‘Bheadh daoine ag caint faoi chúrsaí peile i nGaillimh dá mbeadh Pádraic Joyce ina bhainisteoir’ – Seán Óg de Paor

Pé duine a cheapfar ina bhainisteoir ar fhoireann na Gaillimhe, deir Seán Óg de Paor go bhfuil sé ríthábhachtach go bhfaighidh siad tacaíocht mar is cuí ó bhord an chontae

‘Bheadh daoine ag caint faoi chúrsaí peile i nGaillimh dá mbeadh Pádraic Joyce ina bhainisteoir’ – Seán Óg de Paor

Chuirfeadh ceapachán Phádraic Joyce mar bhainisteoir ar fhoireann shinsir na Gaillimhe borradh faoi chúrsaí peile sa chontae.

Sin a deir duine d’iarimreoirí agus laochra móra peile na Gaillimhe duine Seán Óg de Paor. Tá Gaillimh sa tóir ar bhainisteoir nua tar éis do Kevin Walsh a fhógairt an tseachtain seo go raibh sé ag éirí as agus tá Joyce, atá i gceannas ar fhoireann faoi 20 na Gaillimhe faoi láthair, i measc na ndaoine is mó atá á lua leis an bhfolúntas.

“Bheadh sé go maith ó thaobh poiblíochta don pheil i nGaillimh,” arsa de Paor. “Bheadh daoine ag caint faoi chúrsaí peile i nGaillimh dá mbeadh Pádraic Joyce ina bhainisteoir ar fhoireann an chontae. Bheadh an-suim ag daoine fáil amach cén chaoi a n-éireodh leis.”

Tá Joyce ar dhuine de na himreoirí is iomráití i stair na peile i nGaillimh agus bhí sé ar an bhfoireann chéanna le de Paor agus Kevin Walsh a bhuaigh craobh na hÉireann i 1998 agus in 2001.

Níl ach bliain caite ag Joyce i gceannas ar fhoireann faoi 20 na Gaillimhe agus admhaíonn de Paor gurb í an easpa taithí sin an laige is mó atá ag fear Chill Fhir Iarainn. Ach measann fear na Ceathrún Rua nach mbeadh Joyce i bhfad ag teacht isteach ar an obair.

“Tá an-fhéinmhuinín aige agus bheadh sé an-chinnte faoin rud a bheadh á dhéanamh aige,” arsa de Paor. “Dá mbeadh cáineadh le déanamh, ní bheadh aon fhaitíos air roimhe.

“Is dóigh gurb é an bua is mó atá aige ná go mbeadh meas ag na leaids air, ach ag an am céanna, ní sheasann sé sin i bhfad. Ní bheadh Kevin Walsh i bhfad ó chumas Pádraic Joyce mar imreoir.”

Deir de Paor gur rogha mhaith a bheadh i Stephen Rochford chomh maith céanna. Tá iarbhainisteoir Mhaigh Eo á lua i measc rogha na n-údar don phost. Pé duine a roghnófar, deir fear na Ceathrún Rua go gcaithfear tacaíocht cheart a thabhairt dó.

Tá fadhbanna airgeadais ag cur as do bhord an chontae i nGaillimh le roinnt blianta anuas agus ní chuirfeadh sé iontas ar bith ar de Paor dá mbeadh baint éigin aige sin le cinneadh Walsh éirí as a chúram leis an bhfoireann.

“Cloiseann muid uilig na ráflaí,” arsa de Paor. “Nuair nár éirigh Kevin as théis an chluiche in aghaidh Mhaigh Eo, cheap mé go raibh sé ag fanacht. Níl a fhios agam céard a tharla sa dá mhí idir an cluiche sin agus seo. B’fhéidir nár tharla tada agus gur shocraigh Kevin nach raibh sé ag iarraidh leanacht ar aghaidh. Níl a fhios agam agus seans nach mbeidh a fhios againn go deo céard go díreach a tharla,” arsa de Paor.

Agus Walsh ag fógairt inné go raibh sé ag éirí as, ghabh sé buíochas le bord an chontae ach dúirt sé chomh maith go raibh súil aige go gcuirfí i bhfeidhm na moltaí a bhí déanta aige ó thaobh airgeadais, áiseanna, trealaimh agus eile.

“Deirtear gur dúradh le Micheál Donoghue [iarbhainisteoir iománaithe na Gaillimhe] nach mbeadh sé ag fáil an oiread sin tacaíochta an bhliain seo chugainn ó thaobh airgid de agus seans gur dúradh an méid céanna le Kevin,” a deir de Paor.

“Teastaíonn an tacaíocht sin na laethanta seo má tá tú ag iarraidh dul san iomaíocht le hÁth Cliath agus a leithéidí. Má théann tú síos tríd an liosta de na daoine a bhíonn ag teastáil ar fhoireann bhainistíochta, is maith fada an liosta é. An chuid is mó acu sin, is daoine gairmiúla iad, caithfear iad a íoc.”

Deir de Paor go bhfuil moladh ag dul do Walsh as an obair a rinne sé le foireann peile na Gaillimhe le cúig bliana anuas.

“Bhuail siad Maigh Eo trí huaire, bhain siad cluichí ceannais sraithe i Roinn 2 agus Roinn 1 amach, cluiche leathcheannais na hÉireann. Tá an caighdeán ardaithe aige gan aon dabht.”

Fág freagra ar '‘Bheadh daoine ag caint faoi chúrsaí peile i nGaillimh dá mbeadh Pádraic Joyce ina bhainisteoir’ – Seán Óg de Paor'