Beidh sibhse flat-out ag cóisireacha nuair a bheidh an vacsaín agaibh..

Bhí balúin agus sraoilleáin pháipéir crochta taobh amuigh de chlinic an dochtúra áitiúil

Beidh sibhse flat-out ag cóisireacha nuair a bheidh an vacsaín agaibh..

‘Ach cén fáth go bhfuil sibhse ag fáil an vacsaín, is níl muide ag fáil aon vacsaín?’ a d’fhiafraigh an Bheainín díom. Bhí muid sa gcarr nuair a thug muid faoi deara go raibh balúin agus sraoilleáin pháipéir crochta taobh amuigh de chlinic an dochtúra áitiúil.

‘Breathnaigh,’ a deir an Babaí, ‘tá na daoine sin uilig ag dul isteach ag party.’

Bhí cuma na cóisire ar an tsráid go deimhin agus balúin ildaite crochta ar na doirse agus ar na sconsaí mórthimpeall air. Shíl mé go raibh mé imithe thar an staid sin i mo shaol go meallfadh glaicín balún mé, ach is cosúil nach bhfuil.

Mhoilligh mé an carr agus an ceathrar againn ag stánadh amach ar na balúin is ar thionól na vacsaíne agus í ag caolú i dtreo an dorais agus gach duine in ardghiúmar.

Mheabhraigh sé radharcanna ceiliúrtha dom nach raibh feicthe agam ó bhuaigh Gaillimh Corn Mhic Cárthaigh go deireadh. Níl mé a rá go raibh siad ag léim suas agus síos le teann áthais, ná ag rith suas agus anuas an bóthar le teann ríméid, ach bhí éadroime iontu nach raibh le feiceáil le fada ar na sráideanna.

‘Tá siad ag dul isteach ag iarraidh an vacsaín, déarfainn,’ a mhínigh mé.

‘Cén fáth go bhfuil balúin acu, mar sin?’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag. ‘An bhfuil tú cinnte dearfa nach cóisir atá ann, Mamaí?’  agus dúil sa gcóisir aici mar a bheadh dúil sa deoch uisce ag an té a thiocfadh ar loch uisce i lár an fhásaigh.

Bhreathnaigh mé anonn arís. ‘Tá mé sách cinnte de,’ a dúirt mé, ‘is ag iarraidh an vacsaín atá siad.’

‘Cén uair a gheobhaidh muide an vacsaín?’ a d’fhiafraigh sí ansin díom.

Níl hé gur frith-vacsaín atá mé, ach ag an am céanna níl aon deifir orm leis an vacsaín do na gasúir go dtí go mbeidh sí tástáilte go maith. Tuigim go bhfuil an tástáil sin ag dul ar aghaidh in áiteanna agus faoin am go dtiocfaidh sé chomh fada leis na daoine óga gur cheart go mbeadh muid cinnte go maith go mbeidh sí sábháilte.

Tiocfaidh sí nuair a thiocfaidh sí, ach níl aon mhaith ansin agus mé ag iarraidh a mhíniú cén fáth go bhfuil na daoine fásta á fáil ar dtús.

‘Níl muide in ann a ghabháil in aon áit,’ a deir An Bheainín agus tocht ina glór. ‘Is beidh sibhse flat-out ag cóisireacha anois nuair a bheidh an vacsaín faighte agaibh.’

Níl a fhios agam an raibh an Babaí ag éisteacht leis an gcomhrá ar chor ar bith ach é fós faoi gheasa ag breathnú amach trí fhuinneog an chairr siar ar na balúin. ‘Meas tú an bhfuil milseáin acu?’ a d’fhiafraigh sé.

‘Tarraing isteach an carr Mamaí,’ a d’impigh an Cailín Mór Beag nuair a chuala sí trácht ar na milseáin.

‘Níl aon spás páirceála ann,’ a dúirt mé, ‘agus ar aon chaoi, níl muid ag dul isteach ag cuartú milseán díreach mar gheall go bhfuil cúpla balún crochta suas acu!’

‘Tá spás maith thall ansin, Mamaí,’ a deir sí.

‘B’fhéidir go mbeadh queen cakes acu,’ a deir an Babaí go brionglóideach.

Fág freagra ar 'Beidh sibhse flat-out ag cóisireacha nuair a bheidh an vacsaín agaibh..'

  • Njcrlm

    Tá súil agam, am éigin sa blianta atá romhainn, go ndíolfaidh na h-iriseoirí as a mbolscaireacht mharfach. Bolscaireacht a dhéanfaidh go ngortófar agus go marófar daoine ná raibh in aon bhaol ón “víreas” ach go bhfuil fíor-bhaol orthu ósna “vacsaíní” seo, nach fíor-vascainí in aon chorr iad. An dtuigeann daoine gurb í seo an chéad uair riamh a usáideadh na “vacsaíní” mRNA agus adenovirus ar dhaoine? An bfhfuil a fhios nach bhfuil na tástálacha oifigiúla críochnaithe roimh ar a laghad 2023 ? Táim dóthanach desna h-éithigh go léir. Níl puinn le léamh a thuilleadh ar láithreacha don tsort seo le bliain anuas gur féidir aon mhuinín a bheitgh agat astu.

  • Colin Ryan

    An-deas.