Bíonn spideog bheag ag tabhairt cuairt orainn, Dia idir sinn agus gach olc!

Is éinín beag deas atá sa spideog, chomh fada is go bhfanann sí taobh amuigh den teach

Bíonn spideog bheag ag tabhairt cuairt orainn, Dia idir sinn agus gach olc!

‘Mamaí, tá spideog istigh faoin mbord,’ a d’fhógair an Babaí agus ríméad air. ‘Cuileog é sin, a leainín,” a dúirt mé, is níor bhreathnaigh mé aníos ón áit a raibh mé ag níochán soithí.

‘Tá an dá fhocal cosúil le chéile, ach is ainmhithe an-difriúla iad spideog agus cuileog.’

Chuala mé Beainín na Naíonáin Bheaga ag caint ansin. ‘Ach nach éan é spideog?’ a d’fhiafraigh sí díom agus amhras uirthi. ‘Is ea,’ a dúirt mé agus gan mórán airde agam ar an gcomhrá.

‘Is nach bhfuil dath dearg ar an mbolg acu?’ a d’fhiafraigh sí ansin.

‘Tá,’ a dúirt mé agus thosaigh amhras ag teacht orm féin.

‘Is an mbíonn siad ag itherice krispies?’ a d’fhiafraigh sí ansin.

Bhreathnaigh mé anonn agus is ansin a chonaic mé í. Spideoigín bheag ramhar a bhí ann agus í ar a preabadh beag istigh faoin mbord san áit a mbíonn an Babaí suite go hiondúil agus é ag ithe a bhricfeasta.

Chomh luath is a bhreathnaigh mé anonn is go bhfaca mé í, d’éirigh sí san aer de chleitearnach fhiánta is d’éalaigh amach an doras cúil.

Níl aon locht agam ar an spideog, is éinín beag deas atá inti, chomh fada is go bhfanann sí taobh amuigh den teach.  Ach tá a fhios ag chuile dhuine gur comhartha báis an spideog a theacht isteach sa teach chugat. Nó an bhfuil a fhios?

‘Ó nach álainn é sin,’ a dúirt mo chara liom nuair a d’inis mé an scéal di.

‘Is dóigh go bhfuil peata nua agaibh anois,’ a dúirt sí liom.

Chaithfinn ceist a chur ar dhuine éicint a mbeadh fios acu faoi na rudaí seo. Chuimhnigh mé ar mo chomharsa béal dorais.

‘Tá spideog tosaithe ag teacht isteach sa gcistineach chugainn le cúpla lá anuas,’ a dúirt mé leis ar nós cuma liom.

‘Tá súil agam go bhfuil tú ag déanamh an lotto,’ a dúirt sé liom. ‘Nach í an spideog rí na n-éan? Ná déan dearmad ormsa nuair a bhuann tú an t-airgead mór!’

Bhreathnaigh mé air ar feadh nóiméid, d’airigh mé faoiseamh. Ach ansin chuimhnigh mé orm féin. ‘An bhfuil tú cinnte nach é an dreoilín atá i gceist agat?’ a d’fhiafraigh mé de. “Dreoilín, dreoilín, rí na n-éan?’

‘Ó, yeah,’ a dúirt sé.

D’fhás imní i mo chroí an tráthnóna sin nuair a tháinig an spideog ar ais arís. An uair seo, bhí cara beag tanaí in éineacht léi is ba gheall le Laurel agus Hardy an péire acu agus iad ag múitseáil thart faoin mbord.

Ar cheart dom chuile dhuine sa teach a chur ag slogadh Vitimín C is Actimels? Nó an bhfuil aon mhaith le carraigín nó eiceanáise i gcoinne mhallachtaí na n-éan? An raibh sé in am againn bogadh amach as an teach ar fad?

‘Ach meas tú sa diabhal cén fáth go bhfuil siad ag teacht isteach sa teach chuile lá?’ a dúirt mé ar deireadh leis na gasúir agus beagán faitís buailte orm, admhaím.

‘Ceapaim gurb é an chaoi gur maith leo na rice krispies,’ a mhínigh Beainín na Naíonáin Bheaga dom.

Fág freagra ar 'Bíonn spideog bheag ag tabhairt cuairt orainn, Dia idir sinn agus gach olc!'