Bhí cúlra míleata nó póilíneachta ag 20% díobh siúd a bhí ar a dtriail i ndiaidh chíréib an 6 Eanáir

Tá suim le fada ag ár gcolúnaí in imeachtaí cúirte agus spéis ar leith aici dá bharr i dtuairisc fúthu siúd ar cuireadh an dlí orthu tar éis an scliúchais i Washington in 2021

Bhí cúlra míleata nó póilíneachta ag 20% díobh siúd a bhí ar a dtriail i ndiaidh chíréib an 6 Eanáir

Is fada an lá ó cuireadh siar chuig Cúirt Dhoire an Fhéich mé, ar son an pháipéir Amárach.

Shíl an t-eagarthóir go mbeadh an-suim ag ár gcuid léitheoirí in imeachtaí na cúirte, na cásanna, na fíneálacha agus mar sin de. Thugadh mé corrchuairt freisin ar chúirteanna eile thart ar Chonamara.

Tá suim thar na bearta agam ó shin i leith in imeachtaí cúirte, bídís i gceantar beag tuaithe anseo in Éirinn nó sa Stát is cumhachtaí ar domhan. Bainim an-cheart de na tuairiscí, go háirithe, sa méid a bhaineas le finnéithe, agus an fhianaise a thugtar sna cásanna.

Tá na trialacha cúirte a bhaineann leis an scliúchas in Washington ar an 6 Eanáir 2021 ag leanacht ar aghaidh i gcónaí. Ní mórán tuairiscí nuachta a fheictear mar gheall orthu na laethanta seo – tá scéalta eile tagtha chun cinn agus súil ghéar ag gach éinne ar an olltoghchán atá gar go maith dúinn anois, ar an 5 Samhain, 2024.

An scéal is deireanaí atá feicthe agam faoin toghchán, léirigh sé go raibh an dá iarrthóir céim ar chéim lena chéile agus má bhí feachtas aon duine acu ag lagú, ba é feachtas iarrthóir na nDaonlathach Kamala Harris, é.

Tharraing an t-iarUachtarán Barack Obama aird ar imeachtaí an 6 Eanáir agus é ag toghchánaíocht do Kamala Harris an lá cheana. Mheabhraigh sé don slua go raibh beatha an Leas-Uachtaráin Mike Pence i mbaol an lá áirithe sin agus gur cuireadh é sin ar a shúile don iarUachtarán Donald Trump, a bhí ag gríosú an tslua.

‘So what?’ a dúirt Trump. Mheabhraigh Obama dá lucht éisteachta gur drochsheans go seasfadh duine ar son chearta an phobail nuair nach gcosnódh sé a Leas-Uachtarán féin.

Ach fós féin, tá lucht tacaíochta mór millteach ag Trump agus seans maith aige ar an Uachtaránacht an iarraidh seo.

Agus mé ag cuimhneamh ar na cásanna cúirte, tháinig an méid a dúirt bean a bhí sna póilíní i Meiriceá ar ais chugam – labhair mé léi in Eanáir 2021, go gearr tar éis an scliúchais in Washington. Chuir sise iontas an domhain orm nuair a dúirt sí liom an uair sin go raibh go leor daoine a raibh cúlra míleata nó cosanta acu, i measc na ndreamanna ar an eite dheis a bhí ina gcrann taca ag Trump.

Ba dheacair é sin a chreidiúint. Nach ndearnadh ionsaí fíochmhar fuilteach ar na póilíní cosanta sa Chaipeatól an lá sin? Ní fhéadfadh sé a bheith fíor go ndéanfadh baill nó iarbhaill de na fórsaí míleata agus póilíneachta ionsaí ar a gcomhoifigigh?

Fuair mé amach le gairid go bhfuil an tsuim chéanna in imeachtaí na gcúirteanna ag scríbhneoir i Meiriceá agus atá agam féin. Le bliain anuas, chaith an bhean seo laethanta fada ag 14 cás cúirte a d’eascair as imeachtaí an 6 Eanáir agus staidéar déanta aici ar ghnéithe éagsúla na dtrialacha.

Is cosúil go raibh an ceart ar fad ag an mbean sin ón tseirbhís póilíneachta, a labhair liom beagnach ceithre bliana ó shin.

I mí Lúnasa a foilsíodh an tuairisc is deireanaí maidir leis na cásanna cúirte. Faoin dáta sin, bhí téarma príosúin gearrtha ar 944 duine a bhí cúisithe, agus 562 acu faoi ghlas. Rinne dream in Ollscoil Seton Hall staidéar ar na daoine a bhí cúisithe agus fuaireadar amach go raibh cúlra míleata nó póilíneachta ag fiche faoin gcéad acu – díreach mar a thuairisc an bhean úd dom.

