Is cosúil gur beag athrú atá i ndán don soláthar nuachta teilifíse a chuireann RTÉ ar fáil do TG4 agus gur i bhfad ón sprioc a leag TG4 amach rompu féin “smacht eagarthóireachta” a fháil ar an tseirbhís nuachta a bheidh an socrú atá le déanamh le RTÉ.
Bhí cruinniú ag Bainisteoir Nuachta agus Cúrsaí Reatha RTÉ, Deirdre McCarthy, le foireann Nuacht RTÉ/TG4 i gceannáras na seirbhíse nuachta sin i mBaile na hAbhann inné. Tugadh le fios ag an gcruinniú nach mbeidh mórán athruithe i gceist don fhoireann atá fostaithe ann ag RTÉ faoi láthair agus go mbeidh dhá fheasachán nuachta – ceann ar RTÉ agus ceann ar TG4 – á gcraoladh ón stiúideo i mBaile na hAbhann mar atá le fada an lá.
Faoi láthair, is é RTÉ a dhéanann na cláir Nuacht TG4 agus 7Lá mar chuid den soláthar reachtúil 365 uair an chloig in aghaidh na blian a chuireann RTÉ ar fáil don stáisiún Gaeilge.
Pléadh ag an gcruinniú, freisin, a bhfuil i ndán don chlár cúrsaí reatha 7Lá. Dúradh le Tuairisc gur tugadh le fios ag an gcruinniú go bhfuil TG4 ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar an gclár seachtainiúil a bhíodh á dhéanamh ag an stáisiún Gaeilge féin go dtí 2008. Dúirt duine a bhí ag an gcruinniú le Tuairisc go raibh an chosúlacht ar an scéal go raibh “gach rud ar an mbord” agus go bhféadfadh sé go mbeadh RTÉ sásta scaoileadh le 7Lá ach an “socrú ceart” a aimsiú le lucht bainistíochta TG4.
“Níl aon rud deimhnithe faoi 7Lá, tá sé sa phlé, tá sé ar fad ar an mbord. Tá RTÉ ag iarraidh socrú a fháil air seo ar fad, agus bíonn casadh nua ann gach uair a bhíonn cruinniú ann. Tá TG4 ag iarraidh níos mó seilbhe ar an nuacht, agus tá gach rud ar an mbord faoi láthair. Moladh amháin ná go mbeadh 7Lá ag teacht faoi chúram TG4, ach níl aon rud socraithe fós,” a dúradh.
Beidh beirt fhostaithe eile á n-earcú don seomra nuachta ag RTÉ roimh mhí Mheán Fómhair seo chugainn, ach seachas sin agus caint “theibí” faoi “acmhainní breise” ní mór na hathruithe a luadh ag an gcruinniú, a dúradh.
Dúirt duine eile a bhí i láthair gur caitheadh “go leor ama” ag plé cúrsaí brandála agus, mar shampla, cén branda a bheadh ar mhicreafóin na n-iriseoirí – TG4 nó RTÉ.
Dúirt foinse eile le Tuairisc nach mbeidh “aon rud ag athrú” seachas go mbeidh “cúpla scéal á gcoinneáil” don fheasachán a bhíonn ar TG4 níos deireanaí sa tráthnóna – ach dúirt an duine sin gur mar sin a bhíonn cúrsaí go minic mar atá.
“Tá siad ag iarraidh go gcoinneoidh muid scéalta faoi leith do Nuacht TG4, scéalta cosúil leis an scéal mór faoin bhfeamainn. Bheadh níos mó spéise ag daoine sna ceantair Ghaeltachta i scéal mar sin, ach tá sé sin ann cheana féin.
“Tá 16 nóiméad níos faide ar Nuacht TG4 mar atá, sin 16 nóiméad d’ábhar breise nach mbíonn ar RTÉ ag TG4. Ní fheicim cén t-athrú atá ann,” a dúradh le Tuairisc.
Dúradh nár tugadh mórán eolais do na fostaithe faoin socrú a bheidh ann idir RTÉ agus TG4, ach gur “próiseas trí chéim” a bheidh ann.
