Bóthar ‘thar a bheith contúirteach’ i gConamara pléite i nDáil Éireann

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go raibh an chuma ar an scéal go raibh státseirbhísigh ag tarraingt na gcos maidir le huasghrádú ar an N59 agus deich mbliana caite ó tugadh cead pleanála don obair

Bóthar ‘thar a bheith contúirteach’ i gConamara pléite i nDáil Éireann

Dúradh I nDáil Éireann inniu go bhfuil sé thar am dul chun cinn a dhéanamh maidir le huasghrádú bóthair “thar a bheith contúirteach” in iarthar na Gaillimhe.

Agus é ag labhairt sa Dáil ar maidin, dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, go raibh deich mbliana ann ó tugadh cead pleanála chun an N59 i gConamara a uasghrádú ach nach bhfuil ach aon trian den obair sin curtha i gcrích. Mheas sé go raibh an chuma ar an scéal go bhfuil an státseirbhís arís “ag tarraingt na gcos” maidir le hobair forbartha i gConamara.

Tugadh cead in 2013 an chuid den N59 idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite a uasghrádú ach níl ach stráice 5km den bhóthar idir an Teach Dóite agus Bun an Choill curtha i gcrích go dtí seo.

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go raibh toradh iontach ar an obair atá déanta ach gur theastaigh obair eile a dhéanamh “go práinneach”. Dar leis nach raibh aon dul chun cinn déanta ó mhí Mheán Fómhair seo caite.

“Moill iomarcach” a bhí i gceist, a dúirt Ó Cuív, agus dhá thrian den obair fós le déanamh deich mbliana tar éis don chead pleanála a bheith tugtha.

“Níl an bóthar maith go leor ar chor ar bith agus tá sé contúirteach dóibh siúd a bhíonn ag taisteal air go rialta, dóibh siúd a bhíonn ag taisteal ar a gcuid laethanta saoire nó dóibh siúd a bhíonn ag dul siar go dtí an chuid sin de Chonamara ar chúis éigin eile,” a dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

Dúirt Malcolm Noonan, Aire Stáit sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, gur cás “casta” a bhí in uasghrádú an N59 toisc go raibh sé lonnaithe i limistéar faoi chaomhnú speisialta.

“Tá comhairle á lorg maidir le roinnt gnéithe teicniúla, eolaíochta agus riaracháin chun déanamh cinnte go bhfuil machnamh cuí á déanamh ar an scéal, mar is ceart,” a dúirt an tAire Stáit.

Dúirt sé nár mhór a bheith an-chúramach maidir leis an obair ach gur tosaíocht a bhí sa togra d’oifigigh na roinne.

Níor ghlac an Teachta Ó Cuív le freagra an Aire Stáit, áfach.

“Níl ach cur i gcéill i gceist sa teach seo le ‘chomh luath agus is féidir’. Ciallaíonn ‘chomh luath agus is féidir’ go bhfuil sé ar an méar fhada agus ní fios cén uair a gheofar freagra. Tá muid ag iarraidh dáta faoina mbeidh cinneadh againn.”

Dúirt Ó Cuív gur theastaigh soiléiriú maidir le “cé uathu a bhí an chomhairle theicniúil á lorg, cén fáth a bhfuil sí á lorg agus cén fáth nár lorgaíodh í roimhe seo?”

Fág freagra ar 'Bóthar ‘thar a bheith contúirteach’ i gConamara pléite i nDáil Éireann'