Bíodh Bódléar le d’ais más dea-chaint, dea-Ghaeilge is greann atá uait 

Sárscríbhneoir é Darach Ó Scolaí ach tá buanna an dathadóra, an ailtire agus an scannánaí aige freisin

Bíodh Bódléar le d’ais más dea-chaint, dea-Ghaeilge is greann atá uait 
Bódléar
Darach Ó Scolaí
Leabhar Breac
€18

Ní tharraingeodh Paul Henry féin an Baile Beag leath chomh spéiriúil ná chomh grinn agus a dhéanann Darach Ó Scolaí ar an gcéad leathanach den leabhar seo.

Is maith an aithne a bhíodh ag cuid againn ar shaol, saothar agus dinnseanchas bhailte beaga dá leithéid, ‘trí bhuille sciatháin ó mhullach sléibhe go híochtar trá’.

Ní dathadóir amháin é an t-údar mar scannán beo a chonaic mise sa gcéad chaibidil sin, liútar éatar gan bhuíochas agus gnúsacht an chuairteora mór le rá faoi ‘dheireadh na héigse’. Ailtire é freisin mar is iomaí urlár san úrscéal seo ach iad uilig ag luí le chéile.

Gan pápaireacht dá laghad is deas mar a thuigimid an t-ómós don fhilíocht, an goineadh chuici ag dealbh is toicí agus mar a fágadh dhá leagan déag den amhrán againn.

Bliain i saol an bhaile bhig ó chuaigh na scoileanna scairte i léig ag deireadh an 18ú céad go dtí an cúpla bliain sin ó 1848 nuair a bhí Napoleon ina Uachtarán ar Phoblacht na Fraince atá sa scéal. Is eol dúinne go maith nach taobh le filíocht, saíocht is muinín a cailleadh i mblianta sin an ghorta mhóir.

Novella a dhéanann ceiliúradh ar an ngaol speisialta a bhí againn leis an bhFrainc agus hommage d’Fhilí na Máighe agus do Phádraig Ua Maoileoin, a deir an sár-údar linn atá sa saothar seo agus línte, tagairtí is friotal a gcuid amhrán ina leacht urraime.

File ón mBaile Beag a chur go dtí an Chúirt Filíochta i gCromadh is luach an bhealaigh leis cnámh droma an úrscéil agus an flosc agus an fháilte a bhí roimh Bheachla ar a theacht abhaile dó a thugann ar an mBaile Beag muid. Bheadh amhráin Chromadh abhaile leis agus bheidís á rá ag chuile dhuine beo tar éis oíche san ósta.

Is léir gur bhuail splanc éigin an máistir file i gCromadh a d’athraigh a mheon faoi na filí a bhí i réim cois Máighe, ‘salmairí fadscéalacha’ agus é cinnte anois ‘nach raibh sa bhfilíocht ach bréag’ agus go raibh seisean réidh leis an ‘bréagaireacht’.

Ní ann do Cháit Ní Dhuibhir ná ‘flítí longa lána’ ar an Seine le teacht i gcabhair orainn. Seachas filíocht nósúil fhoirmiúil na bhfilí a mbíodh orthu misneach an phobail a chothú, an fhírinne, an ‘fód móna’ a bheas ina chuid filíochta féin feasta.

Ar nós chuile bhaile beag atá sáinnithe ag póca is bráca, ramhraíonn an pobal seo ar chúlchaint, dea-chaint agus béadán agus is maith uathu saill a chur ar ráfla, meáin shóisialta chearta. Tugann an file, an sagart, an t-óstóir agus na cailleachaí neart ábhar grinn dúinn ach tá tuiscint dhomhain acu ar an saol freisin. Céard faoi Anraí an Ósta a athraíonn ainm a mhná in ómós do chéile file!

Is breá liom an éachtaint ar scoil an bhaile bhig – an máistir a bhfuil Terence, Ovid is Cervantes á theagasc aige do ghasúir chosnochta an ghanntain.

Agus an máistir ar mhisean nua-fhilíochta an modernité, is gearr an mhoill ar an sagart ar ghean leis an tseanfhilíocht, a chóta a iompú – rinneadh Seacaibíteach, Bónapartach agus Págánach de Bheachla agus den fhile agus a hathair a sheas leis, fiú a máthair atá san uaigh níor spáráladh a clú.

Tugadh tópar do Bheachla agus cuireadh máistir óg, baratón na rabhcán, ina áit mar oide agus mar fhile. An t-uiscealú agus an díothú cultúrtha mar réamhtheachtaire ag an nGorta Mór.

Níorbh aon áit aduain an Fhrainc ar an mBaile Beag iargúlta seo, chaith an sagart agus an ceannaí seal sa gcathair sin ag ól café au lait is fíona! Tá a cultúr le fáil i bpúirín portaigh i bhfad roimh TVCinq – Camembert, Le Journal Illustré agus Charles Baudelaire agus a chuid Fleurs du Mal, an fhírinne ghoirt chéanna a bhí á lorg ag Beachla [Bódléar] lena cafetière ina fheisteas péacach à la mode.

Cén bhrí atá agatsa le rancás? Is fiú duit an leabhar seo a léamh don tsanasaíocht uilig ar an mBaile Beag. Seoid! Cé againn nach bhfolaíonn ár n-aineolas le scil bhréige!

Níl toirt ó thaobh leathanach sa leabhar seo atá lán le comhrá craicneach agus na céadta bliain d’oidhreacht Ghael fite fuaite tríthi, solamar atá á cheilt ar shliocht na mbard.

Amhail gach baile beag sa domhan bíonn ‘princeam is pramsach’ is radaireacht ar siúl anseo agus dúspéis ina leithéid.

Bíodh Bódléar le d’ais más dea-chaint, dea-Ghaeilge is greann atá uait agus geallaim duit go ngéaróidh Bódléar do ghoile le ghabháil ag ransú Michael Hartnett nó An Duanaire 1600-1900 i gcaitheamh na Nollag. Ní bheidh tú ina aiféala.

Fág freagra ar 'Bíodh Bódléar le d’ais más dea-chaint, dea-Ghaeilge is greann atá uait '

  • Colette

    Dá mbeadh an leabhar mór téagartha Fios Feasa 3 Díolaim Filíochta na hArdteiste le Breandán Ó Buachalla (726 leathnach) a foillsíodh i 1974 fós i gcló bheadh eolas ag an aos óg ar Ó Bruadair, Ó Rathaile, Mac Cuarta srl díreach mar a bhíonn eolas acu ar Yeats agus Shakespeare.