Bowie an ‘Réaltnach’ chugainn as Gaeilge

An file Gabriel Rosenstock a d’aistrigh amhráin Bowie go Gaeilge agus Liam Ó Maonlaí, Hilary Bow agus The Brad Pitt Light Orchestra a chuirfidh na leaganacha nua i láthair

Bowie an ‘Réaltnach’ chugainn as Gaeilge

Beidh leaganacha Gaeilge de mhóramhráin David Bowie le cloisteáil ag ceolchoirm speisialta i mBaile Átha Cliath an fómhair seo.

IMRAM atá i mbun ‘Réaltneach: Tionscadal David Bowie’ a chuirfear ar stáitse den chéad uair in Amharclann an Pavilion i nDún Laoghaire ar an 21 Deireadh Fómhair.

An file Gabriel Rosenstock a d’aistrigh amhráin Bowie go Gaeilge agus Liam Ó Maonlaí, Hilary Bow agus The Brad Pitt Light Orchestra a chuirfidh na leaganacha nua i láthair. Beidh liricí Bowie agus íomhánna a chruthaigh Margaret Lonergan le feiceáil ar scáileán le linn na ceolchoirme chomh maith.

Tá cáil bainte amach ag an tsraith cheolchoirmeacha ag IMRAM ina gcuirtear leaganacha Gaeilge ar fáil de mhóramhráin leithéidí Leonard Cohen, Bob Dylan, Joni Mitchell agus Van Morrison agus is cinnte go mbeidh an-éileamh ar Thionscadal David Bowie.

Deir lucht eagraithe na ceolchoirme go dtabharfar blaiseadh do dhaoine de stíleanna éagsúla ceoil an amhránaithe a bhásaigh i dtús na bliana seo.

Deirtear go dtabharfar léargas sa cheolchoirm ar chumas Bowie “é féin a athchruthú de shíor”.

Fág freagra ar 'Bowie an ‘Réaltnach’ chugainn as Gaeilge'

  • Pól Réamonn

    An mbeidh siad ag imirt roinnt dá chuid amhrán is cáiliúla?

    1. Athruithe
    2. Laochra
    3. Mo cailín beag na Síne
    4. Brón
    5. Damhsa sa Shráid

  • Liam Carson

    Pól – tá an t-eolas uilig le feiceáil ag https://www.paviliontheatre.ie/events/view/starman-the-david-bowie-project – beir bua, Liam