Cén páirtí polaitíochta, dar leat, a bhféadfar na nithe seo a leanas a rá fúthu? Go raibh eagar maith orthu, gur crann taca a bhí iontu don dream a bhí ar bheagán maoine, gur mhian leo go mbeadh an stát i bhfad níos gníomhaí i gcúrsaí eacnamaíochta, go gceadóidís cúnamh flaithiúil leasa shóisialaigh, go mbídís seasta síoraí ag caint ar athaontú na tíre.
Sinn Féin a thiocfadh i do cheann ar an gcéad amharc. Bheifeá mícheart. Breithiúnas é a thug Diarmaid Ferriter ar Fhianna Fáil sna tríochaidí ina leabhar Between Two Hells.
Cuntas atá sa leabhar ar an gCogadh Cathartha agus ar an toradh a bhí air.
Ach oiread le Sinn Féin cuireadh i leith Fhianna Fáil sula dtáinig siad i gcumhacht gur lucht gunnaí a bhí iontu, agus fiú amháin Cumannaigh. Ar bhealach amháin ba mhó a mbaint le lucht gunnaí ná baint Shinn Féin leo. Cuimhnigh nach ndearna na hóglaigh as ar eascair Fianna Fáil díchoimisiúnú ar na gunnaí nuair a ghéill siad i 1923.
Bheadh sé deacair a áitiú nach fear gunna a bhí i Frank Aiken. Ba é a bhí ina Cheann Foirne ar an IRA nuair a chríochnaigh an Cogadh Cathartha. Féach mar sin féin go ndearnadh Aire Cosanta de nuair a tháinig Fianna Fáil i gcumhacht.
Is beag an baol go luafadh Micheál Martin é sin nuair a bhíonn sé ag iarraidh a thabhairt le tuiscint nach páirtí ceart daonlathach iad Sinn Féin. “We do not believe that Sinn Féin operates the same democratic standards held by every other party in this House,” a dúirt sé sa Dáil.
Creidtear anois go bhfuil an Cogadh Cathartha thart sa deireadh. Tá Fianna Fáil agus Fine Gael in aon bhád amháin. Theastódh micreascóp uait le haon difríocht atá eatarthu a thabhairt faoi deara.
Maidir le Sinn Féin tá siad ag treabhadh leo as éadan. Tá stangadh bainte aige sin as na Tráchtairí Móra. Chuir siadsan feachtas láidir leanúnach ar bun ag iarraidh Sinn Féin a shrianadh ach níor éirigh leo.
Ba iad an Irish Independent a bhí i dtús cadhnaíochta sa bhfeachtas. Ba bheag lá nach bhfoilsídís alt nó dhó ag cáineadh Shinn Féin. Ba bhreá leo i gcónaí Sinn Féin a cheangal le drochghníomhartha a tharla sna Sé Chontae. Mura mbeadh ach gráinneog maraithe ar an mbóthar ba teannach leo a rá go raibh baint eicínt ag Sinn Féin leis.
Tá an port sin athraithe anois acu. Is léir go bhfeictear dóibh go mbeidh Sinn Féin i gceannas ar an gcéad rialtas eile. Tuairimíocht faoin gcineál rialtais a thiocfas dá bharr a bhíonn i gcuid mhór den ábhar a fhoilsíonn siad anois.
Tá rud amháin cinnte go leor déarfainn agus is é sin go mbeidh cosúlacht mhór ag rialtas Shinn Féin leis an gcineál rialtais a bhunaigh Fianna Fáil nuair a bhris siadsan tríd an bpaidreoireacht faoi na fir ghunna. Beagán ar clé a chuaigh siad. Beagán ar clé a rachas Sinn Féin freisin.
Ná bíodh aon duine ag súil le rialtas sóisialach uathu. Bheadh sé rídheacair acu é a chur ar fáil. Bheidís teanntaithe ag an marbhfháisc atá ag maorlathas na Bruiséile ar an tír agus ag an gcaoi a bhfuil muid ag brath ar na hollchomhlachtaí idirnáisiúnta.
Ní hé sin le rá nach bhfuil an pobal ag iarraidh go dtarlódh athrú. Dúirt 38% de na daoine a ceistíodh i bpobalbhreith gur mhaith leo go dtiocfadh ‘athrú radacach’. Dúirt 47% gur athrú meánach a bheadh uathu. Ní raibh ach 11% a dúirt go mbeidís amhrasach faoi athrú.
Seán Mac Bhriain
“marbhfháisc atá ag maorlathas na Bruiséile” … caint ba thrúig le Brexit. Airí Rialtais na hÉireann agus Feisirí Eorpacha na hÉireann a ritheann na dlíthe Eorpacha. Ó phá comhionann sna seachtóidí go dtí infheistíocht i mótarbhealaí, gan trácht ar mhargadh do tháirgí na hÉireann, is iomaí sin buntáiste don tír seo atá san Aontas Eorpach. Ba chóra do thráchtairí sampla cinnte den “mhaorlathas” seo a lua go bhfeicfí an bhfuil bunús leis, agus a inseacht don phobal cén chaoi ar vótáil Airí Rialtais na hÉireann agus na Feisirí Eorpacha ar an gceist agus cén míniú a tugadh ar an vóta.
Seosamh Ó Cuaig
“Airí Rialtais na hÉireann agus Feisirí Eorpacha na hÉireann a ritheann na dlíthe Eorpacha” a deir tú, a Sheáin. An bhfuil tú cinnte faoi sin?