B’fhearr leo dá ndéanfadh muid dearmad ar an gcarr agus aistriú go cathair na Gaillimhe plinc pleainc

Caithfidh muid smaointe nua a tharraingt chugainn féin is cosúil agus an timpeallacht á cosaint againn

B’fhearr leo dá ndéanfadh muid dearmad ar an gcarr agus aistriú go cathair na Gaillimhe plinc pleainc

Amharc cumaisc: Twitter/GalwayLatinQtr

Sinne atá inár gcónaí faoin tuath tá seanmóirí leanúnacha á bhfáil againn faoin dualgas atá orainn an timpeallacht a chaomhnú. An dream a bhfuil an dath glas orthu agus atá ar mhuin na muice iad féin a bhíonn ag pápaireacht.

Shílfeá gur lábánaigh dhúra neamhchultúrtha muid nach mba thógáil croí dúinn riamh an ghrian a fheiceáil ag scaladh ar thaobh sléibhe ná na tonnta a ghrinniú ag briseadh ar an trá agus na faoileáin ag eiteall go glórach os a gcionn.

Mheasfá óna gcuid cainte siúd nár chuireamar fáilte riamh roimh an gcuach ag goiriúint agus an duilliúr glas ag fás.

Tá sé ráite linn anseo in Iorras Aithneach ag lucht údaráis go gcaithfidh muid an taisteal i gcarr a laghdú go mór. B’fhearr leo ná sin dá ndéanfadh muid dearmad ar fad ar an gcarr agus aistriú isteach go cathair na Gaillimhe plinc pleainc.

Bhí litir ag bean as ceantar an Chloiginn in iarthar Chonamara ar cheann de na nuachtáin náisiúnta an lá faoi dheireadh faoin imní atá an srianadh seo ar an taisteal sa gcarr a chur uirthi.

Ag obair sa tseirbhís leighis atá sí. Bíonn uirthi a dhul go Gaillimh faoi dhó sa tseachtain. Bheadh sin maith go leor dá mbeadh seirbhís rialta bus as an gceantar ach ar ndóigh níl.

Phléigh mé an litir seo le polaiteoir aitheantúil. Nach bhféadfaí an obair a thabhairt chomh fada léi, a dúirt sé, sin nó carr leictreach a bheith aici?

Tá an-chaint ar na carranna leictreacha seo. Shílfeá gurb iad réiteach na faidhbe ar fad iad. Ach mar a dúirt an tAire Michael Ring an lá faoi dheireadh, caithfear an córas sin a bhunú i dtosach.

Caithfear freisin an leictreachas a ghiniúint. Sin é an áit a bhfuil an buille.

Tá cumhacht mhór sna tonnta agus sa ngaoth siar uaibh, a deir na Glasaigh linn. Tá cinnte ach dá gcuirfí muilte gaoithe ar na Sceirde amárach bheadh cuid de na Glasaigh céanna ag casaoid faoin radharc a bheith á mhilleadh orthu.

Bheadh deacrachtaí timpeallachta freisin leis an leictreachas a thabhairt aniar, trí Iorras Aithneach agus soir trasna na tíre.

Bean a thug léacht dhúinn faoi na cúrsaí seo ag cruinniú de Chomhairle Chontae na Gaillimhe lá amháin d’admhaigh sí go mbeadh sé sárdheacair na deacrachtaí sin a réiteach.

Caithfidh muid smaointe nua a tharraingt chugainn féin is cosúil. I mbáid seoil a thugtaí earraí chun an cheantair seo fadó. Céard faoi dheontas téagrach a thabhairt do lucht na mbád seoil inniu le cuid den tseirbhís chéanna a sholáthar?

Chaithfí Droichead an Daingin a oscailt aríst, ach is fada lucht seoltóireachta á éileamh sin ar aon chaoi. Obair a bheadh inti nach dtógfadh i bhfad.

Is gearr eile a thabharfar cead dúinn fód móna a bhaint. Tá an mhóin faoi their ag na Glasaigh le fada.

B’fhéidir gurbh fhearr dúinn iompú ar ábhar tine déanta as raithneach. Sea, raithneach, níl sé i bhfad ó fuair mé brícíní a rinneadh as raithneach i mBristol Shasana.

Gearradh an raithneach, triomaíodh í agus brúdh chomh dlúth ar a chéile í go raibh sí ina brícín crua daingean sa deireadh.

Tá neart raithní in Iorras Aithneach, gan trácht ar fhiataíl agus ar chíb.

Foilsíodh tuarascáil le gairid inar dúradh gur cheart srian a chur ar mhéadú an daonra ar mhaithe leis an timpeallacht. Dúirt an Prionsa Harry i Sasana go leanfaidh sé féin an teagasc sin.

Ní shin le rá gur teagasc é a fheileann in Iorras Aithneach. ’Sé díol an diabhail é má chaitear riail na Síne a chur i bhfeidhm ar an mbeagán lánúnacha óga atá fágtha sa gceantar seo anois.

I ndeireadh na cúise b’fhéidir gur ar an gcarr san aer is cóir dúinn díriú.

Ceithre bliana ó shin scríobh Máirtín Ó Catháin alt an-spéisiúil i dTuairisc.ie faoi na carranna seo atá in ann eitilt tríd an aer. An uair sin féin bhí samplaí díobh déanta i Meiriceá. Bheidís an-chostasach fós.

Níor mhór duit Coláiste Gaeilge a bheith agat le bheith in acmhainn ceann acu a cheannach.

Ach le himeacht aimsire ísleoidh an praghas. Is fada liom féin go mbeidh mé ag eitilt tríd an aer as Iorras Aithneach go Gaillimh agus mé ag beannú síos uaim do Raidió na Gaeltachta, do TG4 agus d’eagarthóir Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'B’fhearr leo dá ndéanfadh muid dearmad ar an gcarr agus aistriú go cathair na Gaillimhe plinc pleainc'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is uafásach an dream iad na Glasaigh!

  • Luke Callinan

    Fíor dhuit a Dhonncha. An dream a thug isteach NAMA agus na buiséid ab éagothroime ó theas le blianta fada, a bhí ar a ndícheall fo-thoghchán i dTír Chonaill a sheachaint (nó gur chuir an Ard Chúirt iallach orthu é a reáchtáil) agus a chuir méadú as cuimse ar tháillí ollscoile do dhaoine óga. Níl aon chailleadh ar chuimhne léitheoirí Tuairisc.ie.

  • Feardorcha

    Sílim go bhfuil iarrachtaí an scríbhneora a bheith neamhchlaonta tar éis an teachtaireacht aige a fholú beagán anseo. Ba mhaith leis go n-iompóimis go léir ar an raithneach, tuigim sin, ach tá an chuid eile den alt chomh oibiachtúil neamhchlaonta sin nach féidir liom ciall a bhaint as, faraor géar.
    B’fhéidir go bhféadfaí alt eile arís a scríobh faoin olc atá ag na Glasaigh do mhuinitr Iorras Aithneach. Fadhb nach ndéantar dóthain trácht air sna meáin náisiúnta an feiniméan uafásach seo.