‘Bhí seans againn ach níor bhuamar cluiche ceannais na hÉireann, tá muid ag iarraidh é sin a chur ina cheart’ – Seán Kelly

Labhair Tuairisc le captaen na Gaillimhe Seán Kelly roimh chluiche ceannais peile na hÉireann idir Gaillimh agus Ard Mhacha

‘Bhí seans againn ach níor bhuamar cluiche ceannais na hÉireann, tá muid ag iarraidh é sin a chur ina cheart’ – Seán Kelly

Ag trácht ar bhabhtaí ceannais sa spórt, deirtear go mbíonn ar dhuine nó ar fhoireann “ceann a chailliúint sula mbeidh siad in ann ceann a bhuachan”.

Níl aon bhunús leis mar nath i ndáiríre. Ní raibh cluiche ceannais na hÉireann caillte ag iománaithe an Chláir sular bhuaigh siad ar Chorcaigh Dé Domhnaigh seo caite. Is beag dúshláin ar an bpáirc a bhí sáraithe ag na hógánaigh Yamine Lamal agus Niko Williams sular thug siad leo craobh EURO 2024 leis an Spáinn an mhí seo.

Tá ciall áirithe ag baint leis an ráiteas, áfach, sa mhéid is go mbíonn taithí bhreise ag dream a bhain an lá mór amach roimhe seo agus b’fhéidir díocas breise freisin murar éirigh leo.

Beidh captaen na Gaillimhe Seán Kelly agus a chomrádaithe ag súil gur fíor an chuid sin thuas agus iad ag fáil réidh do chluiche ceannais peile na hÉireann i gcoinne Ard Mhacha ag an deireadh seachtaine.

Bhí Gaillimh sa chluiche ceannais dhá bhliain ó shin agus taispeántas maith tugtha acu i gcoinne Chiarraí ach ba iad fir na Ríochta a d’fhág le Corn Mhig Uidhir agus na Gaillimhigh fágtha gan tada seachas taithí.

“An tseachtain roimh an gcluiche, beidh an taithí sin a fuair muid ar a bheith ag plé le ticéid agus gach rud mar sin tábhachtach ach chomh luath is a thosaíonn an cluiche, caithfear sin uile amach,” a deir Kelly.

Tá aithne mhaith ag Ard Mhacha agus Gaillimh ar a chéile tar éis dóibh casadh ar a chéile sa chraobh le trí bliana anuas. Bhuaigh Gaillimh cluiche ceathrú ceannais idir na foirme ar chiceanna éirice in 2022, bhuaigh Ard Mhacha cluiche grúpa anuraidh agus chríochnaigh na foirne ar comhscór ansin níos luaithe an samhradh seo.

Agus an cleachtadh sin acu ar imirt a chéile, d’fhéadfadh go mbeadh an lucht bainistíochta sa dá chontae ag obair ar chleas nó dhó chun teacht aniar aduaidh ar a gcéilí comhraic ach deir fear Mhaigh Cuilinn gur ag díriú ar a gcuid imeartha féin den chuid is mó atá na Gaillimhigh roimh an Domhnach.

“De ghnáth bíonn an plean céanna againn ach athraíonn muid píosa nó dhó gach cluiche. Sin rud a bheidh orainn a dhéanamh arís anois. Tá imreoirí iontacha ag Ard Mhacha – Rian O’Neill, Conor Turbitt, leaids ón mbinse acu chomh maith ar nós Stefan Campbell chun teacht isteach lagus  20 nó 30 nóiméad fágtha. Cuireann sé sin an-bhrú orainn agus b’fhéidir go mbeadh orainn rud nó dhó a athrú ach tá an gnáthphlean againn agus beidh muid ag iarraidh é sin a chur i bhfeidhm.”