Dar leis an FBI chuaigh 2,500 duine isteach i bhfoirgneamh an Chaipeatóil gan chead an lá sin – ciallaíonn sé sin go bhfuil 1,000 duine fós nár gabhadh agus a raibh baint lárnach acu leis an ionradh.

Tá spriocdháta ag na haturnaetha atá ag obair ar na cásanna seo. Tá sé ráite ag Donald Trump go dtabharfaidh sé pardún do na daoine ar fad a raibh baint acu leis na círéibeacha ar an 6 Eanáir má thoghtar ina Uachtarán é.

Bhí a raibh le rá ag mo dhuine a labhair liom na blianta ó shin an-spéisiúil faoi na modhanna póilíneachta a úsáideadh le teacht ar choirpigh agus ar theifigh ón dlí. ‘Everybody Talks,’ a dúirt sí.

Tháinig a cuid cainte faoi sin ar ais chugam freisin nuair a léigh mé faoi na modhanna a úsáideadh le teacht ar ionróirí an 6 Eanáir.

Ba í máthair duine acu, fear a bhris na painéil ghloine gar do sheomra an Cheann Comhairle, a sceith an scéal faoina mac féin. I gcásanna eile, ba iad a mná céile, a gcuid cailíní, a gcuid iarbhan chéile agus a gcuid páistí a sceith orthu.

Bhí fear amháin ag déanamh ‘gaisce’ ar Tinder faoin mbaint a bhí aige leis an ionradh, agus sceith an bhean ar an bpointe air. Labhair fear eile le paisinéir a bhí taobh leis ar eitleán. D’aimsigh oifigeach ón FBI fear eile nuair a d’aithin sé a phictiúr ar chuntas a mhná céile ar an suíomh ceannach éadaí Poshmark.

Bíonn go leor daoine ag leanacht na n-imeachtaí seo ar na meáin shóisialta. Foilsítear doiciméid ón gcúirt agus iarrtar ar an bpobal cúnamh a thabhairt le hionróirí a thabhairt os comhair na cúirte. Is léir go mbíonn daoine ag baint an-spraoi as an obair seo ar fad. Tugann siad leasainmneacha ar a gcuid cuntas agus ar dhaoine a ghlac páirt sa scliúchas ach nár ainmníodh fós.

Bhí an-chosúlacht idir duine amháin díobh sin agus an pearsa teilifíse (agus aisteoir i Ros na Rún), Conan O’Brien. Tugadh #ConanORiot ar an té sin sna meáin shóisialta. An lá siúd (an 6 Eanáir 2021), ghléas sé mar ‘shaighdiúir de chuid na Réabhlóide’.  Ba chosúil gur duine eile le cúlra míleata é O’Riot – iar-Mhuirshaighdiúr a bhí ann.

An faitíos a bhí ar an mbean a labhair liom beagnach ceithre bliana ó shin ná nach rabhthas ag tabhairt aon aird ar an ‘bhforchiníochas’ a bhain leis an gcine geal, agus a bhí ag éirí an-tréan i measc na bhfórsaí cosanta agus póilíneachta i Meiriceá. Is léir anois go raibh an ceart ar fad aici agus gur beag a rinneadh le deireadh a chur leis sin.

Bhí sise ag obair i gCalifornia – ceann de na  Stáit is láidre ó thaobh na nDaonlathach de ach fós féin chonaic sí go raibh an forchiníochas an-láidir i measc na bpóilíní ansin.

Deirtear go bhfuil feachtas an iarUachtaráin Trump ar a mbionda ag réiteach iarracht pholaitiúil agus dhlíthiúil le cur i gcoinne thoradh an toghcháin má bhuann Kamala Harris. Níl a fhios ag an bpointe seo an dtéann an plean sin chomh fada le hionradh eile a dhéanamh ar an gCaipeatól.

Tá cúigear de na póilíní a bhí ar diúité an lá sin, nach mbeidh ann in Eanáir 2025. Fuair duine acu riar strócanna de bharr an scliúchais agus fuair sé bás an lá dár gcionn, ar an 7 Eanáir 2021. Chuir ceathrar eile lámh ina mbás féin sna laethanta agus sna míonna tar éis an ionraidh.

Tá na cásanna cúirte ag leanacht ar aghaidh.

Fág freagra ar 'Bhí cúlra míleata nó póilíneachta ag 20% díobh siúd a bhí ar a dtriail i ndiaidh chíréib an 6 Eanáir'

  • Sorcha

    Táim ag éirí cineál bréan de na hailt seo faoin toghchán uachtaránachta i Meiriceá ar Tuairisc.ie. Más fíor go dtugann an Ghaeilge dearcadh éagsúil dúinn ar an saol, nár cheart níos mó éagsúlacht tuairimí/ábhar a bheith ar Tuairisc.ie seachas a bheith ag déanamh aithrise ar an méid a bhíonn á phlé sna meáin Bhéarla?