Léiríonn taighde nua ar dhearcadh an phobail ar athaontú na hÉireann claonadh tábhachtach tuairimíochta ar an taobh ó thuaidh den teorainn – claonadh nár pléadh go forleathan.
Thug suirbhé Ipsos a choimisiúnaigh togra taighde trasteorann ARINS (anseo: https://www.ria.ie/research-programmes/arins/ ) go raibh 48 faoin gcéad de vótálaithe Thuaisceart Éireann in aghaidh athaontaithe agus 34 faoin gcéad ina fhabhar. Sa Phoblacht, dúirt 64 faoin gcéad go raibh siad i bhfabhar aontachta agus gan ach 17 faoin gcéad ina choinne.
Chuir taighdeoirí ARINS béim ar an athrú a léirigh na figiúirí ó thuaidh agus iad ag cíoradh torthaí an tsuirbhé. Dar leo go bhfuil laghdú beag tagtha ar an gcéatadán atá i bhfabhar fanacht sa Ríocht Aontaithe (ó 50 go 48 faoin gcéad) de réir na bpobalbhreitheanna a rinneadh ar a son le dhá bliain anuas.
Tháinig méadú suntasach (ó 27 go 34 faoin gcéad) ar an aicme den phobal sa Tuaisceart atá i bhfabhar aontachta sa tréimhse chéanna
San anailís ar chlaonadh na bhfigiúirí a chomhscríobh an tOllamh Brendan O’Leary agus na taighdeoirí eile, deir siad go mbeidh an tuairimíocht ó thuaidh i bhfabhar agus in aghaidh aontachta bord ar bhord faoin mbliain 2027 má leantar leis an bpatrún céanna san idirlinn.
Arís, má leantar leis an bpatrún céanna, beidh an móramh sa Tuaisceart a bheidh i bhfabhar athaontú na tíre faoin mbliain 2028 a ceathair faoin gcéad chun cinn (tá an abairt iomlán a scríobh siad i mBéarla thíos.*)
Ní foláir a rá láithreach, mar a deir taighdeoirí ARINS, nach ionann claonadh agus cinnteacht. Ní féidir a bheith cinnte go leanfar leis an gclaonadh tuairimíochta céanna amach anseo.
Tá rabhadh tugtha acu áfach nár chóir do pholaiteoirí stuama neamhshuim a dhéanamh de: níl polasaí a bhunaítear ar thuairim gur i bhfad uainn atá féidearthacht an athaontaithe gaoiseach ná glic.
Mar gheall ar an éiginnteacht go deimhin ba chóir d’airí rialtais i mBaile Átha Cliath, go háirithe, ach i Londain chomh maith cuimhneamh ar na freagraí a thug vótálaithe ó thuaidh agus ó dheas ar cheist eile sa phobalbhreith.
Dúirt móramh sa Tuaisceart (seasca faoin gcéad san iomlán, ina measc 38 faoin gcéad de Phrotastúnaigh) gur chóir aontacht a phleanáil ar bhonn féidearthachta. Thug 65 faoin gcéad sa Phoblacht an freagra céanna.
Léiríonn freagraí na vótálaithe sa dá chuid den tír meon a sheachnaíonn na polaiteoirí. Is treise go háirithe stuaim na bProtastúnach ar mian leo aontas an Tuaiscirt leis an mBreatain a choimeád ach a dúirt gur chóir pleanáil i gcomhair rogha eile (ar fhaitíos na bhfaitíos).
Tá meon seachantach pháirtithe an rialtais maidir leis na cúrsaí seo leagtha amach go soiléir sa chlár rialtais a deir go bhfuil siad “tiomanta d’aontas mhuintir na hÉireann” ar bhonn athmhuintearais agus lán-chomhlíonadh Chomhaontú Aoine an Chéasta. Níl focal sa cháipéis ina dhiaidh sin áfach a bhaineann le pleanáil ná fiú le plé athaontú na tíre.
Tá beartais fhiúntacha agus caiteachas breise geallta do thionscnamh ‘Oileán Comhroinnte” an rialtais agus gan dabht is maith ann a leithéid. Bheadh an cháipéis níos téagartha dá mbeadh geallúint ann go gcomhlíonfaí geallúint a thug an rialtas deireanach in 2020. Dúradh i gclár rialtais na bliana sin go reáchtálfaí reifreann chun vótaí i dtoghcháin uachtaránachta a thabhairt do shaoránaigh a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh de dhlínse an stáit. Geallúint atá caite i leataobh ó shin.
Seachnaíonn an clár rialtais freisin an fhéidearthacht go neosfaidh móramh ó thuaidh – sara dtéann an rialtas as oifig – go dteastaíonn aontas leis an bPoblacht uathu. Seachaint atá intuigthe, b’fhéidir, má chuimhnítear ar an gcathú a bhíonn ar gach ceannaire rialtais déileáil leis an ngad is gaire dá scornach in ionad na ndúshlán eile. Ní hionann seachantacht áfach agus freagracht.
Meabhraíonn saothar ARINS dúinn go léir nach bhfuil meon an mhóraimh ó thuaidh ag brath ar chaint ná ar thost an rialtais i mBaile Átha Cliath. Ní féidir, ní fiú agus ní cóir polasaí an stáit i leith Thuaisceart Eireann a bhunú ar sheachaint réiteach a cheadaítear de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta. Gan trácht ar aidhm atá ag páirtithe uile na Dála le tacaíocht leanúnach an mhóraimh sa Phoblacht.
Ní gá tionól saoránach a bhunú mar atá molta ag Sinn Féin chun tabhairt faoin dianmhachnamh agus an dianphlé a theastaíonn sula leagtar amach fiú cnámha an phlean a theastaíonn. Tá an oiread mór-ábhar casta le plé go dteastaíonn mionchíoradh staidéartha a dhéanfadh coiste saineolaithe, abair, nó coiste rialtais, nó coiste Oireachtais nach ndíreodh i dtosach ar an phleanáil mhionsonraithe.
B’fhiú mar shampla tamall a chaitheamh agus ábhar ginearálta mar seo a leanas a chíoradh.
Dá mbeadh an tír aontaithe, cén socrú – siombalach nó praiticiúil – a thairgfí d’Aontachtaithe chun aitheantas a thabhairt dá bhféiniúlacht Bhreataineach?
* Is mar seo a rinne an t-Ollamh O’Leary agus a chomh-thaighdeoirí cur síos ar an toradh a bheadh ar an athrú tuairimíochta ó thuaidh, dá leanfaí leis, a léirítear i bpobalbhreitheanna ARINS go dtí seo:
“If this pattern were to continue over the next few years, then the competition between the Union and Irish unity would be neck and neck by 2027; and, on the same extrapolation, the pro-unity side would be four points ahead in 2028.”
Fág freagra ar 'Bheadh pleanáil d’athaontú na tíre ar bhonn féidearthachta ciallmhar'