Beirt deartháireacha as an gCeathrú Rua in Acadamh Chonnacht don chéad séasúr eile

Tá Eoin de Buitléar tugtha isteach in Acadamh Chonnacht don séasúr 2020/2021 agus bliain eile ann faighte ag a dheartháir Colm chomh maith

Beirt deartháireacha as an gCeathrú Rua in Acadamh Chonnacht don chéad séasúr eile

Beidh beirt deartháireacha ó Ghaeltacht Chonamara mar chuid d’Acadamh Chonnacht don chéad séasúr eile.

Tá sé fógartha ag Connacht go bhfuil Eoin de Buitléar, arb as an gCeathrú Rua dó, ar dhuine de naonúr imreoirí óga atá le teacht isteach sa chéad bhliain in acadamh rugbaí an chúige don séasúr 2020/21.

Bhí de Buitléar, a imríonn sa líne thosaigh, mar chaptaen ar fhoireann Scoil Chuimsitheach Chiaráin a bhuaigh Craobh Chonnacht in 2019 agus bhí sé ar fhoireann faoi-18 Chonnacht a bhuaigh an chraobh idirchúige dhá bhliain ó shin.

Tá ceathrar eile ó fhoireann sin faoi-18 Chonnacht le teacht isteach san acadamh an séasúr seo chugainn chomh maith ach beidh aithne níos fearr fós ag de Buitléar ar imreoir eile san acadamh agus bliain eile faighte ag a dheartháir, Colm, ansin.

Ba é Colm an chéad imreoir ó chumann rugbaí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua a bhain áit amach in acadamh Chonnacht nuair a chuaigh sé isteach ann cúpla bliain ó shin agus chuaigh sé ó neart go neart ó shin.

Bhain de Buitléar, a imríonn mar lánchúlaí nó ar na cliatháin, áit amach ar fhoireann shinsir Chonnacht an séasúr seo caite ach bhain drochghortú dá theannán Aichill ag tús an tséasúir seo, rud a d’fhág nach raibh sé in ann dul chun páirce.

Tá de Buitléar tagtha chuige féin ó shin agus beidh deis aige coinneáil leis an dul chun cinn agus é ag tabhairt aghaidh ar an tríú bliain san acadamh in 2020/21.

Fág freagra ar 'Beirt deartháireacha as an gCeathrú Rua in Acadamh Chonnacht don chéad séasúr eile'