadh riachtanais teanga le comhlíonadh le go mbeadh cead agat an teach a cheannach. Sílim go bhfuil sin bunúsach,” a dúir sí.

I measc na moltaí a bheas á bplé ag an chruinniú tá treoirlínte pleanála a dhéanfadh an córas pleanála “níos éasca agus níos soiléire” agus an soláthar tithe atá ar fáil ar cíos.

“Fadó, bhí cúpla sampla ann, tithe a raibh réamhchead pleanála acu, tithe a raibh an bord pleanála sásta glacadh leo agus d’fhéadfá ceann de na tithe a roghnú ach níl a leithéidí sin ar fáil anois.

“Níl mé ar son tithe móra millteacha, agus má tá cead pleanála á dhiúltú sa gcás go bhfuil teach mór millteach ann, bheinn ag aontú leis sin.

“Ach má tá cead pleanála á dhiúltú agus gan fáth a bheith leis nó míniú ar an réiteach a d’fhéadfá a fháil ar an gceist, níl an córas ag obair. Is cosúil nach bhfuil bun ná barr ar an gcóras pleanála”.

“Deacracht eile ná an ganntanas mór tithe atá á ligean ar cíos. Dá mbeadh áiteanna á ligean ar cíos bheadh sin ina chúnamh ag daoine. Chalets beaga nó tithe. Níl aon áit le fáil ar cíos anseo,” a dúirt Ní Bhraonáin.

Idir an dá linn, aontaíodh ag cruinniú de Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga CTR an tseachtain seo gur cúrsaí tithíochta agus na deacrachtaí atá ag daoine pleanáil a fháil “an chonstaic is mó” roimh phobal teanga a chothú i gCois Fharraige.

Fág freagra ar 'Brú-ghrúpa nua le bunú faoi chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Mholfainn do dhaoine an phlean forbartha contae a léamh. Bíonn leagan Gaeilge chomh maith le leagan Béarla ar fáil le ceannacht ón chomhairle contae. Sílim go bhfuil sé ar an suíomh idirlín s’acu fosta. De réir mar a thuigim déantar athbhreithniú air achan 5 bliana agus bíonn deis ag an phobal moltaí a dhéanamh air. Seo bíobla na rannóige pleanála agus cloíonn siad leis! Is iad na comhairleoirí contae a aontaíonn na hathruithe san athbhreithniú de réir mar a thuigim.
    An bhfuil sé in am fo-plean a fhoilsiú? Sé sin, PLEAN FORBARTHA NA GAELTACHTA – plean amháin a chlúdaíonn na ceantracha gaeltachta uilig. Tá níos mó ná tithe agus áiteacha cónaithe i gceist chun maireachtáil i bpobal gaeltachta – agus tá daonra na tíre ag éirigh níos sine (níos mó daoine aosta ná daoine óga) – an mbeidh siad fágtha i dtithe san iargúltacht agus gan córas iompar phoiblí ar fáil?
    Ach go cinnte, bheinnse de tuairim go gcaithfidh labhairt agus scríobh na gaeilge bheith ag daoine sa chéad dul síos le teach a thógáil nó a cheannacht sa ghaeltacht agus go mbeadh an thuigbhéal ag na daoine sin go bhfuil dualgas orthu an ghaeilg a úsáid go laethúil sa ghaeltacht. Bheinn fosta i bhfách cigireacht gan choinne agus cúrsaí féinmhúinín ar labhairt na gaeilge le strainséirí (agus turasóirí) daofa siúd uilig a bhíonn ina chónaí agus ag obair sa ghaeltacht.