Bainimis súp go fóill beag as na hiontais a ghabh aniar ón mBronx chugainn

In ainneoin ghaiscí Nua-Eabhrac, an Chláir agus Ros Comáin,  níl boladh na fola le braistint luath sa chraobh níos mó agus is boichte sinn a dá bharr

Bainimis súp go fóill beag as na hiontais a ghabh aniar ón mBronx chugainn

Níl craobh na bliana 2023 ach ina bunóic agus is mó ceisteanna ná freagraí atá againn ag an bpointe seo

N’fhéadfainn a mhaíomh gur chuaigh sé i ngan fhios dom ach fós féin, ní dóigh liom go rabhas riamh chomh támáilte fé thús na craoibhe caide is a bhíos an deireadh seachtaine seo caite.

Ní raibh an chaid a bhí á himirt ag scata foirne i gcaitheamh na sraithe ag tabhairt aon lón anama dom agus taibhsíodh dom chomh maith go raibh mórán cluichí le n-imirt i dtosach na gcraobhacha cúige ná beadh aon bhrí leo ná ní rabhthas ag súil go mbeadh aon ghearradh iontu ach an oiread.

Ainneoin na n-iontaisí (agus tabhair iontaisí orthu) a ghaibh aniar ón mBronx chughainn, aduaidh ó Inis nó ó Chaisleán an Bharraigh, nílim chun mo phort ar thábhacht na gcraobhacha cúige nó a mhalairt a athrú go fóill, ná baol air.

Creidim fós ná fágann an leagan amach nua ar an gcraobh trí chéile ach gur babhtaí tiargála iad na craobhacha cúige i mbliana. Nochtfar mianach anois is arís, bainfear toirtíní earraigh amach, leagfaidh íochtarán uachtarán fobhabhta ach, dála na bhfeachtas uile go dtí seo ní thosnóidh an chraobh i gceart nó go mbeidh na cluichí ceannais cúige imeartha. Ina dhiaidh sin féin i mbliana, beidh orainn ceithre chluiche is fiche a imirt chun ceithre fhoireann a dhíbirt as an gcraobh. Níl boladh na fola le braistint luath sa chraobh níos mó agus is boichte sinne agus an chraobh dá bharr.

Pictiúr: INPHO/Emily Harney

Ná tógadh san aon ní ó ghaisce Nua-Eabhrac, an Chláir agus Ros Comáin, áfach.

Bhíos i bPáirc na nGael Nua-Eabhrac ar an 6ú Bealtaine 2018 ach a scaradh Liatroim agus Nua-Eabhrac tar éis am breise agus cheapas an uair úd ná beadh ann ach ceist ama nó go mbeadh a lá bán ag Cumann Lúthchleas Gael Nua-Eabhrac. Tháinig an lá agus an oíche ag dul i ndéanaí Dé Sathairn seo caite agus más iad na ciceanna éirice féin a dhealaigh na foirne óna chéile an uair seo, ba chruaidh an croí ná bogfadh dóibh agus an bua fachta don gcéad uair i gCraobh Chonnacht ag foireann na n-imirceach. Le leithéidí Alan Campbell agus Bill Maher Thiobraid Árann, Eoghan Kerin, Adrian Varley agus Johnny Glynn na Gaillimhe, Rob Wharton agus Gavin O’Brien Chiarraí agus Shane Carthy, fear a bhí ar imeall an aonaigh nuair a bhí Áth Cliath dochloíte sa ghleo, b’fhuraist aithint go mbeidís iomaíoch.

Ba dheas go raibh imreoirí dúchasacha, déithe an tinteáin ar nós Shane agus Mikey Brosnan agus Tiernan Mathers páirteach sa bhua chomh maith. Is é scéal agus dán na caide i Nua-Eabhrac le leathchéad bliain ná go mbíodh an t-imreoir a rugadh agus a tógadh thall caite ar leataoibh nuair a tháinig uair an taispeántais. Ní raibh de rogha ag foirne Nua-Eabhrac le blianta beaga anuas ach dul i muinín na n-imreoirí seo a múnlaíodh i gcumainn ar nós St Barnaba’s, Rockland, Shannon Gaels agus Shannon Rangers. Níl aoinne níos fearr a thuigeann an obair a deintear ar son na cúise ins na cumainn seo ná Uachtarán reatha CLG, Larry McCarthy agus ba dheas, leis, go raibh sé siúd i láthair d’ócáid stairiúil an tSathairn.

Má ritheann le Nua-Eabhrac in aghaidh Shligigh seachtain ó Dé Sathairn seo chughainn agus má shroicheann siad cluiche ceannais Chonnacht, beidh ceann de scéalta spóirt ár linne againn, scéal b’fhéidir a chuirfeadh brí agus anam sna craobhacha cúige arís.

Bhí brí agus anam i gcraobh na Mumhan nuair a bhris Martin Daly croíthe Chorcaí le báide sna soicindí déanacha sé bliana is fiche ó shin. Ba bheag a cheap an uair úd go gcaithfeadh contae an Chláir fanacht chomh fada sin lena gcéad bhua eile ar Chorcaigh sa chraobh ach nuair is fánach agus annamh an fear maith fachta ag na Cláraigh ar Chorcaigh, is deacair an múnla sin a bhriseadh.

Le fírinne, tá tamall ó bhí aon bhearna gurbh fhiú trácht uirthi idir Corcaigh agus an Clár. Seachas a mbua ocht bpointe in Inis i dtús na míosa seo caite, léireoidh na torthaí sraithe eatarthu le blianta beaga anuas ná raibh mágáine idir an dá fhoireann.

Nuair ba léir go raibh Brian Hurley gortaithe agus ar lár, bhí an luíochán i ndán. Iontas mór ab ea é gur ligeadh don luíochán tarlúint, áfach, agus beidh Corcaigh anois ag breith chuchu féin as seo go ceann coicíse ag faire ar leithéidí chontae na Mí i gCúige Laighean agus an Chabháin i gcraobh Uladh féachaint cá mbeidh a dtriall féin isteach sa tsamhradh. Ní maith liom a gcás.

Is maith agus is mithid don gClár, áfach, agus beidh ana-fhonn orthu toradh na bliana seo caite in aghaidh pheileadóirí Luimnigh, ach a gcailleadar ar chiceanna éirice, a chúiteamh leo féin i bPáirc na nGael Luimnigh laistigh de choicíos.

Beidh níos mó ná feitheamh coicíse ag Maigh Eo. Beidh sé seachtaine nó mar sin ag curadh na sraithe chun cogaint lae agus oíche a dhéanamh ar a dtaispeántas i gCaisleán an Bharraigh Dé Domhnaigh. Leis an gcóras nua craoibhe, is beag atá caillte acu i ndáiríre agus, cé nach gcreidim gurb é a bhí uathu, is deacair a dhéanamh amach ag an bpointe seo an chun a leasa nó a mhalairt a gcluiche in aghaidh Ros Comáin a chailliúint. Níl craobh na bliana 2023 ach ina bunóic agus is mó ceisteanna ná freagraí atá againn ag an bpointe seo.

Fág freagra ar 'Bainimis súp go fóill beag as na hiontais a ghabh aniar ón mBronx chugainn'