Beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 22 cás nua deimhnithe

2,260 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,715 duine ó dheas den teorainn agus 545 ó thuaidh di

Beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 22 cás nua deimhnithe

Tá beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus 22 cás nua den ghalar deimhnithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go raibh duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe, ach ní raibh aon chás nua den ghalar le fógairt acu.

2,260 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,715 duine ó dheas den teorainn agus 545 ó thuaidh di.

Duine amháin ó dheas ar tugadh Cov-19 mar shiocair bháis dó roimhe seo deimhníodh nárbh amhlaidh an scéal.

30,240 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,374 cás ó dheas den teorainn agus 4,866 cás ó thuaidh.

Baineadh 16 cás a deimhníodh roimhe seo den taifead ó dheas.

Dúirt Prí0mh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, gur bhain naoi gcinn den 22 cás nua a fógraíodh tráthnóna le daoine faoi 35 bliain d’aois.

Mheabhraigh sé do dhaoine go bhféadfadh aon duine an galar a fháil is cuma cén aois iad nó cén cúlra a bhí acu.

Dúirt sé go raibh baol ann i gcónaí go bhféadfadh an galar tosú ar scaipeadh go tréan arís i measc an phobail. Dúirt sé go raibh dea-bhéasa sraothartaí, an níochán lámha agus an scoitheadh sóisialta chomh tábhachtach anois agus a bhí ag tús na paindéime.

16 othar a bhfuil Covid-19 orthu atá sna haonaid dianchúraim faoi láthair, i gcomparáid le 160 othar, an lá ba mheasa an ráig, an 11 Aibreán.

Rinneadh beagáinín os cionn 19,000 tástáil do Covid-19 le seachtain anuas.

Maidir leis an 25,355 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Déardaoin bhain 170 acu le páistí faoi bhun ceithre bliana d’aois agus bhain 325 cás le páistí idir 5-14 bliain d’aois.

Fuair beirt a bhí idir 15-24 a raibh Covid-19 orthu bás agus fuair cúigear idir 25-34 bliain d’aois bás. Bhí 638 den 1,714 duine a fuair faoi bás faoi oíche Déardaoin na seachtaine seo caite os cionn 85 bliain.

Bhí fadhbanna sláinte eile ag cur as d’os cionn 1,500 de na daoine a bhásaigh ó thús na paindéime.

De réir na bhfigiúirí ó mheán oíche Déardaoin seo caite, níor deimhníodh aon chás nua den ghalar sa Ghaillimh, mar a raibh 485 cás i gcónaí. Baineadh sé chás den ghalar den taifead i gcás Dhún na nGall rud a d’fhág gur 464 cás a bhí ann. Níor deimhníodh aon chás nua ach oiread i gCorcaigh (1,535) i gcontae na Mí (806), i Maigh Eo (571) ná i bPort Láirge (155).

Do dara lá as chéile fógraíodh go raibh cás nua deimhnithe i gCiarraí, mar a raibh 310 galar roimhe sin. Ba é an lá inné an chéad lá le beagnach mí gur fógraíodh go rabhthas tagtha ar chás nua den ghalar i gCiarraí.

 

Fág freagra ar 'Beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 22 cás nua deimhnithe'