Níl aon chomhaontú sínithe ná curtha i scríbhinn fiú idir an dá stáisiún teilifíse go fóill agus níor tugadh amlíne don fhoireann faoi cén uair atáthar ag súil le socrú daingean.
Ba léir, áfach, dóibh siúd a bhí i láthair ag an gcruinniú, gur comhoibriú teoranta seachas aistriú cumhachta eagarthóireachta go dtí TG4 a bheidh i gceist.
Tá ochtar iriseoirí agus beirt eagarthóirí le fostú ag seirbhís úr nuachta a bheidh á cur ar fáil ar líne ag TG4. Tá sé ráite ag ardstiúrthóir an stáisiúin, Deirdre Ní Choistín, go bhfuil sí ag súil go mbeidh an tseirbhís sin ann roimh an gceiliúradh mór 30 bliain a dhéanfar ar TG4 Oíche Shamhna na bliana seo.
Beidh an fhoireann nua sin faoi stiúir Dháithí de Mórdha a ceapadh ina Cheannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha in TG4 an mhí seo caite. Is cosúil nach mbeidh mórán plé ag na hiriseoirí teilifíse le de Mórdha, áfach.
Beidh plé áirithe ag lucht na seirbhíse nuachta nua ar líne le príomheagarthóir agus clár-eagarthóirí Nuacht RTÉ/TG4 nuair atá sceideal na nuachta á réiteach, ach ní bheidh teacht, mar shampla, ag foireann nua TG4 ar an ábhar iriseoireachta ar chóras inmheánach nuachta RTÉ.
Ba é an plean a bhí ag iar-ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, ná go mbeadh TG4 féin i gceannas ar an tseirbhís nuachta, na cláir chraolta nuachta, atá ag an stáisiún.
Tá an cheist sin ina cnámh spairne idir RTÉ agus TG4 le cúpla bliain anuas ó tosaíodh an chaint ar ‘neamhspleáchas eagarthóireachta’ a bheith ag TG4 ar chláracha nuachta an stáisiúin, moladh ar ghlac an rialtas deireanach leis.
Is cosúil anois nach bhfíorófar fís TG4 sa ghearrthéarma agus gur ag RTÉ a bheidh an smacht i gcónaí ar chinntí eagarthóireachta don tseirbhís teilifíse agus gur ar líne amháin a bheidh seirbhís nuachta neamhspleách ag TG4.
Dúirt Deirdre Ní Choistín ag deireadh na bliana seo caite go raibh sí ag súil go mbeadh TG4 mar “an chéad phointe nuachta ag pobal na Gaeilge” feasta. Dúirt sí go mbeadh béim ag an tseirbhís ar líne, a mbeidh buiséad níos mó ná €2 milliún aici, ar scéalta nuachta atá “éagsúil” ó sholáthar RTÉ a chur ar fáil.
Bheadh béim ag an tseirbhís nua ar scéalta úra “a bhriseadh” agus dúirt Ní Choistín gurb í Spórt TG4 an branda is láidre atá ag an stáisiún seachas ‘TG4’ féin agus go rabhthas ag iarraidh go mbeadh branda Nuacht TG4 sa dara háit.
Faoi láthair, tugtar Nuacht TG4 ar an gclár teilifíse nuachta a chruthaíonn RTÉ do TG4. Ní léir go fóill cé na hainmneacha a thabharfar ar an gclár teilifíse agus ar an tseirbhís neamhspleách ar líne.
Tuigtear do Tuairisc go bhfuil ceist na brandála fós faoi chaibidil sna cainteanna idir an dá stáisiún agus go raibh go leor plé faoin ábhar sin ag cruinniú an lae inné. Tá socrú fós le déanamh faoi chartlann RTÉ agus faoin bhfáil a bheadh ag foireann nua nuachta ar líne TG4 uirthi.
Fág freagra ar 'Beag athrú i ndán do sholáthar nuachta teilifíse ar TG4 i ndiaidh cainteanna le RTÉ'