Tá Mick O’Dwyer, duine d’fhathaigh Chumann Lúthchleas Gael, a bhuaigh ocht gcraobh peile na hÉireann mar bhainisteoir agus ceithre cinn mar imreoir le Ciarraí, ar shlí na fírinne.
Bhí sé 88 bliain d’aois.
I 1954 a chuir Mick O’Dwyer air geansaí Chiarraí den chéad uair nuair a d’imir sé do mhionúir an chontae agus d’éirigh sé as mar bhainisteoir 33 bliain níos déanaí i 1987.
Bhí sé sa Táin faoin tráth sin mar bhainisteoir ar bhuíon imreoirí a bhí aitheanta mar an fhoireann peile is fearr riamh, foireann a d’fhág lorg buan ar chluiche na peile le linn ‘Ré Ógra’ Chiarraí.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin nach raibh aon duine inchurtha le fear an Choireáin. “Ní raibh aon ní sa cheann ag Micko ach an pheil Ghaelach. Léirigh sé gach a bhí go maith faoin gcluiche – an díograis, an uaillmhian, an dearfacht, an muintearas. Níl sárú a oidhreacht spóirt ar fáil.”
Dúirt an Taoiseach go raibh umhlaíocht ag baint le Mick O’Dwyer in ainneoin na ngaiscí go léir.
“Sa chlár faisnéise faoina shaol a chuir RTÉ amach in 2018, bhí ráiteas cáiliúil aige, ‘B’iontach an seal fada sa bháire a bhí agam ach nach ormsa a bhí an t-ádh gur rugadh i gCiarraí mé.’
“Bhí an t-ádh le Ciarraí, agus linn go léir, go raibh sé againn,” arsa Micheál Martin.
D’imir Mick O’Dwyer 48 uair sa chraobh do Chiarraí idir 1957-1972 agus bhuaigh sé ceithre bhonn uile-Éireann, i 1959, 1962, 1969 agus 1970. D’imir sé i gcluiche ceannais na hÉireann naoi n-uaire.
Sár-imreoir iltréitheach a bhí ann a thosaigh amach mar leathchúlaí cliatháin agus a chríochnaigh mar lántosaí sa chúinne.
I 1975 a thosaigh ré O’Dwyer ré ghlórmhar mar bhainisteoir ar fhoireann shinsir Chiarraí. Bhuaigh a fhoireann óg ar Áth Cliath an bhliain sin, cluiche cáiliúil a chuir tús le ceann de na géarchoimhlintí is cáiliúla i stair CLG.
Bhuaigh a fhoireann ceithre chraobh na hÉireann as a chéile idir 1978-1981 agus ba dhóbair gur éirigh leo an cúigiú ceann a bhuachan an bhliain dár gcionn nuair a fuair Uíbh Fhailí an ceann is fearr orthu ar éigean a bhuíochas le cúl déanach Séamus Darby. Bhí briseadh croí ag baint leis an gcluiche agus ghoill sé go mór ar O’Dwyer ar feadh blianta fada ina dhiaidh sin. Seans gurb é an gaisce is mó a dhein sé áfach ná an fhoireann a ghríosadh arís chun trí chraobh eile as a chéile a bhuachan idir 1984-1986.
D’fhág O’Dwyer Ciarraí i 1987 ach ní raibh deireadh déanta aige ná baol air. I 1998, le linn a dhara tréimhse mar bhainisteoir ar Chill Dara d’éirigh leo Craobh Chúige Laighean a bhuachan den chéad uair le 42 bliain agus bhain siad áit amach i gcluiche ceannais na hÉireann, mar ar chaill siad in aghaidh na Gaillimhe. Bhuaigh sé an dara craobh cúige le Cill Dara in 2000.
Bhuaigh sé craobh Chúige Laighean le Laois in 2003, a gcéad cheann le 57 bliain.
Thug sé cúig bliana mar bhainisteoir ar Chill Mhantáin agus d’éirigh leis Corn Tommy Murphy a bhuachan leo in 2007.
D’fhág bua Chill Mhantáin ar Fhear Manach i gcraobh 2009 go raibh an ceann is fearr faighte ag O’Dwyer ar gach contae sa tír mar bhainisteoir. Thug sé bliain amháin mar bhainisteoir ar chontae an Chláir in 2013, an bhliain chéanna gur éirigh sé as agus é 76 bliain d’aois.
Mar imreoir club, bhuaigh sé ocht gcraobh Chiarraí Theas leis an gCoireán agus bhuaigh sé trí chraobh an chontae le Ciarraí Theas.
Mar bhainisteoir bhuaigh sé trí chraobh faoi 21 na hÉireann le Ciarraí idir 1975-1977. Mar bhainisteoir agus imreoir le Ciarraí bhuaigh sé 23 Craobh na Mumhan agus 11 Sraith Náisiúnta.
Óstánaí, fear gnó agus adhlacóir ab ea O’Dwyer. Fuair a chéad bhean chéile Mary bás in 2012 agus phós sé Geraldine Shields in 2023.
Maireann a mhic John, Robbie and Karl. Cailleadh mac eile, Michael, roimhe.
Tiarnán de Fréine
Fathach na peile, fear uasal, suaimhneas síoraí dá anam uasal!