Briseadh croí do throdaí Gaeltachta agus deis ar bhonn caillte aici

Fuair Busenas Surmeneli as an Tuirc an ceann is fearr ar Christina Desmond ag Craobh Shárdhornálaithe Ban an Domhain sa Rúis

Briseadh croí do throdaí Gaeltachta agus deis ar bhonn caillte aici

Bhí údar díomá ag dornálaí Chill na Martra, Christina Desmond, ag Craobh Shárdhornálaithe Ban an Domhain tráthnóna nuair a chaill sí babhta ceathrú ceannais a chailliúint tráthnóna.

Bhí deis ag Desmond bonn cré-umha, ar a laghad, a thabhairt léi sa rannóg 69kg i dá n-éireodh léi ach fuair Busenas Surmeneli as an Tuirc an ceann is fearr ar an gCorcaíoch inniu.

Bhí Desmond faoi bhrú sa chéad bhabhta agus cé gur tháinig sí ar ais sa choimhlint, rinne na moltóirí a gcinneadh d’aon ghuth agus iad ag tabhairt an bhua do Surmeneli.

Mheas beirt de na moltóirí nach raibh mórán eatarthu agus tugadh an bua don Turcach ar scór 29-28. Mheas an triúr eile go raibh bua níos cumasaí ag Surmeneli agus marcáil 30-27 déanta acu ar an troid.

Briseadh croí a bhí ann do Desmond agus í ag iarraidh bonn a bhuachan ag Craobh Ban an Domhain, rud nach bhfuil déanta ach ag beirt eile as an tír seo – Katie Taylor agus Kellie Harrington. Chaill Desmond amach ar bhonn ag Craobh na hEorpa cúpla mí ó shin chomh maith nuair a chlis uirthi sa bhabhta ceathrú ceannais.

Mar sin féin, ba cheart go mbeadh bean Chill na Martra sásta lena taispeántais ag Craobh an Domhain sa Rúis. Fuair sí an ceann is fearr ar sheaimpín Chluichí an Chomhlathais, Sandy Ryan, agus bhí bua cumasach inné aici ar Myriam Da Silva as Ceanada, trodaí a bhí réimnithe sa chúigiú háit sa rannóg.

Díomá a bhí i ndán don Éireannach eile a bhí ag troid sa chomórtas tráthnóna. Chaill Amy Broadhurst i gcoinne Mira Potkonen na Fionlainne sa bhabhta ceathrú ceannas den rannóg 60kg.

Crá croí í Potkonen do throdaithe na hÉireann. Bhuaigh sí ar Broadhurst i gCraobh na hEorpa mí Lúnasa agus ar Katie Harrington i gCraobh na hEorpa anuraidh. Is í Potkonen chomh maith a fuair an ceann is fearr ar Katie Taylor ag na Cluichí Oilimpeacha in 2016.

Fág freagra ar 'Briseadh croí do throdaí Gaeltachta agus deis ar bhonn caillte aici'