Nárbh iontach an mhíorúilt gur mhair Gaeltacht chomh fada agus a mhair sna bailte sin timpeall ar chathair na Gaillimhe. Cuimhnigh ar Bhearna, ar Mhionlach agus ar Mhaigh Cuilinn.
Tá Gaeilgeoirí ó dhúchas sna bólaí sin i gcónaí ach is iad cuid an bheagáin anois iad faraor.
Is iomaí comhrá breá a bhí agam leis an gcomhairleoir contae as Bearna Tomás Ó Curraoin. Cuimhním go minic freisin ar Sheán Creavan as Mionlach a bhíodh in éineacht liom ar Bhord Údarás na Gaeltachta.
Bás truamhéalach é bás na Gaeilge i gceantar Gaeltachta ar bith. Is maith a thuigim sin agus mé ag éisteacht leis an gceantar seo a bhfuil mé i mo chónaí ann ag iompú ina Ghalltacht de réir a chéile.
An iompóidh an Ghaeltacht ar fad ina Galltacht sa deireadh a fiafraíodh de chara liom uair? Nuair a d’iompaigh an chuid eile den tír ina Galltacht, ar seisean, an bhfuil cúis ar bith faoin domhan ann nach dtarlódh an rud céanna den méid den Ghaeltacht atá fágtha?
Scríbhneoir a thug cuntas grinn ar an athrú teanga seo is ea Pádraic Breathnach. D’inis sé mar a théaltaigh an Ghaeilge as a cheantar dúchais Maigh Cuilinn ina leabhar Maigh Cuilinn: A Táisc agus a Tuairisc.
Deirtear go minic gur sna ceantair iargúlta amháin a mhair an Ghaeilge ach ní fhéadfaí a rá go raibh na bailte seo atá i gceist agam iargúlta. Bhíodh an bóthar as Maigh Cuilinn go dtí an Ghealchathair lán le carranna capaill chuile sheachtain, go mór mór Dé Sathairn.
Béarla a bhí ag athair Phádraic Bhreathnaigh agus Béarla is mó a bhí ina óige ag an scríbhneoir eile as Maigh Cuilinn Tomás Bairéad.
Fiú amháin na daoine a raibh Gaeilge acu an uair sin ní labhraíodh siad í ach go hannamh. Ní raibh aon mheas acu uirthi.
Na scéalaithe agus na seanchaithe féin tháinig meirg ar a gcuid Gaeilge. Bhí Béarla acu agus Béarla ab fhearr leo a labhairt.
Céard a choinníonn teanga atá á tréigean níos faide in áit amháin seachas áit eile, a fhiafraíonn Pádraic Breathnach? Tá sé lánchinnte de rud amháin agus is é sin nach raibh baint rómhór ag mórtas cine leis.
Dúirt go leor daoine gurbh é an t-iarnród as Gaillimh don Chlochán a chriog an Ghaeilge i gConamara Thuaidh. Ní ghéilleann Pádraic don teoiric sin beag ná mór.
Ní raibh an t-iarnród ann ach dhá scór bliain, ó 1895 go 1935, a deir sé. Bhí drochbhail ar an nGaeilge i dtuaisceart Chonamara sular tháinig traein ar bith an bealach.
Maidir leis na hiarrachtaí a rinneadh leis an nGaeilge a choinneáil beo i Maigh Cuilinn tháinig dóchas nua dá mbarr. Cuireadh deontas dhá phunt sa mbliain ar fáil do ghasúr sa nGaeltacht a mbeadh Gaeilge aige nó aici. Rinne an scéim seo maolú réasúnta mór ar thréigean na Gaeilge ach mar is léir dúinn anois ní raibh ann ach biseach an bháis.
Is spéisiúil an chaoi a ndeachaigh deontas an dá phunt i bhfeidhm ar thuismitheoirí Phádraic Bhreathnaigh. Mar a dúirt mé cheana, ní raibh Gaeilge ag a athair ná fonn dá laghad air í a fhoghlaim.
Bhí breac-Ghaeilge ag a mháthair. Shocraigh an bheirt acu go labhródh sise an oiread Gaeilge leis na gasúir is a chomhlíonfadh rialacha an deontais.
Fós féin níor mheas an mháthair gur teanga cheart a bhí sa nGaeilge.
Níor chuidiú ar bith an Eaglais Chaitliceach do shlánú na Gaeilge i Maigh Cuilinn. Scéal spéisiúil é sin ann féin.
Athbheochantóirí an lae inniu ar mhaith leo tuiscint a fháil ar mheon fírinneach mhuintir na Gaeltachta ba mhaith an beart dóibh cuntas seo Phádraic Bhreathnaigh a léamh.
Seán
Comhairle Chondae na Gaillimhe a chuir an tairne i gcontraí go leor agus is cúis cuid mhaith le slad a dhéanamh ar an nGaeltacht: eastáit títhíochta líonta le Béarlóirí lonnaithe i gceantair Ghaeltachta, tithe Gaeltachta ceannaithe ag stráinséirí ón taobh amuigh gan focal Gaeilge acu agus gan pioc spéise acu inti ACH níl cead ag an dúchasach scioból a thógáil ar a thalamh féin. B’fhiú don údar fiosrú ina chéad chomhrá eile leis an dream a luann sé thuas céard a rinne aon Chomhairle Chondae chun an díothú ar cheantair Gaeltachta a stopadh. Ag súil go mór leis an alt!
