Bhí baint mhór ag Gaeilgeoirí le saoirse Mheiriceá a bhaint amach

Más fúinn léargas ceart a thabhairt do Ghael-Mheiriceánaigh ar an áit as ar fáisceadh iad b’fhearr dúinn go mór fada iad a thabhairt go hIonad na nImirceach i gCarna

Bhí baint mhór ag Gaeilgeoirí le saoirse Mheiriceá a bhaint amach

An tseachtain seo caite bhí teacht le chéile againn faoi chúrsaí imirce in Ionad na nImirceach i gCarna. Ní fhéadfaí áit níb fheiliúnaí a fháil lena aghaidh—foirgneamh breá nua a bhfuiltear ag caitheamh ómóis leis na himircigh ann, ag coinneáil teagmhála leis an méid acu atá thar lear i gcónaí agus é ina ionad caidrimh agus caitheamh aimsire san am céanna ag an gcuid againn atá anseo sa mbaile.

Is beag dream againn nár ghoill an imirce orainn ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.

I Chicago Mheiriceá a rugadh mo mháthair féin. Tugadh anall go Ros Muc í ina páiste.

Thug m’athair a aghaidh ar longchlós i gClyde Bank i nGlaschú in aois a dhá bhliain agus fiche. Chaith sé tamall ina dhiaidh sin ag obair sna muilte olna i mBostún.

Maidir le mo sheanathair ar thaobh m’athar, bhí triúr dearthár agus ceathrar deirfiúr aige. Phós mo sheanathair isteach i mbaile eile sa bparóiste agus fágadh an tseanáit ag deartháir. Ansin atá mise i mo chónaí inniu.

Bhailigh an seisear eile leo go Meiriceá.

Ní dhearna siad aon saibhreas thall ach níor chruthaigh siad ródhona ach an oiread. Thug beirt mhac leo a bhí ina sagairt cuairt orainn le himeacht aimsire. Bheadh an tríú sagart acu ach gur casadh cailín deas leis tamall gearr sula raibh sé le hoirniú agus gur phós siad.

Maidir le máithreacha na sagart agus a mbeirt uncaileacha níor fhill siad ar Éirinn ariamh. Sin é ann féin b’fhéidir an chuid is truamhéalaí ar fad faoi scéal na himirce; nach raibh sé i ndán do thuismitheoirí in Éirinn a gclann a fheiceáil go deo aríst ón maidin a bhfágaidís iad ar a mbealach go Meiriceá.

Scríobh Máirtín Ó Cadhain, Liam Ó Flaithearta agus Tomás Ó Flaithearta gearrscéalta faoi sin a bhrisfeadh do chroí. Ag trácht ar an ‘Merican Wake’ a bhí siad, an chóisir scléipe agus bhróin in éineacht a bhíodh ann sula bhfágaidís an baile.

Seo mar a rinne an Cadhnach cur síos ar an gcaoi a mbíodh daoine óga a bhíodh i láthair ag smaoineamh ar dhul anonn iad féin:

‘Bhí na ghearrchailí cruinnithe timpeall ar an iníon aríst, ag fáil caidéise dá feisteas, ainneoin go bhfaca siad é go minic le seachtain…Ag ceiliúr faoi shaol Mheiriceá a bhí na mná óga. Ag ceiliúr faoin saol a bheadh acu abail a chéile ar fad i South Boston go gairid, mar ba dhual do chine arbh é trunc Mheiriceá a n-aingeal coimhdeachta, arbh í an long imirce a réalt eolais agus arbh í an Fharraige Mhór a Muir Rua.’

Tá Ionad breá imirce thuas i mBaile Átha Cliath ar a dtugtar Epic. Tá seasca duine fostaithe ann. Is deacair a shamhlú go bhféadfadh cuairteoir tuiscint a fháil ar an imirce as ceantair bhochta na hÉireann agus an cuairteoir ag breathnú amach ar na foirgnimh áirgiúla atá le feiceáil as an Ionad sin.

Caithfear a choinneáil i gcuimhne i gcónaí gur as na ceantair thuaithe a d’imigh formhór na n-imirceach. Caithfear a chur san áireamh freisin gur Gaeilgeoirí ó dhúchas a bhí sna mílte móra acu.

Más fúinn léargas ceart a thabhairt do Ghael-Mheiriceánaigh ar an áit as ar fáisceadh iad b’fhearr dúinn go mór fada iad a thabhairt go hIonad na nImirceach i gCarna.

D’fhéadfadh muid a mhíniú dóibh ansin go raibh baint mhór ag Gaeilgeoirí le saoirse Mheiriceá a bhaint amach.

Gaeilgeoirí a bhí i leath na saighdiúirí in arm saoirse Mheiriceá. Dúirt Lord Mountjoy gur de bharr na nÉireannach sin a chaill Sasana ceannas ar Mheiriceá. Bhí sé i ndán dó féin gur i gCath Ros Mhic Thriúin le linn Éiri Amach 1798 a maraíodh é.

Dúirt oifigeach Sasanach eile go raibh a oiread Gaeilge le cloisteáil ó shaighdiúirí saoirse Mheiriceá agus a bhí de Bhéarla.

Labhraíodh neart Gaeilge ar an dá thaobh i gCogadh Cathartha Mheiriceá freisin. Cuimhnigh go raibh 73,000 Gaeilgeoir ó dhúchas i Nua-Eabhrac amháin sular thosaigh an cogadh cathartha.

Má thagann Meiriceánaigh go hIonad na nImirceach i gCarna gheobhaidh siad neart eolais faoi sin. Feicfidh siad na garranta beag clochacha trí na fuinneoga agus tuigfidh siad gur iontu a fásadh na fataí a choinnigh beo a sinsear go ndeachaigh siad anonn; fataí a chuirtear fós i gcácaí bacstaí mar a rinne Eileen Davis go paiteanta dúinne in Ionad na nImirceach an lá faoi dheireadh.

Fág freagra ar 'Bhí baint mhór ag Gaeilgeoirí le saoirse Mheiriceá a bhaint amach'