Beagnach €300,000 bronnta ar thograí áineasa amuigh faoin aer sa nGaeltacht

Tá airgead le caitheamh ar 10 dtogra Gaeltachta agus dáileadh an t-airgead is mó, suas le €40,000, ar thograí i nGaeltacht Dhún na nGall, Chorcaí agus Mhaigh Eo

Beagnach €300,000 bronnta ar thograí áineasa amuigh faoin aer sa nGaeltacht

Tagann an infheistíocht is déanaí seo faoin Scéim Infreastruchtúr Áineasa Allamuigh (SIÁA), a chuidíonn chun áiseanna áineasa nó caitheamh aimsire dála cosáin siúil, bealaí rothaíochta, áiseanna uiscebhunaithe, comharthaíocht agus bealaí chun na sléibhte a fheabhsú.

Tá €296,000 le caitheamh ar 10 dtogra Gaeltachta faoin scéim agus dáileadh an t-airgead is mó, suas le €40,000, ar thograí i nGaeltacht Dhún na nGall, Chorcaí agus Mhaigh Eo.

€93,226 san iomlán a dáileadh ar cheithre thogra i nGaeltacht Chiarraí, €35,280 chun níos mó áiteanna páirceála a chur ar fáil ag Cé an Chuain i gCorca Dhuibhne, €34,159 chun cosáin a fheabhsú ar Shlí Chorca Dhuibhne, €22,185 do Shiúlóid Chom na hEorna agus €1,602 chun binsí a athrú ar Camino Chiarraí.

Dáileadh €96,200 san iomlán do thograí i nGaeltacht Dhún na nGall. €40,000 chun abhainn an Chlocháin Léith agus siúlóid lúb an tsléibhe a fheabhsú, €40,000 chun Siúlóid Abhainn an Chaitinn a fheabhsú agus €16,200 d’aip agus ábhair margaíochta chun aird an phobail a tharraingt ar Bhealach Gorm Árainn Mhór – Ailt an Chorráin.

€40,000 a dáileadh ar thograí i nGaeltacht Mhaigh Eo agus i nGaeltacht Chorcaí. Beidh seomraí feistis á gcur ar fáil ag dhá thrá in Acaill agus dhéanfar forbairt ar chosán siúil úrnua ó Dhrom an Ailigh go Céim Chorrbhauile, i gCorcaigh.

Cuireadh €27,000 ar fáil do Lúibín Chnoc an Choillín i gCarna, i nGaeltacht na Gaillimhe, le cur leis an gcosán siúil sa cheantar.

€8.7 milliún san iomlán atá fógartha ag an Aire Calleary faoin scéim, i gcomhair 221 tionscadal i ngach contae sa tír.

Agus an maoiniú fógartha aige, dúirt an tAire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary, go bhfuil “infheistíocht in áiseanna áineasa thar a bheith tábhachtach dúinn go léir ó thaobh na sláinte coirp agus meabhrach de.”

“Mar Aire atá freagrach as an réimse seo, táim tiomanta do leanúint ar aghaidh ag forbairt agus ag fás ár n-áiseanna áineasa,” a dúirt sé.

“Déanaim comhghairdeas leis na hiarratasóirí rathúla a fógraíodh inniu agus táim ag tnúth le fógairt na dtionscadal níos mó faoi bhearta 2 agus 3 den Scéim Infreastruchtúr Áineasa Allamuigh 2024/25 sna míonna amach romhainn,” a dúradh

Tá an maoiniú a fógraíodh inniu bainteach le Beart 1 agus Beart Forbartha Tionscadail na Scéime. Déanfar tuilleadh fógraí maidir le Beart 2 agus 3 den scéim níos deireanaí i mbliana.

Tá sonraí an 221 togra a fógraíodh inniu ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'Beagnach €300,000 bronnta ar thograí áineasa amuigh faoin aer sa nGaeltacht'