A Mhorgacht an Rí Seosamh Mac Ionnrachtaigh
Síad scríbhneoirí ar nós Seosamh O Cuaig is ar mo nós féin a choinníonn an Ghaeilge beo beathach pé ar domhan áit a théann muid. Lean an Ghaeilge mise riamh. Is féidir liom a dheimhniú go raibh Gaeilgeoirí báúil don teanga sna haitenna atá luaite le mo linne héin. Bhí cur amach mór ar Ghaeilge Mhionlaigh agus ar chainteoirí Ghaeilge na gceantar siud i dtús mo shaoil i réimse na Gaeilge s bhuíochas sin le Leabhar Uí Laighléis agus leithéidí Máire Nic a’ Bhaird as Mionlach cois Coiribe na ngiolcach trí mhíle ó thuaidh o Chathair dhátheangach na Gaillimhe. O thaobh Ghaeilge Bhearna de, bhí seanagharda amháin riamh dílis don teanga mar scríbhneoir Ghaeilge i ndiaidh dó dul ar scor agus is iomaí scéal breá a bhí aige ar stair is seanchas na hEireann trí Ghaeilge amhail an cailín bán is tuilleadh nach iad. I dtaobh Gaeilge Mhaigh Chuilinn, thug cara liom na linne sin as Iorras Aithneach go sochraid i Maigh Chuilinn mé oíche tá scór blianta ó shin agus rinne mé comhbhrón ansin le teaghlaigh an té s fuair bás i nGaeilge bhinn mo chontae héin atá i ndeireadh a ré le fada an lá anuas ach atá fós ag straicsilt le beocht na Gaeilge o la go la anseo is ansiúd. Tá an t-aon óg in easnamh i roinnt áiteanna, is fíor ach tá glúin eile Gaeilgeoirí ag teacht aníos is ag fás aníos in Inis Cluana Ramhfhada agus breis nathanna cainte acu : agus tá bealaí nua dá gcuid féin chun an teanga a scaipeadh cibé cén áit s dteann síad mar shliocht. Tá Gaeilge Mhionlaigh. Gaeilge Bhearna agus Gaeilge Mhaigh Chuilinn fós slán agus tá na ceantair siúd fós níos treise ná baile beaga eile thíos faoin dtír sna bólaí iarghulta de bharr an tseandream a mhaireann in aice láimhe. Tá Fior-Gaeltacht an Chnoic Bhig san áit a bhfuil mise slán go ceann roinnt bheag blianta eile má mhairim beo ach maireann a hoidhreacht is a haisling i bhfad is i ngearr a bhuí sin leis an aos óig atá ag maireachtail sna bruachbhailte nua i gcein le leathchéad bliain anuas. Tá scéal is labhairt na Gaeilge ag bogadh is ag siorghluaiseacht go haitesnna eile o iarthar na nDeise amach. Is fíor go bhfuil lomscrios déanta ar gach glúin de ghaeilgeoirí de dheasca an pobal s bheith i mbris de shior i gcaitheamh s shaoil. Sin nósmhaireacht na nGael is na Normannach o cheantar go ceantar.. Níl an buille ann don teanga go fóillín beag eile. Cloistear an cluing o aimsir Chill Chais anall. Fútsa atá sé cur le scéal laethúil na SeanaGharilge síoraí seasta. Tá an teanga i ndeireadh a re lá eile. Slán beo mar a n-insteaa é seal eile.
jpmorley0@gmail.com
Tagaim le Seán sa méid sin thuas. An rud a chuir na Comhairlí Contae rompu; eastáit tithíochta a phlabadh isteach i gceantair Ghaeltachta gan beann dá laghad ar choinníoll teanga ná dada eile.
Agus féach a mbíonn de chur is de chúiteamh acu i dtaobh ceantair atá faoi chosaint speisialta ó thaobh na timpeallachta de i gcónaird leis an bhfaillí sin. Tuige nár sheas na comhairleoirí tofa ó na ceantair Ghaeltachta in airde ar a gcosa deiridh agus troid go fíochmhar i gcoinne an impiriúlachais teanga sin? Iad ag caoineadh go bhfuil an sop séidte anois? Agus na comhairleoirí céanna sin t’réis muintir na háite a chur chun fáin? Cá raibh siad an uair úd nuair a bhí na ceadanna pleanála á dtabhairt amach? Gan aon choinníol teanga faoin spéir luaite leo?
aisling
Nílim i mo chónaí sa Ghaeltacht ach aontaím le Séan. Cheapfá go bhfuil an rialtais ag iarraidh fáil réidh leis an ngaeilge.
Rud amháin nach dtuigfidh mé go deo.Cén fáth a n-aistríonn daoine ón nGaeltacht go dtí Béarla nuair a bhíonn ‘strainséir’ i láthair? Misplaced curtesy, seafóid nó náire? Caithfidh sibh stopadh leis an amaideacht seo.
Ceist eile: Cén fáth nach bhfuil ranganna saor in aisce ar fáil do fhoglaimeoiri? Is brea liom Gaeilge a labhairt ach ní fhaighim deiseanna é sin a dhéanamh.
Bríd
JP Morley agus Seán,
Tá sé buailte ar an gcloigeann agaibh. An dream tofa a bhí ceapaithe seasamh ar son mhuintir na Gaeltachta, b’fhearr dóibh i bhfad gnímh seachas briathra ar RNAG. Ní mórán d’oidhreacht a bheas ina ndiaidh!