Bíonn fáilte i gcónaí roimh ghiolc na fuiseoige

Ceapadh dá bhfeicfí an fhuiseog go hard sa spéir gur comhartha a bheadh ansin go raibh dea-aimsir ar an mbealach

Bíonn fáilte i gcónaí roimh ghiolc na fuiseoige

Ag cuimhneamh ar an bhfear iontach sin Michael Viney a bhí mé nuair a chuala mé an fhuiseog ag cur a craicinn di os ár gcionn. Amuigh ar phortach Sheanadh Bhuire a bhí mé féin agus mo chara ag an am.

Is gearr ó cailleadh Michael Viney. Chaith sé seasca bliain ag scríobh ailt chuile sheachtain don Irish Times. I mí Feabhra seo caite a scríobh sé an ceann deireanach acu. Bhí sé i bhfoisceacht beagán laethanta do dheich mbliana agus cheithre fichid d’aois ag an am.

Dúirt sé go raibh sé ina luí ar a dhroim go gairid roimhe sin agus é ag breathnú trí na déshúiligh ar an bhfuiseog san aer.

Nuair a léigh mise é sin thug mé chun cuimhne dhá líne as amhrán:

Gach aon riamh mar oiltear

Is an fhuiseog ins an mhónaidh.

Seinneann fuiseog álainn go hard os cionn an cheo, a dúradh san amhrán Mo Chailín Donn.

Chuimhnigh mé freisin ar ndóigh ar Nead na Fuiseoige, an clár breá ceoil a bhíonn ag Gráinne Ní Dhomhnaill ar Raidió na Gaeltachta chuile mhaidin.

Bíonn Gráinne ina suí le giolc na fuiseoige.

I mí Feabhra a chuala Michael Viney an fhuiseog ach níor chuala mise í go dtí an lá faoi dheireadh. Is aisteach nár chuala mar go ndeirtear liom go mbíonn sí le cloisteáil ó Lá Fhéile Bríde amach.

Bíonn fáilte roimpi i gcónaí. Tiocfaidh an lá fós a mbeidh ceol ag na fuiseoga, a deireadh daoine agus iad ag cuimhneamh go mbeadh an aimsir go breá aríst.

Ceapadh dá bhfeicfí an fhuiseog go hard sa spéir gur comhartha a bheadh ansin go raibh dea-aimsir ar an mbealach. Ach bhí daoine ann nár chreid é sin.

Insítear scéal as Ciarraí faoi thriúr nó ceathrar fear a a bhí ag triomú féir. D’éirigh fuiseog go hard sa spéir tráthnóna agus thosaigh sí ag ceol. Dúirt an bhean a bhí in éineacht leis na fir nach raibh aon chall dóibh an féar a chocadh mar go mba léir ó cheol na fuiseoige gur aimsir bhreá a bheadh ann an lá dár gcionn.

Labhair an t-athair leis an mac ansin: “Ná creidse an fhuiseoigín riamh, a mhic, mar is comhrá gan chiall a bhíonn age mná. Pé an áit a n-éireoidh an ghrian is mar is toil le Dia a bheas an lá.”

Ní minic a thugtar fuiseog faoi deara ar an talamh. Seo mar a chuir an scríbhneoir Seán Mac Giollarnáth síos ar cheann acu a chonaic seisean uair amháin:

“Shiúil mé isteach go lár an oileáin agus chualas ceol fuiseoige. Níor fhéadas an fhuiseog d’fheiscint. Bhí an spéir go glan ach ní raibh fuiseog in amharc. Bhíos ag ceapadh ar dtús gur anuas a bhí an ceol ag teacht mar is gnách le ceol fuiseoige ach thugas faoi deara nárbh ea.

D’éisteas tamall go haireach agus d’fhéachas i dtreo an cheoil. Bhí an t-éan ar an talamh cinnte, agus ba ghearr go bhfacas é. Bhí sé ina sheasamh ar thom féir agus é ag ceoltóireacht ar a dhícheall. Bhí iontas an domhain orm fuiseog a fheiscint ag déanamh ceoil ar an talamh. Aimsir ghoir a bhí ann agus is amhlaidh a bhí an coileach ag coinneáil comhluadair lena chéile a bhí ar an nead sa bhféar in aice leis.”

Fág freagra ar 'Bíonn fáilte i gcónaí roimh ghiolc na fuiseoige'