“Briseadh croí” do thuismitheoirí na gcúig chéad páiste a bhí ag súil le scolaíocht trí Ghaeilge a fháil dá gclann cinneadh an Aire Oideachais gan ach Gaelscoil nua amháin a bhunú, dar leis an eagraíocht Gaeloideachas.
Rinne Gaeloideachas “comhghairdeas ó chroí” le muintir Bhaile an Chollaigh i gCorcaigh, as an dea-thoradh a bhí ar a bhfeachtas scoil lán-Ghaeilge a bhunú sa bhaile, ach dúradh gur ábhar mór díomá é do phobal Dhún Laoghaire, Bhaile Pheiléid agus Dheisceart Bhaile Átha Cliath “nár aithníodh an t-éileamh ollmhór ar an oideachas lán-Ghaeilge” sna ceantair sin.
D’fhógair an tAire Oideachas Richard Bruton inné go mbunófar bunscoil nua lán-Ghaeilge i mBaile an Chollaigh ach gur Educate Together agus an eagraíocht Scoil Sinéad a bheidh ina bpátrúin ar na trí scoil eile atá le bunú ag tús na scoilbhliana seo chugainn.
Dúirt an Foras Pátrúnachta gur “cailleadh deis” scoil lán-Ghaeilge a bhunú i mBaile Átha Cliath agus go bhfuil díomá ar an eagraíocht faoin gcinneadh gan ach Gaelscoil amháin nua a bhunú.
Dúirt Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra, go raibh “ardú ar an éileamh i measc an phobail ar an nGaelscolaíocht” agus gur léirigh taighde a rinneadh in 2015 go gcuirfeadh 23% de thuismitheoirí a leanaí chuig Gaelscoil dá mbeadh a leithéid ar fáil gar dóibh.
Mhaígh sé gurbh í an Ghaelscolaíocht rogha 28% de na tuismitheoirí i nDún Laoghaire, 25% de na tuismitheoirí i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, agus 25% de na tuismitheoirí i mBaile Pheiléid.
Dúirt Ó hEaghra go raibh ag teip ar an gcóras atá ann faoi láthair maidir le bunú scoileanna freastal ar an éileamh ar an nGaelscolaíocht.
“Má léirítear arís agus arís eile gurb í an Ghaelscolaíocht an rogha a bheadh ag 25% de thuismitheoirí, luíonn sé le réasún gur Gaelscoileanna a bheadh i 25% de scoileanna na tíre,” a dúirt Ó hEaghra, Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta.
Mhol Ciara Ní Bhroin, Oifigeach Sinsearach Polasaí agus Forbartha le Gaeloideachas, obair na dtuismitheoirí a bhí ag súil go mbunófaí Gaelscoil ina gceantair agus dúirt sí gur fhág cinneadh an Aire nach raibh “aon áit acu anois le dul”.
“Tá obair iontach déanta ag na grúpaí áitiúla sna ceantair éagsúla seo ar fad ón uair a fógraíodh go raibh scoileanna nua le bunú, agus fuair muid breis agus 517 foirm léirithe spéise ó thuismitheoirí áitiúla a bhí ag iarraidh gur scoileanna lán-Ghaeilge ilchreidmheacha a d’osclófaí dá gcuid páistí.
“Is tuismitheoirí iad seo nach féidir leo áit ar bith a fháil sna scoileanna lán-Ghaeilge atá sna ceantair sin anois, agus níl aon scoileanna lán-Ghaeilge ilchreidmheacha ar fáil dóibh sna trí cheantar scoile seo. Beidh na scoileanna nua eile ar fad ag teagasc trí mheán an Bhéarla, agus ní fhreastalóidh sé sin ar mhianta oideachais na dtuismitheoirí seo dá gcuid páistí. Níl aon áit acu anois le dul,” a dúirt Ciara Ní Bhroin, Oifigeach Sinsearach Polasaí agus Forbartha le Gaeloideachas.
Mar sin féin, tá “fáilte faoi leith” curtha ag an eagraíocht roimh an scéala go mbeidh scoil nua lán-Ghaeilge i gCorcaigh faoi thús na scoilbhliana seo chugainn. Dúirt Leas-Ardfheidhmeannach Gníomhach Gaeloideachas, Clare Spáinneach go ndearna tuismitheoirí sa cheantar “obair ollmhór” leis an scoil nua a bhunú.
“Ciallaíonn fógra an lae inniu go mbeidh rochtain ag glúin iomlán úr ar an tumoideachas, a bhuí leis an obair ollmhór a rinne tuismitheoirí áitiúla chun a scoil nua a bhunú. Tá buntáistí ollmhóra ag baint leis an oideachas lán-Ghaeilge do pháistí – beidh siad líofa in dhá theanga ar a laghad, agus cabhraíonn múnla an tumoideachais lena bhforbairt shóisialta, chumarsáide agus chognaíoch.
“Freastalóidh an scoil ilchreidmheach seo ar pháistí ó chúlraí éagsúla teanga, cultúir agus creidimh agus gheobhaidh siad oideachas tairbheach agus cuimsitheach,” a dúirt sí.
Ceapfaidh an Foras Pátrúnachta príomhoide don scoil nua i mBaile an Chollaigh sna seachtainí amach romhainn agus déanfar socruithe maidir le cóiríocht na scoile chomh maith.
Mánus
Tá 25% den phobal dílis don Ghaeilge agus deis í a úsáid go praicticiúil á lorg acu. Níl rialtas seo FF/FG ag tacú le mianta an phobail. Mo náire sibh a theachtaí FF Éamonn Ó Cuív agus Thomas Byrne.