Bréagchúirt Uí Dhálaigh buaite ag foireann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh

Tá Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn, comórtas atá dírithe ar mhic léinn dlí a bhfuil Gaeilge líofa acu, ar siúl le breis agus fiche bliain

Bréagchúirt Uí Dhálaigh buaite ag foireann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh

Foireann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, Cárthach Ó Faoláin and Darragh Ó Caoimh, leis an mBreitheamh Bronagh O’ Hanlon

Beirt as Coláiste na hOllscoile, Corcaigh a bhí sa chéad áit ag Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn i mbliana.

Ba iad Cárthach Ó Faoláin agus Darragh Ó Caoimh a thug an lá leo sa chomórtas díospóireachta a bhí ar siúl sna Ceithre Cúirteanna an deireadh seachtaine seo caite.

Tá Bréagchúirt Uí Dhálaigh, atá ainmnithe as an iaruachtarán agus iar-phríomhbhreitheamh, Cearbhall Ó Dálaigh, ar siúl le breis agus fiche bliain. 

Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn le foireann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, Cárthach Ó Faoláin agus Darragh Ó Caoimh

Tá an comórtas dírithe ar mhic léinn dlí a bhfuil Gaeilge líofa acu agus atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid scileanna abhcóideachta. 

Ba iad na hinstitiúidí a bhí páirteach sa chomórtas i mbliana, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Dlí-Chumann na hÉireann, Óstaí an Rí agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Ba iad Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Óstaí an Rí a tháinig slán ó na réamhbhabhtaí in Óstaí an Rí maidin Dé hAoine. Is sna Ceithre Cúirteanna a bhí an babhta ceannais ar siúl.

Bronagh O’Hanlon, Breitheamh Ard-Chúirte agus na habchóidí sinsearacha Luan Ó Braonáin agus  Clíona Kimber a bhí ar an ‘mbinse’ mar mholtóirí. Bronnadh buantrófaí Gael Linn agus duais  €600 ar na buaiteoirí.  Cillian McGovern ó Óstaí an Rí a tháinig sa dara háit agus fuair sé duais €300. 

Ghlac Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn, buíochas le Cormac Ó Dúlacháin, abhcóide sinsearach, agus le Kate Ní Chonfhaola, abhcóide, a chuidigh le reáchtáil na hócáide

Fág freagra ar 'Bréagchúirt Uí Dhálaigh buaite ag foireann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh'

  • Cormac

    Comhghairdeas libh! Cormac