‘Chonaic tú an dráma ar maidin, a Mhamaí,’ arsa an Babaí liom tráthnóna inné. ‘Chonaic,’ a dúirt mé, ‘bhí sibh uilig an-mhaith.’
Bhí lá an léirithe mhóir sa naíonra thart agus bhí na léirmheasanna istigh. Dhá léiriú a bhí ann, na síscéalta Luaithríona agus An Tornapa Mór curtha ar stáitse go cumasach spraíúil agus bhain idir óg agus aosta an-taitneamh astu.
‘Só íocfaidh tú anois mé,’ a d’fhógair sé.
‘Err, íoc?’ a dúirt mé go hamhrasach agus mo dhá lámh ag damhsa ar mo phócaí agam ar thóir sóinseála. ‘Ní cheapaim go bhfuil aon airgead agam.’
Ba gheall le duine mé a bhí tar éis éalú isteach ar an traein i mBaile Átha Cliath gan aon ticéad agus mé anois i ngreim ag oifigeach na dticéad agus muid buailte ar Ghaillimh.
‘Ach, ach, ní raibh a fhios agam go raibh sé le n-íoc,’ a dúirt mé.
Ní raibh aon ghlacadh ag an bhfiontraí beag leis an míniú seo. Bhí an chuma air go raibh an seanscéal seo cloiste go minic cheana aige agus ní raibh aon luí aige le leithscéalta ná an té a dhéanfadh iad, ach an oiread.
‘Ar thug tú faoi deara go raibh mo chuid línte ar fad ar eolas agam?’ a d’fhiafraigh sé díom ansin.
‘Thug,’ a dúirt mé, agus mé ag déanamh iontais cár chuala sé faoin bhfeachtas #ÍocNahEalaíontóirí, nó an é go raibh feachtas dá gcuid féin bunaithe ag páistí an naíonra is go raibh an t-éirí amach linn.
‘Ar thug tú faoi deara gur labhair mé amach os ard?’ a d’fhiafraigh sé díom.
‘Thug,’ a dúirt mé. Tuigeann gach duine tábhacht na hurlabhraíochta soiléire agus tú ar stáitse.
‘Agus an bhfaca tú go raibh an damhsa ar eolas agam do na hamhráin freisin?’ a d’fhiafraigh sé ansin.
‘Chonaic,’ a dúirt mé. ‘Bhí na hamhráin uilig agus an damhsa ar eolas agaibh, chaithfeadh go ndearna sibh ar fad obair an-chrua.’
‘Rinne,’ a dúirt sé. ‘ Só, íocfaidh tú anois mé?’
Cén deireadh a bheadh air seo? Thosaigh mé ag iarraidh a bheith ag cuimhneamh an raibh aon phingin agam sa mbuiséad siamsaíochta.
‘Dhá euro,’ a dúirt sé.
Ní fhéadfainn aon argóint a dhéanamh leis. ‘Ok,’ a dúirt mé, ‘tabharfaidh mé dhá euro duit, mar go ndearna tú obair mhór.’
Chuaigh mé anonn ag cartadh sa sparán, d’aimsigh mé dhá euro agus shín mé chuige é. ‘Go raibh maith agat,’ a deir sé.
‘Hé?’ a dúirt Beainín na Naíonáin Bheaga agus í ag siúl tharainn. ‘Cén fáth go bhfuil tú ag tabhairt dhá euro dhósan?’
‘Err,’ a dúirt mé.
‘Le haghaidh mo dhráma,’ a mhínigh an Fiontraí Beag ar nós cuma liom agus an bonn á shá isteach ina phóca aige.
‘Céard?’ a dúirt sí, agus alltacht uirthi. ‘Rinne mise mé fhéin dráma nuair a bhí mé sa naíonra, cá bhfuil mo dhá euro-sa?’
Ní fhéadfainn aon argóint a dhéanamh léi.
Fág freagra ar 'Bhí a chearta mar ealaíontóir á n-éileamh ag Babaí…'