Ba iad foireann ón Scoil Dlí, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a thug an chraobh leo ag Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2015 sna Ceithre Cúirteanna tráthnóna.
Is iad Gael Linn a reáchtálann an comórtas bliantúil seo, le cabhair ó na habhcóidí Daithí Mac Cárthaigh agus Ruadhán Mac Aodháin, agus mic léinn dlí a bhíonn páirteach ann. Ainmníodh an comórtas i gcuimhne an Bhreithimh Cearbhall Ó Dálaigh.
Achomharc in aghaidh breithe cúirte a bhíonn i gceist, agus bíonn sonraí an cháis ar fáil roimh ré. Bhí foirne ó Scoil Dlí Choláiste na Tríonóide, An Scoil Dlí, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh páirteach i mbliana.
Bhain an cás le hiarbhall de chuid An Gharda Síochána a chuir an dlí ar Choimisinéir an fhórsa, agus é ag iarraidh a chruthú go raibh dliteanas ionadach ag na Gardaí as faillí in eachtra a thit amach le linn buirgléireachta nuair a fuair buachaill bás. Deir an t-iarGharda gur tháinig dianghalar air de bharr na heachtra. Aighneachtaí béil a mhair tuairim is fiche cúig nóiméad a bhí ceadaithe, mar aon le frisnéis de thrí nóiméad.
Ba iad foirne Bhaile Átha Cliath, An Scoil Dlí, An Coláiste Ollscoile agus Scoil Dlí Choláiste na Tríonóide, a roghnaíodh le dul ar aghaidh go dtí an chraobhbhabhta sna Ceithre Cúirteanna an tráthnóna sin. Fuair siad comhairle agus cúnamh ina n-ullmhúchán ó abhcóidí nuacháilithe, cuid acu a ghlac páirt sa chomórtas seo cheana.
Is breithimh den Ardchúirt, Bronagh Ní Anluain agus Colm Mac Eochaidh, mar aon leis an mBreitheamh Sinéad Ní Chúlacháin ón gCúirt Chuarda a bhí mar mholtóirí ar an gcraobhbhabhta. Ba ag foireann Choláiste na Tríonóide, a ghlac taobh an achomharcóra, a measadh an bua a bheith.

Bhronn Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, buantrófaí Gael Linn agus duais €600 ar na baill foirne, Colm Ó Néill agus Barra Mac Giolla Iasachta. Bronnadh an dara duais, €300, ar fhoireann ó Scoil Dlí UCD, Niamh Ní Leathlobhair agus Fionnán Long, a throid an cás don fhreagróir.
“Toisc stádas dlíthiúil na Gaeilge in Éirinn agus san AE, tá a lán deiseanna fostaíochta anois ann i gcomhair dlíodóirí a bhfuil máistreacht acu ar an nGaeilge. Léiriú é ar an meas atá ar an an mBréagchúirt go mbíonn breithiúna sinsearacha ina moltóirí ar an mBréagchúirt,” a dúirt Ó Coileáin.