Boic mhóra Chorca Dhuibhne i mbun coimhlinte arís agus An Ghaeltacht agus Daingean Uí Chúis ag dul chun catha

Imreofar cluiche ceannais Chraobh Shinsir Chiarraí Thiar i bPáirc an Ághasaigh tráthnóna idir Daingean Uí Chúis agus An Ghaeltacht

Boic mhóra Chorca Dhuibhne i mbun coimhlinte arís agus An Ghaeltacht agus Daingean Uí Chúis ag dul chun catha

Daingean Uí Chúis v An Ghaeltacht

Páirc an Ághasaigh, 2.30pm

Lá mór na peile i gCiarraí Thiar atá ann inniu agus An Ghaeltacht agus Daingean Uí Chúis ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais na craoibhe áitiúla i bPáirc an Ághasaigh sa Daingean.

Seo boic mhóra na caide i gCorca Dhuibhne agus an chraobh seo buaite sé huaire déag ag an dá chumann seo, rud a fhágann go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le cluiche an lae inniu.

Is í foireann an Daingin rogha na n-údar.

Cé nach mbeidh siad sásta leis an taispeántas a thug siad in aghaidh Chiarraí Thoir ina gcluiche ceathrú ceannais i gcraobh an chontae mí Dheireadh Fómhair, is maith mar a chruthaigh Daingean Uí Chúis ó shin.

Bhí bua cuimsitheach acu ar Lios Póil i gcluiche leathcheannais Chraobh Chiarraí Thiar, 1-20 in aghaidh 0-10, agus bhí bua sé phointe acu ar Chrócaigh Chill Airne, 1-18 in aghaidh 1-12, i Roinn 1 na sraithe an deireadh seachtaine seo caite.

Bhí Conor Geaney, Paul Geaney agus Tomás Sheehy ar fheabhas i measc na dtosaithe sna cluichí sin agus seans maith go mbeidh an-tionchar acusan ar chluiche an lae inniu.

Tá an-díomá orthu nár éirigh níos fearr leo sa chraobh ach tá deis anois ag Daingean Uí Chúis críoch mhaith a chur leis an séasúr. Tá siad fós san iomaíocht chun Roinn 1 na sraithe a bhuachan ach bheadh údar mór ceiliúrtha acu chomh maith dá n-éireodh leo tráthnóna.

Má bhí imreoirí an Daingin gnóthach go maith le roinnt míonna anuas, is a mhalairt atá fíor faoi fhir na Gaeltachta. Cé go raibh scata acu le foireann Chiarraí Thiar a d’imir i gcraobh an chontae, níl ach dhá chluiche imeartha ag foireann na Gaeltachta ó dheireadh mhí an Mheithimh.

Thug an Léigiún greadadh dóibh sa tsraith ag tús mhí na Samhna agus ní raibh mórán le spáráil acu i mbabhta leathcheannais Chraobh Chiarraí Thiar i gcoinne Abhainn an Scáil, cluiche a  chríochnaigh leis an scór 0-13 in aghaidh 0-12.

Bhí an Ghaeltacht cúig phointe chun deiridh ar a gcéilí comhraic ag leath ama sa chluiche sin, 0-10 in aghaidh 0-5, ach bhí cóir na gaoithe acu sa dara leath agus d’éirigh leo teacht aniar a dhéanamh. Fós féin ba dhá chic saor ag Éanna Ó Conchúir sa chúig nóiméad deireanach a chinntigh an bua dóibh.

Lena ceart a thabhairt d’fhoireann na Gaeltachta, bhí Roibeard Ó Sé, Dara Ó Sé agus PJ Mac Láimh uile in easnamh orthu sa chluiche sin i gcoinne Abhainn an Scáil agus is buille mór é d’aon fhoireann imreoirí dá gcumas sin a chailliúint.

Imríodh cluiche crua idir na foirne seo ag Comórtas Peile na Gaeltachta i mbliana, nuair a bhuaigh fir na Gaeltachta, 0-8 in aghaidh 0-6. Thug Daingean Uí Chúis a n-aghaidh siar go Gallaras arís cúpla seachtain ina dhiaidh sin agus d’éirigh leo an uair sin, 1-13 in aghaidh 0-13.

Bíonn na cluichí seo idir comharsana crua i gcónaí agus díocas ar leith ar na himreoirí.

Fiú más iad fir an Daingin atá ag imirt níos fearr i láthair na huaire ní hin le rá go n-éireoidh leo tráthnóna.

Fág freagra ar 'Boic mhóra Chorca Dhuibhne i mbun coimhlinte arís agus An Ghaeltacht agus Daingean Uí Chúis ag dul chun catha'