Beirt as gach cúigear a chreideann go mbíonn buntáiste ag an gcainteoir Gaeilge agus post á lorg

Ó thuaidh den teorainn thug beagnach leath de dhaoine le fios gur chreid siad nach buntáiste é labhairt na Gaeilge a bheith agat ó taobh na fostaíochta

Beirt as gach cúigear a chreideann go mbíonn buntáiste ag an gcainteoir Gaeilge agus post á lorg

Beagnach beirt as gach cúigear, nó 39%, de dhaoine sa deisceart a chreideann go mbíonn buntáiste breise ag an té a bhfuil labhairt na Gaeilge aige agus post á lorg.

De réir pobalbhreith nua, 33% de dhaoine a bhí den tuairim nach mbíonn aon bhuntáiste ag an gcainteoir Gaeilge ó thaobh  deiseanna fostaíochta.

De réir na pobalbhreithe a rinne Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge, ní raibh aon tuairim ag 14% de dhaoine maidir le buntáiste a bheith ag baint le labhairt na Gaeilge ó thaobh na fostaíochta de.

Mar a chéile a bhí líon na ndaoine, 39%, a chreid go mbíonn buntáiste breise ag an té a bhfuil labhairt na Gaeilge aige agus post á lorg nuair a cuireadh an cheist chéanna i bpobalbhreith a rinneadh in 2021.

Ach bhí laghdú suntasach i gceist ó 2018, nuair a dúirt 47% gur buntáiste í an Ghaeilge don té atá ag cuardach fostaíochta.

Ó thuaidh den teorainn thug 35% de dhaoine le fios gur chreid siad gur buntáiste é labhairt na Gaeilge a bheith agat ó taobh na fostaíochta. Níor aontaigh 46% ó thuaidh leis an áiteamh sin agus ní raibh aon tuairim ag 19% faoin scéal.

Dúirt Síomha Ní Ruairc, Bainisteoir Óige le Conradh na Gaeilge:

“Osclaíonn an Ghaeilge doirse sa saol oibre, ní hamháin in earnáil na Gaeilge, ach in earnáil an Bhéarla chomh maith, agus ní hamháin in Éirinn, ach ar fud an domhain mhóir. T

“Tá an tuiscint seo anois ag 39% den daonra ó dheas agus ag 35% den daonra ó thuaidh, agus mar sin féin tá dúshlán romhainn le cuir ina luí ar an bpobal, go háirithe i measc daoine óga, go bhfuil deiseanna iontacha ar fáil leis an teanga agus gur mó na buntaistí a thugann an Ghaeilge dóibh.”

Dúirt Síomha Ní Ruairc gur díol suntais torthaí na pobalbhreithe tráth a bhfuil sprioc leagtha síos ag an Rialtas ó dheas gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh na seirbhíse poiblí faoi 2030.

“Tá seo níos tábhachtaí anois ná riamh, leis an oiread deiseanna fostaíocht ag teacht chun cinn trí chéile leis an Ghaeilge – idir fás ollmhór TG4 agus Cúla4, go dtí na spriocanna fostaíochta nua de 20% de cheapacháin úra sa státseirbhís a bhuí leis an reachtaíocht úr ó dheas.”

Ghéill Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne, an samhradh seo go bhfuil obair mhór le déanamh go fóill chun ranna rialtais agus comhlachtaí poiblí a chur ar an eolas maidir leis na dualgais a bheidh orthu Gaeilgeoirí a earcú amach anseo.

Dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne go bhfuil “a lán daoine” sa státchóras agus sa tseirbhís phoiblí fós dall ar an tionchar a bheidh ag an reachtaíocht teanga ar chúrsaí earcaíochta agus go gcaithfear a chur ina luí orthu go bhfuil spriocanna daingnithe maidir le fostú Gaeilgeoirí.

De réir taighde a rinneadh do Roinn na Gaeltachta anuraidh, ní smaoineodh ach 22% de dhaoine óga glacadh le post le Gaeilge sa tseirbhís phoiblí nó post dá leithéid a mholadh do dhuine eile.

Léirigh an taighde nach mór an mealladh a bhaineann le post le Gaeilge d’fhormhór daoine óga.

De na daoine óga a ghlac páirt sa taighde agus a raibh cumas sa Ghaeilge acu, ní dúirt ach 27% gur rud mealltach a bheadh i bpost le Gaeilge.

De réir an taighde a rinne an comhlacht Behaviours and Attitudes, easpa muiníne ina gcuid Gaeilge an chúis is mó a mbíonn drogall ar dhaoine óga fiú smaoineamh ar phost ina mbeadh Gaeilge á húsáid. Na daoine a cheap gur rud mealltach a bheadh i bpost le Gaeilge ba í an deis an teanga a chur chun cinn is mó a mheall iad.

An sprioc atá leagtha síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 ná gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030.

Tá amhras caite ag dreamanna éagsúla ar sprioc earcaíochta an Rialtais.

Deir iar-aire Gaeltachta go bhfuil sé “soiléir” nach mbainfear amach an sprioc earcaíochta faoin mbliain 2030. Dúirt an Teachta Éamon Ó Cuív nach bhfuil dóthain cúrsaí tríú leibhéal á gcur ar fáil trí Ghaeilge chun na folúntais a bheidh ann a líonadh ach deir an tAire Stáit Byrne go bhfuil obair le déanamh chun na fostóirí a chur ar an eolas chomh maith.

Fág freagra ar 'Beirt as gach cúigear a chreideann go mbíonn buntáiste ag an gcainteoir Gaeilge agus post á lorg'