Bainfear an mhaith as séasúr na Mí má chailleann siad tráthnóna

Tabharfaidh peileadóirí na Mí agus an Chláir aghaidh ar a chéile sna babhtaí cáilithe sa pheil agus imreofar na réamhbhabhtaí ceathrú ceannais san iomáint tráthnóna chomh maith

Bainfear an mhaith as séasúr na Mí má chailleann siad tráthnóna

Barry Dardis. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

An Mhí v An Clár
Páirc Uí Mhórdha, 2.00pm (Beo ar RTÉ)

Seans go raibh an dá fhoireann seo sásta go maith nuair a tarraingíodh in aghaidh a chéile iad do Bhabhta 4 na gcluichí cáilithe.

I gcás chontae an Chláir, d’éirigh leo Gaillimh agus Corcaigh a sheachaint agus ina áit sin beidh aghaidh á tabhairt acu ar fhoireann atá fós ag teacht chucu féin i ndiaidh do Bhaile Átha Cliath greadadh a thabhairt dóibh i gcluiche ceannais Laighean.

Déarfá leat féin go mb’fhearr le contae na Mí an Clár a imirt seachas Tír Eoghain nó Maigh Eo, go háirithe nuair atá an ceann is fearr faighte acu ar na Cláirínigh trí huaire sa tsraith le trí bliana anuas. Tháinig an bua is déanaí acu sin ar Lá Fhéile Pádraig nuair a bhuaigh fir na Mí in Inis, 1-12 in aghaidh 1-7.

Droch-chríoch cheart leis an gcraobh a bheadh ann don Mhí má theipeann orthu tráthnóna. Bhí an-fheachtas sraithe acu agus ardú céime go dtí Roinn 1 bainte amach acu, ach bhainfeadh sé cuid den mhaith as gaisce an earraigh má chailleann siad tráthnóna.

Bheifeá ag súil le taispeántas i bhfad níos fearr inniu ó fhoireann Andy McEntee nár scóráil ach 0-4 i bPáirc an Chrócaigh an mhí seo caite nuair a bhuail Baile Átha Cliath le sé phointe dhéag iad.

Tháinig an Clár slán ó chluiche crua i gcoinne na hIarmhí chun Babhta 4 a bhaint amach agus tabharfaidh sé sin misneach dóibh. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil ceannas éigin ar fhir na Mí orthu áfach agus seans go n-éireoidh le buachaillí McEntee babhtaí ceathrú ceannais na hÉireann a bhaint amach tráthnóna den chéad uair le naoi mbliana.

Rogha Tuairisc.ie: An Mhí

 

John O’Rourke. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

An Iarmhí v Corcaigh
Páirc Uí Chíosóg, 3.00pm

Casfaidh Corcaigh agus an Iarmhí ar a chéile sa chraobh shinsir iomána den chéad uair tráthnóna agus an dá fhoireann sa tóir ar áit i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann.

Is maith a thuigeann foireann na hIarmhí gur ag snámh in aghaidh easa a bheidh siad sa chluiche seo, go háirithe tar éis dóibh cluiche ceannais Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha i gcoinne Laoise a chailliúint le aon phointe dhéag an deireadh seachtaine seo caite.

Tá roinnt imreoirí láidre ag an Iarmhí, go háirithe an leath-thosach Killian Doyle ach is mór an chailliúint gan Niall O’Brien a bheith ag imirt dóibh i mbliana.

D’fhéadfadh John Meyler scíth a thabhairt do roinnt de phríomhimreoirí Chorcaí tráthnóna dá mba mhian leis, ach ní bheidh an bainisteoir ag iarraidh go mbeadh aon easpa cleachtaidh ar a fhoireann agus cluiche i gcoinne Chill Chainnigh rompu an tseachtain seo chugainn, má bhuann siad inniu.

Rogha Tuairisc.ie: Corcaigh

Ciaran Kilkenny. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Laois v Áth Cliath
Páirc Uí Mhórdha, 4.15pm

Ba cheart go mbeadh coimhlint níos géire sa chluiche seo, cé gurb iad Áth Cliath rogha láidir na coitiantachta. Beidh an dá fhoireann lán le muinín tar éis dóibh taispeántais mhaithe a thabhairt le roinnt seachtainí anuas.

Bhí Laois ar fheabhas i gcomórtas Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha. Bhuaigh foireann Eddie Brennan ceithre chluiche as cúig cinn, cluiche ceannais an deireadh seachtaine seo caite san áireamh. Bhí Aaron Dunphy ar fheabhas ar fad dóibh lár páirce agus d’aimsigh Mark Kavanagh 0-13, ceithre chúilín ón imirt san áireamh.

Beidh gaoth fós i seolta Átha Cliath tar éis dóibh bua iontach a bheith acu i gcoinne na Gaillimhe cúpla seachtain ó shin. Bhí foireann Mattie Kenny ar fheabhas an oíche sin i bPáirc Parnell agus beidh súil aige go spreagfaidh sé sin iad an chuid eile den chraobh.

Gortaíodh Eoghan O’Donnell sa chluiche sin agus cé go bhfuil seans ann go bhféadfadh an lánchúlaí imirt tráthnóna, b’fhéidir gurbh fhearr d’Áth Cliath seachtain eile a thabhairt dó le teacht chuige féin i gceart mar beidh cluiche crua i gcoinne Thiobraid Árann rompu má éiríonn leo i gcoinne Laoise, rud is dóichí ná a mhalairt.

Rogha Tuairisc.ie: Áth Cliath

Fág freagra ar 'Bainfear an mhaith as séasúr na Mí má chailleann siad tráthnóna'