Baol báistí agus toirní ar fud na tíre

Aimsir smúitiúil agus corrmhúr atá geallta sna laethanta amach romhainn

Baol báistí agus toirní ar fud na tíre

Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Mura mian leat a bheith fliuch, tá sé in am agat an cóta báistí agus na buataisí sin a chuartú mar tá an triomach ag teacht chun deiridh agus an bháisteach ag déanamh an bhealaigh aniar chugainn arís.

Múrtha troma toirní nó tamaill níos faide báistí atá á dtuar ag Met Éireann dúinn tráthnóna inniu agus fainic curtha orainn go bhféadfadh fuarlaigh a bheith ar bhóithre thall agus abhus, go háirithe i lár tíre, as seo go maidin amárach.

Chuir an toirneach as don soláthar aibhléise i gCiarraí aréir agus ba mhaith an chomhairle an tóirse a bheith faoi réir agat.

Beidh tréimhsí gréine idir na múrtha agus an teocht idir 16 agus 21 céim Celsius. Leoithne bhog a bheidh i gcuid mhór den tír ach beidh ropadh gaoithe le cósta i gcúige Mumhan agus i gConnachta níos déanaí anocht. Beidh sé meirbh smúitiúil.

Múraíl throm thoirní a bheidh againn arís anocht i gcuid mhaith áiteanna agus baol tuilte ann.

Glanfaidh an bháisteach ón iarthar roimh mhaidin agus lá geal tirim atá á thuar don lá amárach, tréimhsí gréine agus corrmhúr san iarthar. Idir 16 agus 21 céim a bheidh an teocht agus leoithne mheasartha aniar.

Fág freagra ar 'Baol báistí agus toirní ar fud na tíre'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    “Báisteach ó Dhia chugainn is gan é a bheith fliuch is cuid an lae amárach go ndéanfaidh sé anocht í.” – nath cainte ag Alagar na hAoine inniu ar an mBuailtín, Corca Dhuibhne, a bhuíochas le Mícheál Toos Mac Gearailt a d’fhág ina dhiaidh é agus é ag caitheamh chúpla lá in Inis Meáin !