Ceachtanna le foghlaim ar gach taobh sa Dáil

Ba chóir don Cheann Comhairle agus do cheannairí uile na Dála foghlaim ó eachtraí na seachtaine seo

Ceachtanna le foghlaim ar gach taobh sa Dáil

Ní chuimhneoidh ár bhformhór ar feadh i bhfad ar chlampar na Céadaoin i nDáil Éireann. Ní admhóidh ceannairí na Dála go raibh siad freagrach as.

Ní admhóidh an bheirt a thogh comhaltaí an rialtais nua go bhfuil aon locht ar an bhfoireann róLaighineach agus rófhireann a roghnaigh siad.

Sin ráite, ní beag an chúis aiféala agus athmhachnaimh ba chóir a bheith ag príomhphearsanra na Dála agus iad ag ullmhú chun bunsaothar na Dála nua a thosú i gceann coicíse. Is féidir na ceachtanna tábhachtacha atá le foghlaim acu a leagan amach dóibh, duine ar dhuine.

An Ceann Comhairle

Tar éis an chlampair sa Dáil Dé Céadaoin, rialaigh Verona Murphy nach mbeadh sciar d’am cainte an fhreasúra ag an ngrúpa Teachtaí neamhspleácha a bhí páirteach i mbunú an rialtais.

Bhí an socrú sin, ag teacht salach go hiomlán ar chinneadh a d’fhógair sí roimhe sin, gur Tadhg an dá Thaobhachas a bheadh i gceist le cead cainte a bheith ag baill an ghrúpa nach bhfuil post sa rialtas nua acu.

Léirigh a hathrú intinne easpa taithí chomh maith le neamhthoil, b’fhéidir, a caidreamh leis an ngrúpa a d’iarr a post mar Cheann Comhairle di, a chur i leataobh.

Ní mór di ceacht eile a fhoghlaim áfach ón ruaille buaille a thug uirthi an Dáil a chur ar atráth ceithre uaire.

Is le toil an rialtais agus an fhreasúra a fheidhmíonn Ceann Comhairle go héifeachtach. Ní hionann sin agus a rá go gcaithfidh sí géilleadh do gach iarratas ná aird a thabhairt ar gach gearán.

Is dlúthchuid den obair é éisteacht le ceannairí na bpáirtithe – an Taoiseach agus ceannaire an fhreasúra go háirithe – go mórmhór agus díospóireacht ag dul ó smacht.
Is féidir foghlaim ó thosú lag, ach is mithid.

Micheál Martin

Ní beag an chúis mórtais atá ag ceannaire Fhianna Fáil tar éis na hathbheochana a stiúraigh sé ó tugadh léasadh, a bhí tuillte, dá pháirtí agus iad á gcur as rialtas in olltoghchán 2011. Bhí an ríméad a bhí air féin, ar a lucht leanúna, ar a bhean chéile Mary agus ar a pháistí follasach agus é á thoghadh arís mar Thaoiseach Déardaoin.

Faraor ní chuireann gaisce dá fheabhas é bac ar shotal, ar mhórchúis ná ar mhístuaim. Rinne Micheál Martin beag is fiú ó thús den mhíshásamh a chuir iarracht na dTeachtaí neamhspleácha Tadhg an Dá Thaobhachas a bhrú ar pháirtithe an fhreasúra.

Is mar gheall ar a mhórchúis a mhaígh sé oíche Dé Céadaoin go raibh an Bunreacht á threascairt ag an bhfreasúra agus bac á chur ar thoghadh an Taoisigh agus an rialtais.

Má bhí go leor den ruaille buaille sa Dáil míréasúnta agus iomarcach, bhí sé intuigthe freisin. Níor theastaigh ach cúlú ón gcinneadh áiféiseach go mbeadh deis ag Teachtaí a bheith páirteach i mbunú agus i mbuanchosaint rialtais agus, ag an am céanna, cead cainte a bheith acu amhail gur baill den fhreasúra iad.

Rinne Micheál Martin drochrogha eile nuair nár thug sé post mar aire rialtais d’oiread agus bean amháin sa bhreis. Níl ach triúr banairí sa rialtas nua (Norma Foley ó Fhianna Fáil, agus Helen McEntee agus Jennifer Carroll MacNeilló Fhine Gael).

Tá rannpháirtíocht na mban sa rialtas ag an leibhéal is sinsearaí ag dul ar gcúl go deimhin – bhí ceathrar banairí sa rialtas deireanach.

Is bocht an scéal é go bhfuil a laghad eiseamláirí ag mná óga lena ngríosadh chun a bheith páirteach sa saol polaitiúil – mar a bheadh abair dá mbeadh an príomhaoire nua Mary Butler nó Niamh Smyth ainmnithe mar airí rialtais ag Micheál Martin.