Tá obair bhreise le déanamh ag Kelly chun a bheith réidh don chluiche ceannais agus é ag iarraidh teacht chuige féin ó ghortú a bhain do theannán a ioscaide. Níor imir an Ceallach ach an chéad 20 nóiméad sa chluiche a bhuadar ar Áth Cliath sna babhtaí ceathrú ceannais sula raibh air an pháirc a fhágáil agus ní dheachaigh sé chun páirce ar chor ar bith sa chluiche leathcheannais i gcoinne Dhún na nGall.

Seán Kelly. Pictiúr: INPHO/Ben Brady

“Táim á thógáil ó lá go lá. Déanfaidh mé píosa traenála agus feicfidh mé céard atá mé in ann a dhéanamh [sa chluiche ceannais],” ar sé.

D’admhaigh Kelly anuraidh gur botún a bhí ann imirt i gcoinne Mhaigh Eo i gcraobh na bliana seo caite nuair a bhí sé ar leathchois. Díbríodh Gaillimh ón gcraobh an lá sin agus chaill Kelly cuid mhaith d’fheachtas Mhaigh Cuilinn i gcraobh an chontae dá bharr.

D’fhear a bhí lán fuinnimh agus brí agus é amuigh ar an bpáirc, is beag an t-iontas nach maith leis a bheith sina shuí ar an taobhlíne, go háirithe agus an chraobh ag dul i ndéine, ach deir Kelly go ndéanfaidh sé aon rud atá ar a chumas chun tacú le Gaillimh sa chluiche ceannais.

“Le cúnamh Dé, beidh mé in ann imirt ach mura bhfaighim an seans, tá jab le déanamh agam go fóill. Tá ról ag gach duine ar an scuad chun atmaisféar maith a chruthú, go mbeadh atmaisféar maith ag traenáil.”

Agus Kelly ar iarraidh, tá imreoirí eile tar éis an poll atá fágtha aige ar an bhfoireann a líonadh. Is iad Dylan McHugh agus John Maher an bheirt is mó a fuair moladh go dtí seo ach tá scata eile ann freisin, fir b’fhéidir nach raibh mórán ag súil go mbeadh a leithéid de thionchar acu – Céin D’Arcy, Seán Mulkerrin agus Seán Fitzgerald ina measc.

Bhí Gaillimh scriosta ag gortuithe i rith an earraigh ach tá an fhoireann anois ag baint tairbhe as an taithí a fuair imreoirí a bhíodh ar an imeall roimhe sin.

“Rinne an fhoireann go hiontach sa tsraith agus fuair na himreoirí an-taithí. Chuir sé sin forbairt ar an bpainéal agus chabhraigh sé go mór linn,” a deir Kelly.

Sean Kelly. Pictiúr: ©INPHO/Tom Maher

“Tá imreoirí iontacha againn chun críoch a chur le cluiche agus mura bhfaigheann tú geansaí 1-15, tá a fhios agat go bhfuil seans iontach agat teacht isteach agus tionchar a bheith agat ar an gcluiche. Fuair go leor imreoirí sa scuad taithí mhaith le linn na sraithe agus tá seans acu anois imirt agus tionchar a bheith acu ar chluiche ceannais na hÉireann.”

Céim mhór eile i bhforbairt na foirne a bhí sa bhua ar Áth Cliath, seaimpíní na hÉireann agus contae nár bhuaigh Gaillimh orthu sa chraobh peile le 90 bliain roimhe sin. Rinneadh ceiliúradh ar leith ar an bpáirc agus sna seastáin nuair a séideadh an fheadóg dheireanach an oíche sin i bPáirc an Chrócaigh ach deir Kelly nach fiú tada an bua, ná an ceann sa chluiche leathcheannais i gcoinne na gConallach, mura n-éiríonn le Gaillimh an t-aon jab amháin atá fágtha a dhéanamh.

“Fuaireamar seans le cluiche ceannais a bhuachan agus níor bhuamar é. Tá muid ag iarraidh é sin a chur ina cheart anois an uair seo.”

Fág freagra ar '‘Bhí seans againn ach níor bhuamar cluiche ceannais na hÉireann, tá muid ag iarraidh é sin a chur ina cheart’ – Seán Kelly'