Berkeley i ndiaidh na tragóide

Tuairisc ó Bherekley California ag Pól Ó Murchú

Pictiúr ó BHerkeley
Labhair mé inné le Gil Dong, Síneach den cheathrú glúin, nach dtuigeann de Chantainis a mhuintire ach an méid di a léann sé an biachlár i mbialann Shíneach. Is é Príomhoifigeach Dóiteáin Bherkeley é. Agus é ag fás aníos, d’fhéachadh sé ar an tsraith theilifíse, Emergency!, a bhíodh ann sna seachtóidí agus a thug air dul le cúram éigeandála.

Nuair a bhí sé réidh leis an ardscoil, chuaigh sé ag obair ag na seirbhísí dóiteáin. Ar dtús, bhí sé ag obair mar chuid de chóras bainistíochta éigeandála agus blianta beaga ina dhiaidh sin, rinne sé cúrsa le bheith ina chúntóir éigeandála. Tá sé obair ag cabhrú le daoine gortaithe le 34 bliain. Mar chaptaen na seirbhísí dóiteáin, maidin dhorcha Dé Máirt seo caite, fuair sé glaoch ag ceathrú chun a haon teacht láithreach chun lár na cathrach. Isteach is amach le 25 nóiméad tar éis na heachtra, tháinig sé ar an láthair.

Bhí daoine ina seasamh thart ag breathnú ar na coirp agus ar na daoine a tháinig slán, de réir cosúlachta, agus cuid mhór acu ag caoineadh. Faoi cheann sé nóiméad eile, bhí an dream a thit, a bhí beo fós, imithe ar a mbealach go dtí na hospidéil.

Dúirt fear dóiteáin amháin nach bhfaca sé a leithéid de thimpiste riamh sa chúig bliana fichid a d’oibrigh sé san eagraíocht. Faoi láthair tá cuid de na hoibrithe ag glacadh le comhairleoireacht lena suaitheadh a mhaolú tar éis na heachtra uafaire a bheith feicthe acu.

Bhí Ard-Eaglais Naomh Muire lán go doras nach mór ag seirbhís i San Francisco Dé Domhnaigh. Tá buíochas ag dul do bhealach a Seacht, an stáisiún teilifíse sa chathair atá tar éis cloí le scéal na mac léinn Éireannach ón am a tharla an tragóid i mBerkeley go dtí seo.

Tháinig baill eile na meán cumarsáide, ach lucht a Seacht is mó a rinne tuarisceoireacht ar na seirbhísí in ómós na mbuachaillí agus na gcailíní a théarnaigh uainn.

Ní raibh mórán cainte ag na daoine i láthair ar an Aifreann. Bhí an anacair agus an tsíocháin san aer ag an am céanna. Ba phianmhar é éisteacht le focal ar bith ag am chomh brónach. Ach éisteadh. Bhí an chléir ag iarraidh loighic a chur ar ar tharla an oíche úd a d’athraigh go deo gnáthshaol na marthanóirí a thit, a ngaolta abhus anseo agus thar lear, agus a gcairde gaol a chuaigh i bhfóir orthu go dtí gur tháinig foireann an leighis.

Ag deireadh an Aifrinn, labhair an tAire Jimmy Deenihan ón altóir faoi na daoine a fuair bás; a dtuismitheoirí; an tslí inar thóg siad a gclann; na cuimhní cinn a bheadh acusan; na cairde a thaistil ó gach cearn den domhan chun a saol a thabhairt chun cuimhne agus a cheiliúradh; Consul na hÉireann, Philip Grant; agus faoi na daoine sa chúlra, Gil Dong ina measc, a shábháil na hanamacha ar an talamh – lucht cabhrach éigeandála Bherkeley.

I nglór íseal ciachánach, gan a bheith níos glórmhaire ná cogar, chríochnaigh an tAire a óráid. Níor lig an tocht dó tuilleadh a rá ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar 'Berkeley i ndiaidh na tragóide'