Briatharchath idir TG4 agus RTÉ roimh theacht Bakhurst go dtí Baile na hAbhann

Tabharfaidh Kevin Bakhurst cuairt ar cheannáras TG4 i gConamara inniu agus súil ag TG4 dul chun cinn a dhéanamh faoin bplean go mbeadh seirbhís nuachta agus cúrsaí reatha neamhspleách acu faoi Mheán Fómhair 2025

Briatharchath idir TG4 agus RTÉ roimh theacht Bakhurst go dtí Baile na hAbhann

Kevin Bakhurst agus Alan Esslemont

Tá aighneas idir RTÉ agus TG4 faoin bplean go mbunófaí seirbhís nuachta Gaeilge neamhspleách.

Tabharfaidh Ard-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst cuairt ar TG4 i mBaile na hAbhann inniu, tráth a bhfuil sé ina bhriatharchath idir an dá stáisiún faoin bplean go mbunófaí seirbhís nuachta nua do TG4 a bheadh neamhspleách ó RTÉ.

Deir TG4 gurb é a mian i gcónaí go mbeadh seirbhís nuachta agus cúrsaí reatha neamhspleách acu faoi Mheán Fómhair 2025.

Ach chuir ceannasaí TG4, Alan Esslemont, i leith RTÉ go mbíonn siad soiniciúil faoin nGaeilge agus mhaígh sé go raibh sé deacair dul chun cinn a dhéanamh i dtaca leis an bplean dá bharr.

“Mar atá a fhios agat, tá an stát féin an-soiniciúil faoin nGaeilge – déanfaidh siad a laghad is a chaithfidh siad…Tá RTÉ soiniciúil faoin nGaeilge freisin agus tá sé an-deacair dul chun cinn a dhéanamh,” arsa Ard-Stiúrthóir TG4.

Agus é faoi agallamh ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, luaigh Esslemont go sonrach ról Kevin Bakhurst sa phlé faoin neamhspleáchas nuachta.

“Casadh Kevin Bakhurst orm roinnt míonna ó shin agus dúirt sé go dtiocfadh sé ar ais leis seo a bhrú ar aghaidh agus níl sé sin ag tarlú.

“Is breá liom Kevin, ach mo chuid comhghleacaithe in Albain freisin nuair a bhí an jab ag Kevin [sa BBC], bhí seisean ag rá leo ‘dá bhfaigheadh sibh tuilleadh airgid don Gàidhlig ní bheadh sibh in ann é úsáid’. Tá cuid den stair seo ag baint le RTÉ. Tá ceisteanna agam faoi céard atá ar bun ag Kevin. Casfaidh mé leis Dé Céadaoin, ach sílim go gcaithfimid dul chun cinn a dhéanamh.”

Dúirt Alan Esslemont nach raibh á chur ar fáil do TG4 ó thaobh na nuachta ach clár amháin tráthnóna ag 7pm agus gur theastaigh neamhspleáchas agus infheistíocht bhreise chun seirbhís chuimsitheach ilardáin a chur ar fáil. Dúirt sé go bhfuil an stiúideo nuachta i TG4 “ag titim as a chéile” agus gurb amhlaidh go mbeadh sé tite anuas ar fad murach an infheistíocht a rinne TG4 féin ann.

Dúradh i ráiteas ó RTÉ gur chuir caint Esslemont “an-díomá” orthu agus nach léiriú a bhí sa mhéid a dúirt sé ar chúrsaí mar atá.

“Bhí plé cuimsitheach ag RTÉ go díreach le TG4 agus ina dhiaidh sin le Coimisiún na Meán faoi thodhchaí Nuacht TG4.

“Chuir RTÉ pleananna mionsonraithe a raibh costas luaite leo faoi bhráid an Choimisiúin, a chuirfidh comhairle ar an Aire. Beidh athbhreithniú ar sheirbhísí Gaeilge á dhéanamh chomh maith ag Coimisiún na Meán i mbliana agus glacfaidh RTÉ páirt iomlán sa phróiseas sin.”

Dúradh go gcuireann baill foirne agus iriseoirí RTÉ ábhar cuimsitheach ar fáil do TG4 chomh maith leis an gclár nuachta tráthnóna, Nuacht TG4. Luaigh RTÉ an clár seachtainiúil cúrsaí reatha Seacht Lá, cláir speisialta aimsir thoghcháin agus buiséad agus ábhar a chuirtear amach ar na meáin shóisialta.

Maidir leis an méid a dúirt Alan Esslemont faoi dhearcadh Kevin Bakhurst i leith cúrsaí craoltóireachta in Albain, dúirt RTÉ nach raibh aon ghlacadh acu leis an gcaint sin.

“Tabhair faoi deara nach bhfuil aon aitheantas á thabhairt againn do na nithe a dúradh faoin Albain agus go bhfuil na nithe sin míchruinn ó taobh na bhfíricí de.”

Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 Dé Luain go raibh diúltaithe ag RTÉ do mholtaí a rinne TG4 faoin neamhspleáchas agus go raibh an diúltú sin curtha faoi bhráid Choimisiún na Meán.

An ceardchumann SIPTU a thug le fios nach raibh aon ghlacadh ag RTÉ le moltaí TG4.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar RTÉ faoin scéal.

Dúirt RTÉ roimhe seo go raibh cainteanna “fairsinge agus díreacha” acu le TG4 agus le Coimisiún na Meán agus gur faoin gCoimisiún a bheadh sé comhairle a chur ar an Aire Cumarsáide agus Gaeltachta faoin bplean.

Deir ceardchumann na n-iriseoirí, an NUJ, nach raibh plé ar bith acu le TG4 nó RTÉ faoi bhunú seirbhíse nuachta nua. Deir TG4 nár ghlac lucht ceardchumainn leis na cuirí chun cainte a bhí tugtha ag an stáisiún dóibh chun an t-ábhar a phlé. Dúirt Alan Esslemont gur léir go raibh “bac” curtha ag lucht ceardchumainn ar iriseoirí an scéal a phlé le TG4 agus go gcaithfí deireadh a chur leis an mbac sin.

Dúirt an NUJ go gcaithfeadh aon mholtaí a thiocfadh ó TG4 agus RTÉ faoi sheirbhís nua a bheith “an-soiléir” agus go gcaithfidís cearta fostaíochta oibrithe na nuachta a chur san áireamh.

Tá €13.625 milliún breise sa bhliain á lorg ag TG4 i mBuiséad 2025 chun “smacht eagarthóireachta Nuacht TG4 a aistriú ó RTÉ go dtí TG4”. Deir lucht an stáisiúin go dtógfadh sé bliain an tseirbhís ilardáin nua a bhunú ón uair go gcuirfí ar fáil dóibh an maoiniú breise atá á lorg acu.

Faoi láthair, is é RTÉ a chuireann Nuacht TG4 agus 7Lá ar fáil do TG4. Déantar sin mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil do TG4.

Ghlac an Rialtas dhá bhliain ó shin le moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana.

Fág freagra ar 'Briatharchath idir TG4 agus RTÉ roimh theacht Bakhurst go dtí Baile na hAbhann'