Beocht curtha sa Zú Marbh ach is trua nár insíodh an scéal go léir

Léargas suimiúil ar athchóiriú Mhúsaem Stair an Dúlra ach is mór an trua nár tugadh léiriú ar an aistear chuig ceann scríbe 

Beocht curtha sa Zú Marbh ach is trua nár insíodh an scéal go léir

Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra an t-ainm oifigiúil atá ar an músaem atá lonnaithe sa bhfoirgneamh ársa ar Chearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath; ‘The Dead Zoo’ atá baiste ag muintir na hÉireann ar an áit go seanbhlastúil agus le barr ceana. Tá tuairim is 10,000 déantán ar coimeád san áit idir chnámharlaigh, sheitheadóireacht agus nithe eile nach iad. Faoi mar a deir tráchtaire an chláir The Dead Zoo (RTÉ1, Dé Luain) linn níl aon oidhre ar an áit ar shlí ach boscaí bréagán.

Cuireann an foirgneamh Victeoiriach le draíocht na cuairte ach tá an foirgneamh céanna ag cur na nithe atá i dtaisce ann i mbaol óir go bhfuil obair athchóirithe de dhíth, ar an díon ach go háirithe. In 2020 dúnadh an Músaem le go bhféadfaí tabhairt faoin obair sin agus thug an clár seo éachtaint ar an obair athchóirithe chigilteach sin; bhuel cuid de ar aon nós.

Sin an rud a chuir iontas orm, níor taispeánadh an t-aistear ar fad dúinn. De bharr an iliomad clár athchóirithe atá feicthe táimid taithíodh ar chríoch an chláir nuair atá toradh na hoibre ar fad le feiscint agus an tigh/foirgneamh ar a chosa arís. Is ar thosach na hoibre sin a bhí an clár seo dírithe agus dá bharr ní raibh an goile sásaithe faoi cheann scríbe. Lena cheart a thabhairt don chlár áfach ní gnáthchóiriú atá anseo mar níltear ag iarraidh an áit a athrú ó bhonn. Faoi mar a dúirt an Coimeádaí Nigel Monaghan linn ag pointe amháin an sprioc atá acu faoi dheireadh na hoibre ná nach dtabharfadh an pobal an obair faoi deara. Mar sin féin bheadh sé deas na doirse a fheiscint ag oscailt arís agus leathadh súl ghlúin nua a fheiscint.

Clár taitneamhach é seo a bhfuil go leor eolais ann. Címid an fhoireann tiomanta is iad ag prapáil don obair. Na nithe luachmhara, leochaileacha á n-iompar go cáiréiseach, fíorchúramach. Beidh tú ar cipíní ag féachaint orthu. Fan na slí tugtar léargas ar stair an Mhúsaeim agus ar bhunús na ndéantán. Tá cnámharlach eilifinte ann a bronnadh ar an Músaem in 1843 mar aon le fia mór na mbeann. Tugadh le fios dúinn chomh maith go bhfuil an bailiúchán is mó ar domhan de mhacasamhla Blaschka (macasamhla gloine de nithe mara) ar coimeád sa bhfoirgneamh. Bhí guth binn Brendan Gleeson ár dtreorú go fileata i gcaitheamh an ama.

Dírítear cuid mhaith den chlár ar iarrachtaí na foirne ilghnéithí an dá mhíol mór atá crochta ón díon a bhaint anuas go cúramach; gan iadsan nó na nithe luachmhara atá thíos fúthu a bhriseadh.

An tsean-áit sábháilte ach é coimeádta mar a bhí.

Fág freagra ar 'Beocht curtha sa Zú Marbh ach is trua nár insíodh an scéal go léir'

  • Éilís Ní Anluain

    Musaem na nAinmhithe a bhí againne air thiar sna 60í/70í nó ‘sa sacsbhéarla’, The Animal Musaem. Cé chomh fada siar a théann ‘The Dead Zoo’ ?