Bhlais John Hume ‘den tsíocháin’ é féin i nGaeltacht Dhún na nGall

Ag Aifreann sochraide John Hume inné, thagair a mhac don ghean bhí aige ar Ghaoth Dobhair agus ar Dhún na nGall

Bhlais John Hume ‘den tsíocháin’ é féin i nGaeltacht Dhún na nGall

Ba go Gaeltacht Dhún na nGall a théadh John Hume ar feadh blianta fada chun “blaiseadh den tsíocháin” agus é thóir suaimhnis dó féin agus dá chomhluadar.

Agus é ag caint ag sochraid a athar, labhair John Jr faoin ngrá a bhí ag John Hume do Dhún na nGall agus go háirithe don Bhun Beag i nGaoth Dobhair agus ina dhiaidh sin do Bhun an Phobail.

“Fear a bhí ann a raibh gean a chroí aige do Dhún na nGall agus chaith sé go leor dá chuid saoire san mBun Beag agus sa gCaisleán Nua/Bun an Phobail, mar a bhfaigheadh sé deis dearmad a dhéanamh ar a chuid oibre agus sos a ghlacadh. Ansin a d’fhaigheadh sé an deis faoi dheireadh a scíste a ligean agus an ciúnas agus an tsíocháin a bhí ag dul dó a bhlaiseadh.”

Sula bhfuair siad teach saoire i mBun an Phobail in Inis Eoghain, chaith John agus Pat Hume na blianta ag teacht ar saoire go dtí an Bun Beag lena bpáistí.

Ghabh John Hume Jr a bhuíochas le muintir Dhoire agus Dhún na nGall as a gcineáltas lena athair, as é a threorú “lena neamhspleáchas a chosaint” agus as a bheith “mánla séimh leis nuair a bhíodh sé suaite”. Dúirt an mac gurbh “iontach go deo an bronntanas é cairdeas na ndaoine sin don chlann ar fad”.

“Beimid buíoch go deo do na daoine ar fad a chuidigh linn leis na blianta,” a dúirt sé.

Pictiúr: Stephen Latimer Photography / RollingNews.ie / POOL

Bhí Seán Donlon, iar-ambasadóir de chuid na hÉireann, ar dhuine acu siúd a luaigh an tseachtain seo a thábhachtaí agus a bhí Dún na nGall i scéal John Hume agus scéal an pháirtí a bhunaigh sé, an SDLP.

“Bhí caidreamh gairmiúil an-dlúth eadrainn sna 1970idí nuair a bhí mise i mo thoscaire neamhoifigiúil ag Baile Átha Cliath chuig páirtithe polaitiúla an Tuaiscirt.

“Le go mbeadh sé níos éasca an caidreamh sin a chothú sna samhraí achrannacha sin, théimis ar saoire le chéile lenár dteaghlaigh óga go dtí An Bun Beag i nDún na nGall, áit a bhí ina thearmann ag an tráth sin ag go leor de pholaiteoirí an SDLP agus a lucht tacaíochta. Ba mhór an onóir domsa a bheith i mo bhreathnóir Bhaile Átha Cliath ag cruinnithe Pharlaimint an Bhuna Bhig.

“Mar a tharlaíonn i gcúrsaí taidhleoireachta go hiondúil, bhíodh spraoi againn freisin. Chuamar ar bhád go hoileán Ghabhla, dhreapamar an Earagail, bhíodh picnicí againn ar thrá ghalánta Mhachaire Gathlán agus is iomaí seisiún amhránaíochta a bhíodh againn go han-déanach in óstán Ghaoth Dobhair. Ba é John Hume croí na cuideachta ag na seisiúin sin agus ba é a tharraing Seamus Heaney, Brian Friel agus Seamus Deane ansin, an triúr a bhunaigh grúpa Field Day ina dhiaidh sin.

“Is mór eile ó shaol an cheoil, na litríochta, na hailtireachta agus an dlí a chaith tamall inár dteannta ag na seisiúin sin.”

Fág freagra ar 'Bhlais John Hume ‘den tsíocháin’ é féin i nGaeltacht Dhún na nGall'