Baill foirne RnaG ag iarraidh a míshástacht faoi shocrú pá a phlé hArd-Stiúrthóir RTÉ

Tá tuairim láidir ann i measc fhoireann Raidió na Gaeltachta go rachaidh an socrú nua pá chun leas oibrithe nua ach nach ‘comhionannas pá’ atá i gceist d’oibrithe reatha

Baill foirne RnaG ag iarraidh a míshástacht faoi shocrú pá a phlé hArd-Stiúrthóir RTÉ

Tá toscaireacht ó fhoireann Raidió na Gaeltachta ag iarraidh bualadh le hArd-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst le linn a cuairte i gConamara inniu chun a míshástacht a léiriú faoin socrú nua pá do chlár-reachtairí an stáisiúin.

D’fhógair RTÉ an tseachtain seo caite go raibh deireadh leis an neamhréir idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ ach tuigtear nach bhfuil cuid d’fhoireann an raidió sásta leis an socrú nua.

Tuigtear chomh maith go bhfuil fearg ar bhaill foirne i Raidió na Gaeltachta le ceardchumann an NUJ, a d’fhógair gur bua suntasach a bhí sa socrú nua, rud nach gcreideann cuid dá mbaill.

Faoin socrú stairiúil beidh clár-reachtairí i RnaG ar an scála pá céanna feasta le léiritheoirí raidió in RTÉ. Idir €50,000-67,000 a fhaigheann an clár-reachtaire i Raidió na Gaeltachta faoi láthair i gcomparáid leis an scála €53,000-83,000 a bhíonn ag an léiritheoir raidió in RTÉ.

Tosóidh gach clár-reachtaire nua a fhostófar i RnaG feasta ar an scála nua agus de réir an scála nua a íocfar na hincrimintí a bheidh á bhfáil ag daoine atá fostaithe mar chlár-reachtairí cheana.

Ní dhéanfar an t-ardú pá a shiardhátú.

Tuigtear do Tuairisc nach bhfuil éileamh á dhéanamh ar shiardhátú an phá ach go raibh díomá ar chraoltóirí a bhí ag barr an seanscála pá le blianta fada nach mbainfidh siad barr an scála nua amach roimh dhul ar scor.

Tuigtear go bhfuil tuairim láidir i measc fhoireann Raidió na Gaeltachta go rachaidh an socrú nua chun leasa oibrithe nua de chuid Raidió na Gaeltachta ach nach ‘comhionannas pá’ atá i gceist d’oibrithe reatha.

Faoin socrú nua, cuirfear reachtairí rúnaíochta Raidió na Gaeltachta ar an scála pá céanna is atá ag a macasamhail i RTÉ.

Dhá scála a bhíonn ann do reachtairí rúnaíochta, €31,000 – €41,000 agus €28,000 – €36,000. Faoin socrú nua beidh an dá grád sin á gcur in oiriúint don scála pá ag comhordaitheoir craolacháin in RTÉ, €33,000 – €50,000.

Bhí ceist an phá ina cnámh spairne le fada ag lucht ceardchumainn sa stáisiún Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Baill foirne RnaG ag iarraidh a míshástacht faoi shocrú pá a phlé hArd-Stiúrthóir RTÉ'