Brú á chur ar TG4 díospóireacht uachtaránachta a reáchtáil

Mhaígh Sinn Féin i go bhfuil TG4 ag ‘seasamh siar ó pháirc na polaitíochta’ agus gur cheart ‘ateangaireacht bheo’ a úsáid chun díospóireacht a reáchtáil idir na hiarrthóirí

Brú á chur ar TG4 díospóireacht uachtaránachta a reáchtáil

Deir Sinn Féin gurb é TG4 an t-éan ‘corr’ i measc chraoltóirí náisiúnta na hÉireann toisc nach mbeidh aon díospóireacht uachtaránachta idir na hiarrthóirí acu roimh thoghchán na míosa seo chugainn.

Chuir an páirtí i leith an stáisiúin Gaeilge go bhfuil siad ag “seasamh siar ó pháirc na polaitíochta” agus go bhfuil siad “ag cur srian ar iolrachas na meán”.

“Mar chraoltóir seirbhíse poiblí náisiúnta ag fáil €60 milliún ón gcáiníocóir, tá dualgas ar TG4 réimse cuimsitheach clár, lena n-áirítear ábhar cúrsaí reatha, a chur ar fáil, agus súil eile dhomhan na Gaeilge a sholáthar, [domhan] a bheidh imeallaithe go cúpla focal sna díospóireachta Béarla,” a deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh.

Tá ag méadú ar an mbrú ar an stáisiún Gaeilge díospóireacht de shaghas éigin a chraoladh idir triúr iarrthóirí an toghcháin, in ainneoin nach bhfuil Gaeilge ach ag duine amháin acu, Catherine Connolly, an t-iarrthóir neamhspleách.

Dúirt Sinn Féin, atá ag tacú le feachtas Connolly, go n-aontaíonn siad le moladh an Seanadóra Eileen Fynn, gur cheart do TG4 “athbhreithniú” a dhéanamh ar a gcinneadh agus díospóireacht á reáchtáil do dhaoine a bhfuil “Gaeilge ar a dtoil acu,” agus do dhaoine a “fhaigheann a gcuid eolais ón chainéal”.

“Dá mba RTÉ nó Virgin Media a bhí i gceist anseo, bheadh siad os comhair choiste na meán go cinnte againn. Ba cheart go dtabharfaí TG4 chun freagrachta as an chinneadh seo gan díospóireacht faoi thoghchán na huachtaránachta chraoladh,” a dúirt sí.

Deir Sinn Féin go bhféadfaí leas a bhaint as an “ateangaireacht bheo” chun díospóireacht a reáchtáil.

“Seasann TG4 amach mar an ceann corr i measc chraoltóirí náisiúnta na hÉireann as diúltú do dhíospóireacht uachtaránachta a eagrú,” a deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh,

“Shílfeá i gcomhthéacs ina bhfuil an trí iarrthóir tar éis maíomh as luach a chur inár dteanga náisiúnta – Cathaoirleach reatha Choiste Oireachtais na Gaeilge Catherine Connolly, iar-aire na Gaeltachta Heather Humphreys, agus Jim Gavin a bhí mar ambasadóir áitiúil do Sheachtain na Gaeilge – go mbeadh sé indéanta díospóireacht a éascú ar an gcraoltóir náisiúnta Gaeilge.”

Deir Catherine Connolly féin gur chóir go mbeadh díospóireacht ar TG4.

Deir an bheirt iarrthóirí eile, Heather Humphreys, Fine Gael, agus Jim Gavin, Fianna Fáil, go bhfuil pé Gaeilge a bhí acu ‘caillte’ acu ach go bhfoghlaimeoidís í sa chás go dtoghfaí iad.

Deir Sinn Féin go bhfuil “am fós” ag TG4 athmhachnamh a dhéanamh ar cheist na díospóireachta.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar TG4 faoin scéal seo ach níl freagra ar bith faighte go fóill.

Ní raibh TnaG bliain ar an bhfód nuair a toghadh Máire Mhic Giolla Íosa i 1997 agus ní raibh toghchán ann in 2004 mar níor chuir duine ar bith in aghaidh Mhic Giolla Íosa. Ghlac seachtar páirt sa díospóireacht a craoladh ar an stáisiún i mí Dheireadh Fómhair 2011 – an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn ina measc.

In 2011, seachas mír bheag chainte réamhullmhaithe, níor labhair aon duine den ochtar iarrthóirí ach Ó hUigínn Gaeilge le linn na díospóireachta.

Bheartaigh TG4 gan díospóireacht a chraoladh in 2018 mar gheall nach bhféadfaí “díospóireacht chothrom a riaradh” gan a bheith i dtuilleamaí an iomarca Béarla. Ní raibh Gaeilge líofa ach ag beirt den seisear a sheas don toghchán sin – Micheál D Ó hUigínn agus Liadh Ní Riada ó Shinn Féin.

Nuair a d’fhógair an stáisiún nach mbeadh díospóireacht á craoladh acu in 2018, mhol an scoláire Pádraig B Ó Laighin go nglacfadh TG4 cur chuige chruinnithe an Aontais Eorpaigh chucu féin agus córas ateangaireachta a úsáid.

Chuir TG4 an plean a bhí acu díospóireacht idir ceannairí na bpáirtithe a reáchtáil le linn fheachtas Olltoghchán 2016 mar gheall nach raibh beirt cheannairí sásta a bheith páirteach ann ar an ábhar go mbeadh siad faoi mhíbhuntáiste de dheasca a gcumas sa teanga. In áit na díospóireachta, cuireadh na ceannairí agus urlabhraithe na gceannairí gan Ghaeilge faoi agallamh.

D’éirigh go maith leis an díospóireacht idir Enna Kenny, Micheál Martin, agus Eamonn Gilmore a craoladh ar TG4 le linn fheachtas Olltoghchán 2011. Níor craoladh aon díospóireacht pholaitiúil eile ar an stáisiún ó 2011 i leith, áfach.

 

 

Fág freagra ar 'Brú á chur ar TG4 díospóireacht uachtaránachta a reáchtáil'