Beidh trí cinn de na Cúigí buacach

Cuireann Cúige Laighean, atá breá sásta lena n-iarrrachtaí sa gcéad dá chluiche sa gcomórtas sinsearach, cuireann siad chun páirce san RDS ar an Aoine seo. Cé go bhfuil fir Átha Cliath ar bharr an tábla i Roinn a 3 de Chorn na gCuradh, níl siad ach sa 6ú háit ar thábla an Pro 12 faoi […]

Matt O'Connor, bainisteoir Chúige Laighean  ©INPHO/Ryan Byrne
Matt O’Connor, bainisteoir Chúige Laighean ©INPHO/Ryan Byrne

Cuireann Cúige Laighean, atá breá sásta lena n-iarrrachtaí sa gcéad dá chluiche sa gcomórtas sinsearach, cuireann siad chun páirce san RDS ar an Aoine seo. Cé go bhfuil fir Átha Cliath ar bharr an tábla i Roinn a 3 de Chorn na gCuradh, níl siad ach sa 6ú háit ar thábla an Pro 12 faoi láthair.

Is fiú a lua freisin nach bhfuil fáil ag curaidh an Pro 12 ar a gcuid imreoirí atá ar an bpainéal idirnáisiúnta, iad siúd ar fad atá ag réiteach do na “Cluichí Fómhair” a bheas linn faoi cheann seachtaine.

Cé gurb ionann an cás ag beagnach chuile fhoireann sa gcomórtas, de bhrí go bhfuil an oiread imreoirí do chuid Chúige Laighean ar phainéal Joe Schmit, fágann sin brú ar leith orthu an Aoine seo. Níl leath an oiread imreoirí de chuid an fhreasúra, Dún Éideann, ar phainéal idirnáisiúnta, rud a thugann buntáiste beag dóibh ar a gcuairt chuig an RDS.

Mar sin féin, fiú má chuireann Matt O’Connor an dara nó an tríú rogha de chuid Chúige Laighean chun páirce, ba cheart go mbeadh dóthain sa mála acu chun an ceann is fearr a fháil ar fhoireann atá sa 8ú háit ar an tábla.

Más tada é, ba cheart go mbeadh imreoirí Laighean ag iarraidh deis a thapú chun iad féin a chur i láthair i gcluiche sinsearach agus iad ar a míle dícheall cúpla úd a aimsiú, gné den imirt a raibh deacrachtaí acu leis le cúpla cluiche anuas.

Dé hAoine freisin a bheas Cúige Connacht, foireann atá sa 5ú háit sa bPro 12, ag cur chun páirce, ach tá sé de mhí-ádh orthu go bhfuil siad as baile arís an deireadh seachtaine seo.

D’éirigh go dona leo in Exeter i gCorn an Dúshláin cúpla lá ó shin agus le cur leis na deacrachtaí atá acu cheana féin, níl fáil acu ar Henshaw, Marmion, Leader, White ná ar Ah You don turas go Swansea le tabhairt faoin bhfoireann atá ar bharr tábla an Pro 12.

Is deacair bua nó pointe bónais cailliúna a fheiceáil d’fhir an Iarthair i mbabhta 7.

As baile i gCaerdydd na Breataine Bige atá Cúige Mumhan ar an Satharn seo.

Seo foireann eile a mbeidh cúpla imreoir ar iarraidh uathu de bharr dualgais idirnáisiúnta agus gortuithe.

Ina ainneoin sin, tá bearna ollmhór idir an dá fhoireann seo ar chlár an tábla; an Mhumhain sa 4ú háit agus Caerdydd sa 10ú áit, rud a thabharfas spreagadh do na Muimhnigh agus iad lán le muinín tar éis dhá bhua a aimsiú i gCorn na gCuradh.

Fós féin, tá mé cinnte go mbeidh siad sásta pointe amháin féin a thabhairt abhaile leo.

Níor cheart go mbeadh baol ar bith ar na hUltaigh (3ú háit ar an tábla) ceithre nó cúig phointe a aimsiú agus iad sa mbaile i gcoinne Newport (9ú háit) Dé Sathairn.

Ach ní doigh gur mór an sásamh a bhainfidh siad as de bharr gur chaill siad an chéad dá chluiche sa gcomórtas Eorpach.

Mar sin féin, seans gur imirt sa bPro 12 an t-aon chomórtas a mbeidh seans acu air an séasúr seo mar gur chaill siad faoi dhó sa gcomórtas sinsearach.

Fágann sin go bhféadfadh trí bhua a bheith ann sa Pro 12 an deireadh seachtaine seo, ach seans nach mbeidh Connachta ina measc siúd.

 

 

 

 

 

 

 

Fág freagra ar 'Beidh trí cinn de na Cúigí buacach'