Mary Lou McDonald

Chuir ceannaire an fhreasúra ina luí ar an gCeann Comhairle oíche Dé Céadaoin an cinneadh cead cainte don ghrúpa réigiúnach mar chomhaltaí den fhreasúra a tharraingt siar. Thug sotal an rialtais deis di labhairt thar ceann an fhreasúra aontaithe agus an droch-chinneadh sin á cháineadh acu sular cuireadh ar ceal é.

Ní ar cheannaire Shinn Féin a bhí an milleán nár thug an Ceann Comhairle aird uirthi le linn an chlampair sa Dáil. Ba léir áfach (a) nach raibh smacht ag Mary Lou McDonald ar chomhaltaí a páirtí a bhí ag béicíl agus ag diúltú d’iarrachtai an Cheann Comhairle a bheith ina dtost, sin nó (b) gur thug sí cead a gcinn dóibh.

Ní meas an phobail ach a mhalairt a chothóidh neamhord Shinn Féin (eagraithe nó ceadaithe ag an gceannaire) má leantar leis.

Simon Harris

Bhí ceannaire Fhine Gael chomh freagrach céanna as an aighneas a chuir moill ar thoghadh an rialtais nua. Ar ndóigh chuaigh an freasúra thar fóir agus iad ag cur in aghaidh léiriú aisteach an Cheann Comhairle (go dtí gur athraigh sí é) ar Bhuan-Orduithe na Dála.

Ní rachaidh neamhthoil an rialtais iarracht a dhéanamh teacht ar chomhréiteach chun tairbhe do pháirtithe an rialtais má leantar leis.

McDonald, Bacik, Cairns agus Boyd Barrett

Chuir diúltú an rialtais géilleadh brú ar an gCeann Comhairle a léamh ar na Buan-Orduithe a athrú agus spreag sé páirtí the an fhreasúra seasamh le chéile chun cur ina choinne. Ní raibh comhtharraingt dá leithéid eatarthu le feiceáil roimh an olltoghchán.

Ní réiteoidh a gcomhsheasamh gairid i rith na seachtaine gach easaontas eatarthu ach léirigh an riachtanas an deis. Dá mbeadh páirithe an fhreasúra, nó cuid acu ar a laghad, ábalta teacht ar chomhthuiscint éigin roimh an gcéad olltoghchán eile, bheadh athrú rialtais níos cóngaraí.

Fág freagra ar 'Ceachtanna le foghlaim ar gach taobh sa Dáil'

  • JP

    ‘Cogadh na mbó maol’, galamaisíocht agus scliúchas táir, oilbhéasach, náireach.
    Is a rá gur faoin drong sin polaiteoirí, ‘ceannairí na hÉireann’, atá rialú agus todhchaí na tíre seo gona hiliomad fadhbanna, mírialacha agus easpaí bunriachtanacha.
    Dá mbeadh na Glasaigh fé Éamon Ó Riain atofa, an dtarlódh a leithéid de chlampar agus de chlibirt sráide?
    Ní dóigh liom é.
    Fear stuama, múinte, measartha, fíor-ábalta is ea Éamonn, fear atá roimh a am agus ró-mhaith ar fad don tír seo.
    An ag cuimhneamh ar rialú, ar bhainisitiú agus ar leas na tíre a bhí an drong sin sa Dáil le déanaí nó ar a leas féin, orthu féin?
    Cuireadh agallamh ar MMartin le déanaí faoin ‘Non-Event Centre’ i gCorcaigh agus luaigh sé an focal ‘próiseas’ aríst is aríst eile…próiseas, dála an scéil, atá ag borbeáil agus ag meath le breis is deich mbliana anois!
    Óir ní féidir le Mícheál
    “cur isteach ar an bpróiseas” mar “caithfear ligean don bpróiseas dul ar aghaidh”, an dtuigeann tú.
    Óir is tábhachtaí an próiseas ná rud ar bith eile, sé an próiseas an rud ar fad, an lao óir.
    Sea, fág faoin bpróiseas é!
    Fágfaidh san nach gá dhuit cinneadh Ar Bith a dhéanamh, gur féidir leat a bheith ag caitheamh do thóna go suáilceach i gcaitheamh an ama agus tú ag druidim le post mór thall sa Bhruiséil, an fhaid a bhíonn na súmairí oifigiúla eile ag diúl airgid ón Stát lena gcuid dréachtanna, pleanála, athraithe, athbhreitnithe srl.
    Deich mbliana eile, b’fhéidir?
    Bhí cúis mhaith ann le ‘Bertie the Bystander’ a thabhairt ar an scaothaire eile a mbíodh focail mhóra agus mogaill fholmha aige i gcónaí, chomh maith céanna.
    D’fhéadfadh ‘an t-uan méileach a mhúineadh don mháthair’ anois.