Bhí imreoirí níos cumasaí ná Donnchadh Walsh ag Ciarraí, ach ní raibh imreoir níos tábhachtaí acu

D’fhág Donnchadh Walsh slán lena shaol i ngeansaí na Ríochta díreach mar a d’imir sé ann – le humhlaíocht, le hurraim agus gan aon rian den mbuaileam sciath ná den bhféinspéis a bhraitear coitianta ó scata eile

Bhí imreoirí níos cumasaí ná Donnchadh Walsh ag Ciarraí, ach ní raibh imreoir níos tábhachtaí acu

Níl aon amhras ná go raibh imreoirí níos cumasaí ná Donnchadh Walsh ag imirt i ngeansaí Chiarraí le deich mbliana anuas. Ach ní dócha go raibh imreoir níos tábhachtaí.

Le linn an tsamhraidh sa bhliain 2013, agus é ag iarraidh dé na dánaíochta a choimeád ina beathaigh ann, is cuimhin liom Tomás Ó Sé ag rá liom go mbíodh laethanta go mba bhreá leis dhá chois Dhonnchadh a bhriseadh ina dhá leath! Thuig Ó Sé agus scata eile leathchúlaithe a tháinig roimis agus ina dhiaidh ná féadfaí coimeád gob ar ghob, guaille ar ghuaille le Donnchadh Walsh le linn seisiúin thraenála ná le linn chluiche.

Is mó leathchúlaí a chuir a dtóineanna ar an dtine ag iarraidh coimeád leis i gcaitheamh na mblian ach go dtí an dtaca seo anuraidh, ní fhéadfainn cuimhneamh ar oiread is cosantóir amháin ar éirigh leis san iarracht.

Ba léir i ndeireadh na biaiste 2017 go raibh tobar na coisíochta is na síorghluaiseachta ag dísciú ann agus go raibh sé ag dul níos déine air éalú ón dtóir. Cheapas an dtaca seo anuraidh go mb’fhéidir go dtiocfadh an fógra scoir agus an ráiteas clabhsúir a tháinig inné. Nuair nár tháinig agus nuair a chonac arís i gcoinne na Gaillimhe i lár mhí Iúil na bliana seo é, thuigeas go raibh an tobar sniogtha go maith aige.

Dála na n-imreoirí is fearr, theastagh uaidh é féin a thástáil aon bhabhta amháin eile, a mhianach agus a anam a nochtadh aon bhiaiste amháin eile féachaint an raibh aon ní eile fágtha gan déanamh. Dála scata roimis, theastaigh an lán stad seachas an comhartha ceiste uaidh.

Níor chuir sé aon iontas, dá réir sin, an tseachtain seo orm nuair a chonac an fógra agus ní lú ná san, ná níor chur nádúr, tuin ná toirbhirt an fhógra aon iontas ach an oiread orm. Aoinne go mbeadh aon aithne acu ar an bhfear, ní bheidís ag súil lena mhalairt ach go bhfillfeadh sé ar a dhúchas agus ar a mhuintir chun a chuid a rá.

D’fhág sé slán lena shaol i ngeansaí na Ríochta díreach mar a d’imir sé ann – le humhlaíocht, le hurraim agus gan aon rian den mbuaileam sciath ná den bhféinspéis a bhraitear coitianta ó scata eile.

 ©INPHO/James Crombie

Thugas blianta ag áiteamh i dtithe tábhairne agus ar ardáin chaide ar fuaid na tíre le daoine nár thuig, dar liom, a luach mar imreoir. Toisc go bhfuil sé ar dhuine dem’ dhlúthchairde, chuireadh sé soir i gcónaí mé a bheith ag éisteacht le daoine nár aithin a ról sa chluiche nua a bhí ag teacht sa treis tar éis do Thír Eoghain buachtaint ar Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann deich mbliana ó shin.

Ainneoin a dhíchill i gcaitheamh na bliana 2009, b’éigean dó an stáitse a fhágaint ag Tadhg Kennelly sa líne leaththosach don gcluiche ceannais. Nuair a bhí a chion déanta ag Kennelly agus a theanga amuigh ag Graham Canty gar do bhuille na huaire, b’sheo chughainn fear an Chromáin chun laoch Chorcaí a stánáil tuilleadh. Chruthaigh Walsh trí cinn as na ceithre phointe deireanacha a d’aimsigh Ciarraí chun an cluiche ceannais sin a bhreith leo ach ba ag Kennelly a bhí ceannlínte na maidine.

Bliain ina dhiaidh sin, agus contae an Dúin ag breith amuigh arís ar Chiarraí, deineadh éagóir ar Walsh nuair a cuireadh den bpáirc é ar dhá chárta buí, an chéad cheann chomh huisciúil is chomh míthuisceanach de chinneadh is a chonac ó mhaor taobhlíne agus réiteoir in éineacht. Thuig imreoirí an Dúin a luach agus chuathas i ngleic leis an ndúshlán.

Bhí Walsh lárnach in aiséirí Chiarraí sa bhliain 2011, ach ní dócha go bhfuil de chuimhne ag éinne air sin ach ar bháide Kevin McManamon agus ar phointe Stephen Cluxton. Bliain ina dhiaidh sin, agus réabhlóid Dhún na nGall ag suncáil na Ríochta, b’é Walsh an t-aon imreoir ar an bpáirc ag Ciarraí a tháinig slán lena dhintiúirí ach ní chloistear go deo ó fhear caillte na himeartha.

©INPHO/James Crombie

Fágann sé lán sáspan de chuimhní geala ina dhiaidh agus níl aon amhras ná gur le linn réimeas Éamoinn Mhic Muiris mar bhainisteoir a bhláthaigh Walsh i gceart mar imreoir agus mar cheardaí.

Sa chluiche éachtach leathcheannais úd idir iad agus Áth Cliath i 2013, dhein Walsh file chaoch do Jack McCaffrey. Cuimhneofar ar an mbáide a chruthaigh agus a d’aimsigh sé agus ar a chumas pócaí folaithe spáis a aimsiú dó féin- tréith a tháinig chun cinn go mór sa ré nua caide seo ina dtéann sé dian ar éinne a leithéid a dhéanamh leis an síorphlúchadh atá ar bun.

Tháinig bonn uile Éireann an bhliain dar gcionn agus, dála John Egan roimis, tosnaíodh ag lua ainm Walsh i gcomhráití ina mbítí ag caint ar na himreoirí sin ná haithnítear ná nach n-áirítear a luach. Tá a fhios agat go bhfuil do chóta bán déanta i gCiarraí nuair a tharlaíonn san.

Tháinig an t-aitheantas aonair sa bhliain 2015 ach ainneoin laethanta iontacha d’éalaigh na boinn uile Éireann tríd na mogaill uaidh as san go deireadh a ré.

Beidh rudaí deasa á rá agus á scríobh i gCiarraí faoi as seo go ceann roinnt laethanta ach, thar aon imreoir eile ar m’aithne, ní dóigh liom go gcloisfear puinn uaidh féin feasta.

Beidh suaimhneas ag dáil na leathchúlaithe i Staid an Ghearaltaigh dá éis chomh maith. Tá giorria an Chromáin ar lár.

Fág freagra ar 'Bhí imreoirí níos cumasaí ná Donnchadh Walsh ag Ciarraí, ach ní raibh imreoir níos tábhachtaí acu'

  • Aililiú!

    Bainim sult as do chuid alt, a Dhara. Is iontach an chuimhne atá agat. Agus is maith thú ag cur fuinneamh sa scéal!